Níl an crú ar an tairne go fóill ach ábhar dóchais ag teastáil go géar ó Dhún na nGall

Cé nach bhfuil tada socraithe i Roinn 1 go dtí seo, deireadh seachtaine tábhachtach é seo chun léargas a fháil ar cá mbeidh na foirne nuair a thiocfaidh na babhtaí cinniúnacha

Níl an crú ar an tairne go fóill ach ábhar dóchais ag teastáil go géar ó Dhún na nGall

Níl an crú tagtha ar an tairne sa tsraith peile go fóill ach beidh cluichí an deireadh seachtaine seo tábhachtach ó thaobh muinín a thabhairt d’fhoirne agus iad ag tabhairt faoi na babhtaí cinniúnacha an mhí seo chugainn.

I Roinn 1 an deireadh seachtaine seo caite, léirigh Gaillimh nach dteastaíonn ach toradh maith amháin chun cruth níos fearr a chur ar chúrsaí. D’fhág an bua a bhí ag foireann Phádraic Joyce ar Thír Eoghain go ndeachaigh siad ón seachtú háit sa roinn go dtí an tríú háit.

Ní bheidh an Seoigeach ag bualadh bos go fóill, áfach, agus fios aige go bhféadfadh na Gaillimhigh a bheith ar ais gar do bhun an tábla má chailleann siad amárach. Tá Ros Comáin ar bharr na sraithe, trí chluiche as trí cinn buaite acu, ach níl ach dhá phointe idir Maigh Eo sa dara háit agus Dún na nGall san ochtú háit, rud a fhágann nach bhfuil aon duine slán go fóill.

Beidh seaimpíní na hÉireann i mbaol má chailleann siad arís tráthnóna. Tá sé ríshoiléir go bhfuil níos mó oibre déanta ag na foirne eile ó thús an tséasúir ná mar atá ag Ciarraí ach goillfidh an taispeántas in aghaidh Mhaigh Eo Dé Sathairn seo caite ar Jack O’Connor. Beidh sé ag súil le freagra dearfach i dTrá Lí tráthnóna ach foireann eile iad Ard Mhacha a bhfuil an-fhuinneamh iontu. Beidh O’Connor dóchasach go léireofar cumas na Ríochta i dtreo dheireadh na sraithe agus d’fhéadfadh siad fanacht slán le sé phointe. Ba mhór a chuideodh bua anocht chuige sin.

Tá Maigh Eo ag dul chun páirce anocht freisin agus Tír Eoghain i gCaisleán an Bharraigh. Beidh Kevin McStay an-sásta leis an tús a bhí aige mar bhainisteoir na foirne agus beidh an greadadh a thug siad do churaidh na hÉireann ag cur lucht tacaíochta an chontae ag smaoineamh arís go m’fhéidir gurb í seo an bhliain a ndéanfaidh siad an beart.

Is fada an bóthar atá rompu roimhe sin agus beidh Tír Eoghain ag iarraidh deireadh tobann a chur lena gcuid brionglóidí. Beidh ar fhoireann Brian Dooher agus Fheargal Logan a bheith cuid mhaith níos fearr ná mar a bhíodar in aghaidh na Gaillimhe Dé Domhnaigh seo caite. Bhí an ghaoth i seolta Thír Eoghain sa dara leath i dTuaim agus iad ar tí teacht aniar a dhéanamh ach scaoil siad le Gaillimh sa chuid dheireanach den chluiche sin.

Tharlódh gurb í an choimhlint idir na Gaillimhigh agus Dún na nGall maidin amárach an ceann is tábhachtaí i Roinn 1 an deireadh seachtaine seo. Beidh muinín ag Gaillimh tar éis dóibh Tír Eoghain a chloí agus is mór a thógfaidh leithéidí Matthew Tierney agus Cathal Sweeney óna dtaispeántais féin. Dea-scéal a bhí ann freisin gur fhill Patrick Kelly agus Robert Finnerty ar pháirc na himeartha tar éis dóibh a bheith gortaithe.

Mar a dúras, níl tada cinnte i Roinn 1 go fóill ach buille mór a bheidh ann do Dhún na nGall má chailleann siad arís inniu. Chuir Paddy Carr an-tús lena thréimhse mar bhainisteoir nuair a bhuail Dún na nGall Ciarraí ach tá siad tar éis cúpla toradh tubaisteach a bheith acu ó shin agus bhíodar stánáilte ceart ag Tír Eoghain agus Muineachán. Is mór an chailliúint é Paddy McBrearty agus nuair a chuirtear an raic atá ann maidir le foirne faoi aois an chontae – Karl Lacey agus dhá scór traenálaí eile san acadamh éirithe as a bpost – tá ábhar dóchais ag teastáil go géar.

Níl aon easpa dóchais ná muiníne ag cur as do pheileadóirí ná lucht tacaíochta Ros Comáin i láthair na huaire. Bhí an chuma ar an scéal go raibh Ros Comáin i dtrioblóid in aghaidh Ard Mhacha an deireadh seachtaine seo caite, iad chun deiridh ag leath ama in ainneoin go raibh cóir na gaoithe acu sa chéad 35 nóiméad, ach ba í foireann Davy Burke ba láidre sa dara leath agus an tríú bua as a chéile mar bhrabach acu.

Má sháraíonn siad Muineachán inniu, beidh an-seans acu cluiche ceannais na sraithe a bhaint amach ach beidh na hUltaigh ag súil le taispeántas maith eile tar éis dóibh Dún na nGall a bhualadh go cumasach seachtain ó shin.

Cluichí ar an teilifís

Dé Sathairn, 25 Feabhra

Sraith Peile Allianz Roinn 1

Ciarraí v Ard Mhacha – Páirc Aibhistín de Staic, 5.00in (Beo ar RTÉ)
Maigh Eo v Tír Eoghain – Páirc Mhic Éil, 7.00in (Beo ar TG4)
Dé Domhnaigh, 26 Feabhra

Sraith Peile Allianz Roinn 1

Dún na nGall v Gaillimh – Páirc Uí Dhomhnaill, 12.30in (Beo ar TG4)
Muineachán v Ros Comáin – Cluain Eois, 2.30in (Beo ar Sheinnteoir TG4)

Sraith Peile Allianz Roinn 2

Cill Dara v Doire – An Droichead Nua, 2.00in (Beo ar BBC iPlayer)

Fág freagra ar 'Níl an crú ar an tairne go fóill ach ábhar dóchais ag teastáil go géar ó Dhún na nGall'