‘Níl an cath caillte ag tuismitheoirí misniúla na Gaeltachta, ach tá tacaíocht uainn’

Iarradh ar bhaill Choiste Oireachtais na Gaeilge tráthnóna rún a rith go mbunófaí tascfhórsa a thabharfadh aghaidh ar na dúshláin atá roimh thuismitheoirí Gaeltachta atá ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge

‘Níl an cath caillte ag tuismitheoirí misniúla na Gaeltachta, ach tá tacaíocht uainn’

Sorcha Ní Chéilleachair

Iarradh ar bhaill de Thithe an Oireachtais tráthnóna tascfhórsa a bhunú chun dul i ngleic leis an ngéarchéim teanga i measc theaghlaigh na Gaeltachta.

An eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta a mhol ag cruinniú i dTeach Laighean tráthnóna go rithfí rún i dtaobh bhunú an tascfhórsa nua.

I ráiteas láidir a rinne Sorcha Ní Chéilleachair, ceannasaí na heagraíochta, ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, dúirt sí gurb é an chéad dúshlán a bhí le sárú ná go ngéillfí go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht.

“Ar an gcéad deacracht nó dúshlán atá againn sa Ghaeltacht– níl an deacracht féin á haithint nó á haithint go cruinn. Géarchéim, tá uamhan agus eagla roimh an bhfocal…

“Tá sé deacair plean ceart tarrthála, caomhnaithe, athbheochana nó feabhsaithe a chur i bhfeidhm muna n-aithnítear an méid sin.”

Dúirt Ní Chéilleachair nach maith le haon duine a bheith ag caint faoin ngéarchéim teanga “agus muna dtaitníonn sí linne – bhuel tá col ag an rialtas léi”.

Ach ba dheacair a shéanadh go bhfuil a leithéid ann bunaithe ar an bhfianaise, a dúirt sí.

Thagair Ní Chéilleachair do thuarascáil a foilsíodh níos luaithe i mbliana inar maíodh nach raibh ach 23% de theaghlaigh sa Ghaeltacht ag tógáil a gclainne le Gaeilge agus gur 16% de dhaoine faoi bhun 18 sa Ghaeltacht a labhraíonn an teanga gach lá lasmuigh den chóras oideachais.

“Ach cad eile atá anseo ach géarchéim? Géarchéim an 23% agus má tá ceantair áirithe chomh híseal is go bhfuil siad ag cur rudaí as a riocht, bhuel níl an scéal mórán níos fearr tar éis roinnt tochailte. Agus munar géarchéim é an 16% ní lá fós é.”

Chaith ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta amhras ar áiteamh airí na Gaeltachta gur sna ceantair laga Ghaeltachta amháin atá an ghéarchéim teanga.

“Tá na hAirí ag géilleadh anois go bhfuil géarchéim sna ceantracha is laige – focal nach maith liom é lag – ach i bhfianaise na bhfigiúirí seo – cad is lag ann? Nó má éirímid níos laige – cá mbeimid?

“Ní maith le héinne againn an chaint seo agus ní mór dúinn a bheith dóchasach mar sin féin, cé go bhfuil sé ag éirí níos deacra é seo a dhéanamh. Tá na teaghlaigh ann, is mór an méid é sin féin agus níl an cath caillte go fóill.

Dúirt Sorcha Ní Chéilleachair gur léir gur saoránaigh “den dara grád” tuismitheoirí agus aon duine eile a mbíonn seirbhísí i nGaeilge á lorg acu ón stát.

Dúirt sí go gcaitear go “náireach” le tuismitheoirí atá ag tógáil a gclainne le Gaeilge.

Is iad na tuismitheoirí sin “slánú na Gaeltachta,” arsa Ní Chéilleachair.

“Tá dúshláin nó deacrachtaí ag baint le clann a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht agus beidh an méid sin á phlé inniu, ach tá sé le rá chomh maith gur pléisiúr, ábhar mórtais, ardú croí agus meanma agus cúis bhróid é do chlann a thógáil le Gaeilge agus nár cheart dearmad a dhéanamh air sin.

“Tá meas agus ómós tuillte ag na teaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge agus tá gach aon tacaíocht atá ar fáil dlite dóibh. Siad slánú na Gaeltachta iad agus bun agus barr na pleanála teanga.”

Dúirt ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta gur chóir tascfhórsa a chur ar bun faoi chathaoirleacht neamhspleách “a dhéanfadh iniúchadh ar an bhfreastal atá á dhéanamh ar theaghlaigh agus a leagfadh amach plean gnímh do na blianta atá le teacht”.

“Tá sé in am féachaint ar mholtaí éagsúla mar chuid den tascfhórsa seo, moltaí an Staidéir ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Ghaeltachta agus moltaí an Staidéir Chuimsithigh Teangeolaíochta ina measc, féachaint len iad a chur i bhfeidhm laistigh den chóras atá againn faoi láthair agus féachaint leis an gcóras sin a leasú lena thuilleadh a chur i bhfeidhm amach anseo.

“Tá sé in am moltaí praiticiúla eile a phlé mar chuid den tascfhórsa seo – scéim cuairteoirí baile a chur ar bun ar fud na Gaeltachta agus Scéim Labhairt na Gaeilge a leasú agus a chur i bhfeidhm arís mar shampla.”

Dúirt ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta go mbíonn an iomarca “Mair a chapaill agus gheobhair féar” ag baint le dearcadh an stáit i leith cúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht faoi láthair – “taighde eile, straitéis nua, pleananna deasa, briathra caoine, moladh is plámás, cúpla pingin anseo agus cúpla pingin eile ansiúd”.

“Ach mar sin féin, tá an capall fós ina bheatha, tá an Ghaeilge fós á labhairt mar theanga baile sa Ghaeltacht. Tá an capall seo beo, in ainneoin triomach, gorta, ganntan, sciúrsáil, gátar, neamhaird, drochíde, sciolladh is feannadh agus an chluas bhodhar.

“Ach má tá sé beo, tá an seitreach ag maolú, na heasnacha le feiscint, tá sé lag faoin tsrathair, faoin diallait agus níl féar suaithinseach na Gaeltachta mar a bhí.

“Níl an cath caillte ach níl ach méid áirithe gur féidir linne agus teaghlaigh mhisniúla na Gaeltachta a dhéanamh, tá tacaíocht uainn.”

Fág freagra ar '‘Níl an cath caillte ag tuismitheoirí misniúla na Gaeltachta, ach tá tacaíocht uainn’'

  • Lom na fírinne

    Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta le moladh. Cur síos fírinneach ag Sorcha ar an chor ina bhfuil an dream beag dílis atá ag cloí le teanga na muintire, le teanga an phobail, le teanga na tíre. Na tuismitheoirí agus na teaghlaigh sin, is laochra iad, ach más ea ní iarrann siad duais ná gradam ná creidiúint. Maidir le ‘tacaíocht’, ní hé sin a theastaíonn ach seirbhís chóir chothrom ón Státchóras agus ó na húdaráis uilig. Dá bhfaigheadh muintir na Gaeltachta an tseirbhís sin, seirbhís atá dlite dóibh, ní bheadh aon ghá le ‘tacaíocht’. Comhcheart don Ghaeltacht agus do shaoránaigh na Gaeilge, sin an rud a theastaíonn.

  • Caitríona

    Buìochas le Dia go bhfuil Eagraìocht ann fè dheiridh atá lonnaithe sa Ghaeltacht atá ag déanamh ionadaíocht dúinn. Brù ollmhòr anois ar an dream lasmuigh den Ghaeltacht a bhfeidhm a lèiriù agus an chùis go bhfuileadar ag tògàil airgead òn Stáit….díreoidís ar a gcuid Aonaid!

  • Colin Ryan

    Tá an cath caillte.

  • Lillis Ó Laoire

    San Astráil…