Níl acht cultúir don Ghaeilge agus don chultúr Oráisteach curtha as an áireamh ag an SDLP

Cúig pháirtí ó thuaidh atá ag tacú go dtí seo le hacht teanga don Ghaeilge amháin

Níl acht cultúir don Ghaeilge agus don chultúr Oráisteach curtha as an áireamh ag an SDLP

Níl Acht Cultúir don Tuaisceart, in áit acht don Ghaeilge amháin, curtha as an áireamh ag an dara páirtí náisiúnach is mó ó thuaidh, an SDLP.

Dúirt Patsy McGlone, an t-aon chainteoir Gaeilge i measc na mball den pháirtí a toghadh chun Stormont i mbliana, gur mhaith leis plécháipéisí an DUP agus Shinn Féin ó na cainteanna faoi athbhunú Stormont a fheiceáil.

Thug McGlone le fios do Nuacht TG4 nach gcuirfeadh sé Acht Cultúir as an áireamh dá mbeadh na míreanna a bhainfeadh leis an nGaeilge sách láidir ann.

Tá an tuairim sin ag teacht le tuairim an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, a dúirt le Tuairisc.ie an tseachtain seo caite nár cheart a bheith róbhuartha faoi acht teanga don Ghaeilge amháin agus gur chuma aitheantas a bheith ag an Ultais i reachtaíocht teanga fad is a bheadh an chuid den dlí a bhainfeadh leis an nGaeilge sách láidir.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil gur phléigh sé ceist an Achta le daoine sinsearacha i Sinn Féin agus mhaígh sé go “dtuigeann siad go maith” nach ndéanfadh sé an oiread sin difir don Ghaeilge dá bhfaighfí acht láidir a mbeadh teangacha eile luaite ann chomh maith.

D’fhágfadh athrú i bpolasaí an SDLP i dtaobh cheist an achta gur ceithre pháirtí ó thuaidh a bheadh ag tacú le hacht teanga don Ghaeilge amháin — Sinn Féin, an Comhaontas Glas, Alliance Party agus People Before Profit.

Is iad an eagraíocht teanga Conradh na Gaeilge, an grúpa feachtais An Dream Dearg agus Sinn Féin is mó atá chun tosaigh san fheachtas ar son an Achta. De réir pobalbhreith amháin, tacaíonn duine as gach seachtar de lucht vótála na náisiúnach le diúltú Shinn Féin d’athbhunú Stormont d’uireasa acht teanga don Ghaeilge amháin.

Léirigh pobalbhreith a rinne Social Market Research Belfast ar son Chomhairle Taighde Eacnamaíoch agus Sóisialta an Tuaiscirt roimhe seo gur duine as gach triúr de phobal an Tuaiscirt a chreideann gur cheart go dtabharfaí acht Gaeilge isteach.

Tamall de bhlianta ó shin, chuir an SDLP dréacht d’acht don Ghaeilge amháin os comhair Stormont.

Is í ceist an Achta Gaeilge don Tuaisceart an chnámh spairne is mó sa bhabhta idirbheartaíochta is déanaí idir an DUP agus Sinn Féin.

Tá sé tugtha le fios ag baill den DUP go nglacfaidís le ‘Acht Cultúir’ a chuimseodh an Ghaeilge agus gnéithe den chultúr Oráisteach agus den Ultais.

Dúirt an Feisire Parlaiminte de chuid an DUP Sammy Wilson, áfach, go raibh diúltaithe ag Sinn Féin d’acht cultúir agus nach raibh a leithéid á thairiscint ag a pháirtí níos mó dá bharr.

“This idea of a culture act or whatever you want to call it has been eliminated as an option,” a dúirt Wilson leis an News Letter.

D’aontaigh Wilson leis an ráiteas conspóideach a rinne cheannaire an DUP Arlene Foster an tseachtain seo caite faoi chur chuige Shinn Féin i leith cheist na reachtaíochta. Dúirt Foster gur ar mhaithe le haontachtaithe “a náiriú” a bhí éileamh Shinn Féin ar acht teanga don Ghaeilge amháin.

Dúirt Sinn Féin gur “masla” a bhí sa mhéid sin.

Fág freagra ar 'Níl acht cultúir don Ghaeilge agus don chultúr Oráisteach curtha as an áireamh ag an SDLP'