Níl a leithéid de rud ann is Seampú ‘gan-deora’!

AG TÓGÁIL CLAINNE: ‘Tá muid sách glan anois a Mhamaí,’ a dúirt beainín an naíonra liom ainneoin nach raibh ceachtar acu imithe i bhfoisceacht scread asail do bhraon uisce fós

800px-Waaah-1

Nóiméad ar bith anois buailfidh na comharsan doras an tí isteach. Tiocfaidh siad chun na páistí a shábháil ón ionsaí fíochmhar. Chaithfeadh go bhfuil béiceach uafásach le cloisteáil suas agus síos an tsráid.

Tráthnóna folcadáin a bhí ann. Ní raibh aon dul as. Chaithfí a ngruaig a níochán.

Bhí mé ar nós Yosemite Sam ag iarraidh Bugs Bunny a chur sa bpota don dinnéar. An t-aon difear ná go raibh trí Bugs Bunny ann agus go raibh siad i bhfad níos glórmhaire ina gcuid agóidíochta ná mar a bhíodh an coinín cliste sna cartúin.

Níl rud ar bith níos measa ná níochán gruaige. Cheap mé ar feadh píosa go raibh leigheas éigin air. Tá preas lán le gléasanna ‘míorúilteacha’ agam a cheannaigh mé ag ceapadh go gcuirfí deireadh leis an gcogaíocht.

Gach a bhfuil ann, tá sé agam. Caipíní speiceacha atá in ainm is an t-uisce agus an sobal a choinneáil amach ó na súile. Crúiscíní le lámh orthu ar thaobh amháin agus liopa ruibéir ar an taobh eile atá in ainm is an t-uisce a scaoileadh ón mbaithis siar ar an ngruaig amháin.

Seampú ‘gan-deora’, seampú mothálach, goilliúnach, lách, tuisceanach agus boladh milseáin air. Tuigim anois. Ba cheart dom mo chuid airgid a choinneáil is é a chaitheamh ar laethanta saoire, ar na caiple, nó ar rud ar bith eile faoin spéir ach amháin seampú.

Níl a fhios a’m faoi éinne eile, ach i dteach s’againne nuair a bhí mé ag fás aníos théití tanc uisce gach tráthnóna Dé Satharn agus chaithtí pé duine a raibh sé de mhí-ádh orthu a bheith sa teach ag an am isteach sa bhfolcadán chun sciúradh na seanchuinneoige a thabhairt dóibh.

Pé fáth é, dhírití cuid mhaith aird’ ar chúl na gcluas. Maím fós nach bhféadfadh go raibh an oiread sin salachair taobh thiar de na cluasa againn. Ina dhiaidh sin fhéin, chaith muid a saol faoi scáth an bhagartha go ngobfadh lán-iomaire fataí amach ó chúl ár gcluasa ag nóiméad ar bith ach an deis a fhágáil acu.

‘Tá muid sách glan anois a Mhamaí,’ a dúirt beainín an naíonra liom an tráthnóna cheana ó dhoras an tseomra folctha isteach ainneoin nach raibh ceachtar acu imithe i bhfoisceacht scread asail do bhraon uisce fós. Bhí an teach trí na chéile. Tháinig na focail amach as mo bhéal i ngan fhios dom, ‘ach, breathnaigh,’ a dúirt mé, ‘tá fataí ag fás taobh thiar de do chluasa.’

 

Fág freagra ar 'Níl a leithéid de rud ann is Seampú ‘gan-deora’!'