Ní shásóidh Sinn Féin go deo na ‘crogaill’ sna meáin a bhíonn ag síor-iarraidh

Níl sna líomhaintí amaideacha faoi fhríth-Ghiúdachas ach bata eile acu siúd atá ag iarraidh leithscéal ar bith a fháil le Sinn Féin a bhualadh

Ní shásóidh Sinn Féin go deo na ‘crogaill’ sna meáin a bhíonn ag síor-iarraidh

Réada Cronin. Pictiúr: Flickr

Bhí feachtas láidir i Sasana i gcaitheamh an fheachtais toghcháin ansin i gcoinne Jeremy Corbyn agus é á mhaíomh go raibh sé frith-Sheimíteach nó nach raibh sé sásta tabhairt faoin bhfríth-Sheimíteachas ina pháirtí.

Is beag tionchar is dócha a bhí ag an bhfeachtas sin ar an toghchán, ach thug sé deis do na meáin sin a bhí naimhdeach d’aidhmeanna sóisialacha Corbyn aird a tharraingt óna chuid polasaithe agus smál a chaitheamh ar an bpáirtí.

Ar ndóigh tá sé de cháil ar Corbyn le fada gur fear é a sheas is a sheasann in aghaidh an chiníochais, de chineál ar bith, ach ba chuma leo siúd a thug faoi faoi sin. Gléas inúsáidte a bhí ann le smál a chaitheamh air, agus ba leor sin.

Rinneadh líomhaintí chomh maith go raibh baint ag ambasáid Iosrael sa mBreatain leis an bhfeachtas suarach sin mar gheall ar sheasamh láidir Corbyn, agus iad siúd is mó a sheasann leis, ar son chearta na bPalaistíneach – cearta atá brúite go brúidiúil faoi chois ag fórsaí armtha Iosrael.

Is éard a chuir an scéal seo i m’intinn ar ndóigh ná an feachtas atá ar siúl i gcoinne Réada Cronin, Teachta Dála  nuathofa Shinn Féin i gCill Dara Thuaidh.

Cíoradh giolcacha a chuir sí amach leis na blianta ina raibh aon tagairt d’Iosrael nó do na Palaistínigh agus thángthas ar chinn a dhein comparáid idir Iosrael agus na Naitsithe, is mar sin de.

Comparáid chiotach a leithéid gan dabht, ach mar a tharlaíonn is í an chomparáid chéanna a dhein Hajo Meyer a tháinig slán sa deireadh as Auschwitz agus Esther Bejarano a chaith seal in Auschwitz freisin. Bhí Meyer, a bhásaigh in 2014, agus Bejarano, atá beo i gcónaí, i bhfad níos géire ná go leor eile agus iad ag tabhairt faoi Iosrael is a chuid polasaithe i gcoinne na bPalaistíneach.

Cruthú is ea seasamh Meyer is Bejarano is na mílte eile nach ionann Giúdaigh is lucht cosanta Iosrael.

I mo thuairimse ceann de na rudaí is measa faoi na feachtais seo ná go lagaíonn siad an bhrí cheart atá le frith-Sheimíteachas. Is smál ar shochaí ar bith a leithéid de ghráin in aghaidh na nGiúdach.

Ach má chaitear an masla i gcásanna nach n-oireann sé, má bhaintear leas as le hiarracht a dhéanamh stop a chur leis an gcáineadh a bhíonn dlite ag Iosrael, is lú a éifeacht agus tugann sé deis do na fíorfhrith-Sheimítigh.

Bhí Réada Cronin leisciúil sa gcaoi ar mhínigh sí an scéal, ach níl sé fíor go bhfuil ciníochas de chineál ar bith ag baint léi.

Ach bata eile é an scéal seo dóibh siúd atá ag iarraidh leithscéal ar bith a fháil le Sinn Féin a bhualadh, agus ar ndóigh ní raibh aon leisce ar Leo Varadkar ná ar Mhicheál Martin an deis a thapú le leas a bhaint as an scéal.

San fheachtas toghcháin bhí conspóid faoi mharú Phaul Quinn, agus dearmad ar fad déanta dá raibh le rá ag Taoiseach na linne, Bertie Ahern, faoin eachtra uafásach sin ag an am. (Is ionann nach mór a ndúirt Ahern sa Dáil ag an am agus a ndúirt Conor Murphy ag an am freisin).

Is beag tionchar a bhí ag an scéal sin sa deireadh ar Shinn Féin sa toghchán, ach anois tá an cleas céanna ar baineadh leas as i gcoinne Jeremy Corbyn in úsáid i gcoinne Shinn Féin.

Agus mura n-éiríonn leis sin, bhuel tá feachtas eile tosaithe bunaithe ar an ráiteas ó Choimisinéir na nGardaí Drew Harris inar thug sé le fios go bhfuil an tIRA fós ann agus go bhfuil siad i bhfeighil ar Shinn Féin.

Ní hamhlaidh an scéalnmar is eol do dhuine ar bith a fhreastalaíonn ar ard-fheiseanna Shinn Féin is a fheiceann an chaoi go dtoghtar ceannaireacht an pháirtí go poiblí.

Agus dá mba ann dáiríre don IRA i gcónaí mar eagraíocht, an gceapann duine ar bith go mbeadh na heasaontóirí sásta bagairt a dhéanamh go rialta ar cheannairí Shinn Féin mar atá á déanamh acu?

Nach bhfuil sé in am stop a chur leis an amaidí seo is díospóireacht a dhéanamh faoi pholasaithe Shinn Féin ag gach aon leibhéal? 

Is léir go bhfuil eagla an domhain curtha ag fás Shinn Féin ar na páirtithe seanbhunaithe sa stát is nach mbíonn aon doicheall orthu smál a chaitheamh ná laige a aimsiú i bpolasaithe Shinn Féin, ach tuige go mbíonn na meáin sásta a bheith ag sodar ina ndiaidh leis an amaidí seo?

Tá leithscéal gafa ag Réada Cronin mar gheall ar a chiotaí is a bhí a cuid giolcacha, agus tá go maith, cé go raibh sí céad faoin gcéad ceart sa mbuncháineadh a rinne sí ar pholasaí marfach Iosrael i gcoinne na bPalaistíneach.

Ach tá focal rabhaidh agam do Shinn Féin. Níl na meáin ar mhaithe leis an bhfírinne a fháil maidir leis na scéalta seo atá na meáin, ach ag iarraidh Sinn Féin a lagú.

Má ghabhtar leithscéal faoi ábhar amháin tiocfar ar ais le leithscéal a lorg faoi ábhar eile.

Mar a dúirt Arlene Foster, i gcomhthéacs eile, má thugtar bia don chrogall tiocfaidh sé ar ais arís ag iarraidh tuilleadh!

Fág freagra ar 'Ní shásóidh Sinn Féin go deo na ‘crogaill’ sna meáin a bhíonn ag síor-iarraidh'