Ní shásófar lucht cáinte Southgate fiú má bhuann Sasana anocht

Imreoidh an Spáinn i gcoinne na Seoirsia sa chluiche eile i mBabhta an 16 sa Ghearmáin inniu

Ní shásófar lucht cáinte Southgate fiú má bhuann Sasana anocht

Gareth Southgate. Pic: INPHO/Ryan Byrne

Níl cluiche caillte go dtí seo ag Sasana sa Ghearmáin ach ní bheadh a fhios agat é sin ón gcáineadh atá á fháil ag an bhfoireann agus ag an mbainisteoir Gareth Southgate sna meáin sa bhaile. Ní hé nach bhfuil an cáineadh tuillte ag an bhfoireann, áfach, agus taispeántais laga, leamha, leadránacha tugtha ag na Sasanaigh sna trí chluiche a bhí acu go dtí seo. 

Measadh go raibh an t-ádh ar Shasana agus Southgate as bealach níos éasca a fháil i dtreo an chluiche ceannais ach ní bheidh an bainisteoir róbhuíoch den chaint sin agus brú breise air agus ar a fhoireann anois an beart a dhéanamh. 

Dá mbeadh ceann de na boic mhóra ag fanacht ar Shasana i nGelsenkirchen tráthnóna, ní bheifí ag glacadh leis sa bhaile go mbuafadh Sasana agus b’fhéidir freisin go ndúiseofaí cuid de na himreoirí ón néal atá orthu. Ní bhfaighidh Southgate aon mholadh as an tSlóvaic a bhualadh, áfach, agus fiú má éiríonn le Sasana anocht, ní shásófar lucht a cháinte mura ndéantar scrios ar a gcéilí comhraic. 

Níl Southgate tagtha ar réiteach ar na fadhbanna atá ag cur as don fhoireann go fóill agus tuilleadh athruithe ag teastáil. 

Bhí Phil Foden imithe cúpla lá an tseachtain seo agus é ar ais i Sasana agus a pháirtí ag saolú linbh. Cé go raibh Foden ar ais sa Ghearmáin agus i mbun traenála Dé hAoine, d’fhéadfadh Southgate cinneadh a dhéanamh gan é a thosú. Thabharfadh sin deis do Southgate Cole Palmer, a rinne go maith tar éis dó teacht isteach i gcoinne na Slóivéine, nó Anthony Gordon, a bhfuil cleachtadh aige a bheith ag imirt ar an gcliathán clé, a thabhairt isteach ar an bhfoireann agus beagáinín níos mó spáis a thabhairt do Jude Bellingham agus Harry Kane sa lár. 

Rogha eile a bheadh ag an mbainisteoir ná Bellingham a chur siar agus Foden nó Palmer a imirt sa lár, níos giorra do Kane, ach is iondúil go mbíonn Southgate níos coimeádaí agus é ag roghnú foirne. D’fhéadfaí an fear óg, Kobbie Mainoo a fheiceáil ag imirt taobh le Declan Rice mar sin tar éis dó caimeo maith a bheith aige i gcoinne na Slóivéine. 

Titfidh an tSlóvaic siar sa chluiche agus beidh seilbh ar an liathróid ag Sasana formhór an ama. Theip glan orthu deiseanna a chruthú nuair a tharla an rud céanna i gcoinne na Slóivéine, áfach. Caithfidh na Sasanaigh gan a bheith chomh socair agus an liathróid a bhogadh go tapa chun na Slóvacaigh a tharraingt amach. 

Bhí bua gan choinne ag na Slóvacaigh sa chéad bhabhta i gcoinne na Beilge ach ní raibh cuma iontach orthu ina dhiaidh sin agus chailleadar an cluiche i gcoinne na hÚcráine agus iad ag teacht slán ón ngrúpa a bhuí leis an phointe a fuair siad sa chluiche deireanach i gcoinne na Rómáine. Is beag seans go dtiocfaidh siad aniar aduaidh ar Shasana ach ní thiocfaidh deireadh le fadhbanna Southgate anocht, is cuma cén toradh a bheidh ann. 

Guram Kashia (An tSeoirsia). Pic: INPHO/Ryan Byrne

Ba é an gaisce a rinne an tSeoirsia teacht amach as an ngrúpa an chéad uair acu ag mórchomórtas sacair ceann de na scéalta ba dheise ag EURO 2024 go dtí seo agus ceiliúradh ollmhór déanta sa bhaile tar éis don fhoireann an ceann is fearr a fháil ar an bPortaingéil, 2-0, sa chluiche deireanach i nGrúpa F. Seans nach fada go mbeidh imreoirí na Seoirsia sa bhaile chun leanúint leis an gceiliúradh sin, áfach agus é an-deacair bua a thuar dóibh anocht i gcoinne na Spáinne. 

Cé go raibh an Spáinn áirithe i measc na mboc mór roimh thús an chomórtais, ní raibh mórán ag ceapadh go mbeadh siad in ann an chraobh a bhuachan ach tá an meon sin athraithe anois i ndiaidh na dtaispeántas a thug foireann Luis de la Fuente sa ghrúpa. Tá na trí chluiche a bhí acu go dtí seo buaite ag na Spáinnigh gan fiú cúl amháin a ghéilleadh agus fiú nuair a caitheadh isteach na himreoirí dara rogha i gcoinne na hAlbáine Dé Luain seo caite, níor tógadh aon chéim siar. 

Bhí an Spáinn agus an tSeoirsia sa ghrúpa cáilithe céanna agus na Seoirsiaigh ag súil le Dia go n-éireoidh níos fearr leo anocht ná mar a d’éirigh sna cluichí sin. Thug na Spáinnigh stánáil cheart do na Seoirsiaigh, 1-7, i dTbilisi mí Mheán Fómhair seo caite agus bua eile, 3-1, bainte amach acu i Valladolid cúpla mí ina dhiaidh sin. 

Ba é Khvicha Kvaratskhelia a scóráil cúl na Seoirsia sa dara cluiche sin agus beifear ag brath go mór airsean chun na deiseanna a chruthú anocht. Fiú má éiríonn leis tionchar mór a bheith aige ar an imirt, is deacair bua a thuar dá fhoireann. 

Fág freagra ar 'Ní shásófar lucht cáinte Southgate fiú má bhuann Sasana anocht'

  • JP

    Tá sé an-simplí: ní hann do impireacht na Breataine níos mó in aon réimse den saol & i gcúrsaí sacair freisin.
    Níl na himreoirí acu agus an dream a chuireann siad chun páirce is ag cúbadh chucu féin amhail seilmidí scáfara a bhíd. Dúirt an tráchtaire go maith é i gcluiche amháin dá gcuid:
    “Níl a gcuid camthaí ag tacú leo mar is ceart mar níl dada ag tarlú.”