‘Ní raibh mé ag iarraidh dul abhaile agus aire a thabhairt do mo mham, ba í sin an fhírinne’

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. Thosaigh ár gcolúnaí ag cuardach ticéad eitleáin abhaile ar an bpointe boise nuair a fuair sé an scéal go mbeadh a mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, ag dul faoi scian…

‘Ní raibh mé ag iarraidh dul abhaile agus aire a thabhairt do mo mham, ba í sin an fhírinne’

Ar an líne thalún i dteach mo mháthar a chuir lucht an ospidéil glaoch – in ainneoin go raibh sé ráite leo na mílte uair agam féin agus ag mo dheartháir óg an uimhir sin a bhaint as an diabhal córas acu. Tá galar Alzheimer ar ár máthair le blianta agus níl baol ar bith go n-éireodh léi adhmad a bhaint as glaoch ón ospidéal.

Ar ámharaí an tsaoil, bhí duine de na cúramóirí i láthair. Agus bhí dea-scéal ag lucht an ospidéil: bhí mo mháthair, a bhí ar an liosta feithimh le leathbhliain don dara hobráid ar a cuid cromán, le dul faoi scian. An tseachtain dár gcionn.

Seachtain roimh an obráid a chuir an t-ospidéal glaoch an uair dheireanach freisin, nuair a bhí cromán saorga le cur isteach i gcos dheas mo mháthar. Ach an t-am sin, tharla go raibh mé san Ísiltír, mar a bhfuil cónaí ar mo mham. An uair seo, agus cromán nua le cur isteach sa chos chlé, bhí mé ar an taobh eile den Atlantach, sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm féin.

Ar chóir dom mo mhála a phacáil agus aghaidh a thabhairt ar an aerfort láithreach?

Chaith mé an lá a bhfuair mé an scéal faoin obráid ag machnamh. Rinne mé staidéar ar na srianta taistil: tá mé ‘lán-vacsaínithe’ agus ní bheadh gá le coraintín. Chuardaigh mé ticéad eitleán: bhí siad saor go maith.

Ach thug mé faoi deara go raibh mé á dhéanamh ar nós cuma liom. Ní raibh mo chroí istigh ann.

Bhí m’intinn ag rá liom gur chóir dom dul abhaile ar an bpointe boise, aire a thabhairt do mo mháthair, chuile shórt agus míle rud eile a eagrú – páirt an mhic is sine a dhéanamh, i bhfocail eile, mar a rinne mé tráth na chéad obráide. Go háirithe ós rud é go raibh mo dheartháir óg ag scaradh óna bhean agus ag bogadh tí an tseachtain chéanna a mbeadh an dara hobráid ag mo mháthair.

Ach bhí port éagsúil ar fad ag mo chroí. Bhí mo chroí ag rá liom nár chóir dom dul in aon áit.

Bíonn an t-uafás maorlathais i gceist le taisteal idirnáisiúnta na laethanta seo. Agus ar ndóigh tá géarchéim aeráide ann agus thruailligh mé an t-aer mo dhóthain cheana féin nuair a thaistil mé trasna an Atlantaigh agus ar ais níos túisce i mbliana.

Ach ní raibh ansin ach leithscéalta. Ní raibh mé ag iarraidh dul abhaile agus aire a thabhairt do mo mham, ba í sin an fhírinne. Den chéad uair le tamall fada, bhí gach rud i mo shaol ag dul go seoigh: cúrsaí oibre, cúrsaí spóirt, agus thar aon rud eile, cúrsaí grá. Faoi dheireadh, tar éis blianta fada, bhí rudaí ar tí tarlú! Chuirfeadh turas go dtí an Eoraip chuile shórt ar athló agus cá bhfios nach gcaillfí an deis go deo.

Chuir mé glaoch ar mo dheartháir óg, mhínigh mé sin ar fad dó, agus mheabhraigh dó gur chaith mé cúig mhí sa bhaile níos túisce i mbliana.

Coicís ó shin a bhí an obráid ar a cromán clé ag mo mháthair agus tá sí ag teacht chuici féin go maith. Tá mo dheartháir óg, gaolta eile agus na cúramóirí ag tabhairt aire di agus is gearr go mbeidh sí ar ais ar a seanléim – go fisiciúil, pé scéal é.

Agus feictear domsa go ndearna mé an rogha cheart, ní hamháin dom féin, ach do mo mháthair. Dá dtabharfainn aghaidh ar an mbaile in aghaidh mo thola, agus dá dteipfeadh ar chúrsaí grá nó ar ghnéithe eile de mo shaol féin dá bharr sin, ba uirthise a chuirfinn an locht, seachas orm féin.

Fág freagra ar '‘Ní raibh mé ag iarraidh dul abhaile agus aire a thabhairt do mo mham, ba í sin an fhírinne’'