Ní ‘loophole’ ach leisce ba chúis le fadhb sa dlí tráchta – Ó Cuív

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie gur ar Ghardaí leisciúla a bhí an locht maidir le cás Mihai Avadenei agus nach raibh aon lúb ar lár sa reachtaíocht tráchta

9/10/2012. Eamon O Cuiv Dail Scenes

Ní raibh aon lúb ar lár sa reachtaíocht tráchta maidir le tiomáint faoi thionchar an óil, dar leis an Teachta Dála, Éamon Ó Cuív (FF), ach go raibh An Garda Síochána ‘róleisciúil’ cloí leis an dlí.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie aréir, dúirt an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar gur chuir na ceannlínte sna meáin olc air nuair a chonaic sé an focal ‘loophole’ á úsáid.

“Sa chás seo, is éard a bhí ráite sa dlí ná go gcaithfear an ráiteas a eisiúint i nGaeilge agus i mBéarla. Ní raibh aon débhríocht ann maidir leis sin agus is cinnte nach raibh aon loophole ann maidir leis. Ní raibh ann ach go raibh na Gardaí róleisciúil le cloí leis an dlí,” a dúirt Ó Cuív.

Níor chóir an focal loophole a úsáid sa chomhthéacs seo mar tá sé ‘míchruinn’, a mhaígh sé, agus “tabharfaidh sé drochainm don Ghaeilge”.

Tá an Teachta buartha go dtuigfí ón bhfocal go raibh an Ghaeilge ag cruthú bealaithe éalaithe do dhaoine ón dlí agus gur ar an teanga féin a bhí a locht sin.

Cháin sé an dlí éigeandála a chuir an tAire Iompair Paschal Donohoe i bhfeidhm ag meánoíche inné freisin. Dúirt sé nach bhféadfaí na Gaeilgeoirí a aithint ó na Béarlóirí agus iad á stopadh ar thaobh an bhóthair agus nach mbeifí in ann a chinntiú cé acu teanga ar cheart an ráiteas a eisiúint inti, Gaeilge nó Béarla.

“Leis an dlí nua seo a chuir siad tríd, ní eiseofaí ráiteas ar bith i nGaeilge ach sular thug siad isteach é, bhí iachall ar na Gardaí a chinntiú go raibh an dá theanga le feiceáil ar an ráiteas. Is fíric shimplí í nach raibh siad á dhéanamh sin go dtí seo, agus ní bheidh siad á dhéanamh feasta leis an dlí nua,” a dúirt sé.

Is fíorbheagán focal atá le feiceáil ar na ráitis a eisítear nuair a dhéantar tástáil anála ar thiománaí atá faoi amhras go raibh sé ag tiomáint faoi thionchar an óil.

Déantar tástáil ar an tiománaí ar thaobh an bhóthair le gléas láimhe ar dtús. Ní leor an t-eolas a thugtar sa tástáil sin le duine a thabhairt chun na cúirte ach má bhíonn an Garda in amhras faoin duine, féadfaidh sé é a thabhairt chomh fada leis an stáisiún, áit a ndéantar scrúdú níos cruinne air le meaisín Evidenzer a chuireann ráiteas ar fáil. Scríofa ar an ráiteas sin tá sonraí na tástála agus míniú ar a bhfuil le léamh ann.

Is iad na sonraí seo agus an míniú a thugtar orthu a bhí i mBéarla amháin i gcás Mihai Avadenei. D’áitigh abhcóidí Avadenei nach bhféadfaí glacadh leis na torthaí mar nár cuireadh leagan Gaeilge díobh ar fáil. D’aontaigh an Breitheamh Séamus Noonan leis na habhcóidí agus dúirt nach raibh aon éiginnteacht sa mhéid a bhí san Acht Tráchta agus nach bhféadfaí glacadh le torthaí i mBéarla amháin mar fhianaise sa chúirt.

Tuairiscíodh inné gur féidir leis na meaisíní Evidenzer na ráitis a chur i gcló i mBéarla agus i nGaeilge ach nach ndéantar é sin ach amháin sa chás a iarrann an té a bhfuil faoi amhras é.

Fág freagra ar 'Ní ‘loophole’ ach leisce ba chúis le fadhb sa dlí tráchta – Ó Cuív'