‘Ní raibh aon cheangal idir polasaí na dtáillí uisce agus a chur i bhfeidhm’ – tuarascáil

‘Faoi dheifir’ agus ‘ar bhonn fabhtach’ a ceapadh an polasaí faoinar bunaíodh Uisce Éireann agus na táillí uisce, de réir tuarascáil nua a ullmhaíodh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

‘Ní raibh aon cheangal idir polasaí na dtáillí uisce agus a chur i bhfeidhm’ – tuarascáil

Maítear sa tuarascáil nua nach raibh aon cheangal idir dearadh an pholasaí maidir leis na seirbhísí uisce agus a chur i bhfeidhm.

Deirtear sa tuarascáil chomh maith gur glacadh le roghanna áirithe polasaí i gcás na dtáillí uisce sular tuigeadh na himpleachtaí a bheadh ag na roghanna sin agus sula ndearnadh roghanna eile a mheas go mion. Sampla de sin ab ea an t-allúntas saor in aisce uisce agus an méadrú a bhí le cur i bhfeidhm ar gach duine, a deirtear.

Deirtear sa tuarascáil gurb é an cuspóir a bhí leis an leasú a rinneadh ar an tseirbhís uisce ná comhlacht a bhunú a d’fhéadfadh iasacht a fháil as a chonlán féin chun tabhairt faoi uasghrádú costasach ar infreastruchtúr an uisce.

Ach chun go bhféadfaí é sin a dhéanamh, a deirtear, níor mhór an comhlacht uisce a rangú taobh amuigh d’earnáil ghinearálta an rialtais ionas go nglacfaí leis faoin ‘Eurostat test’.

“Ba bhonn fabhtach é seo d’aon pholasaí,” a deir údar na tuarascála, an t-eacnamaí Jim O’Leary.

Sa tuarascáil cuirtear teip na dtáillí uisce i gcomórtas leis an rath a bhí ar chóras na cánach maoine.

Murab ionann agus na táillí uisce, deirtear gur éirigh go maith leis an gCáin Mhaoine Áitiúil mar gur coinníodh súil ghéar nuair a bhíothas á dearadh ar na dúshláin a bhainfeadh lena cur i bhfeidhm ionas go bhféadfaí teacht rompu. Deirtear gurb é ceann de na cinntí ba thábhachtaí a rinneadh sa chás ná an socrú gurb iad na Coimisinéirí Ioncaim a bhaileodh agus a riarfadh an cháin.

Dúirt Jim O’Leary, údar na tuarascála agus Comhalta Sinsearach Taighde in Institiúid Whitaker, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh go raibhan chuma ar na táillí uisce go ndearnadh iarracht an iomarca a dhéanamh faoi dheifir”.

“Tar éis dúinn an polasaí uisce a scrúdú, is é ár dtuiscint air go raibh sé bunaithe ar fhís a dteastódh seacht nó deich mbliana lena cur i gcrích seachas na trí go cúig bliana a tugadh dó.

“B’fhabhtach an bonn le haon pholasaí é a dhréachtú ionas go gcloífeadh sé leis an ‘Eurostat test’, mar a thugtar air. Is ait linn gur glacadh cuid mhór leis na moltaí a rinne an Coimisiúin um Chánachais in 2009 maidir leis an gcáin mhaoine áitiúil ach go ndearnadh neamhaird dá gcuid moltaí faoi tháillí uisce. Ní hé amháin sin, ach a mhalairt ar fad a rinne an rialtas i gcás chuid de mholtaí an choimisiúin faoi chúrsaí uisce. Ag deireadh an lae theip ar an Rialtas dul i bhfeidhm ar chroí agus intinn an phobail.”

Dúirt Alan Ahearne, Stiúrthóir Institiúid Whitaker,  gur chóir go mbeadh tionchar ag an tuarascáil nua ar an gcaoi a dtabharfar faoi pholasaithe a réiteach amach anseo.

“An rud atá foghlamtha againne go bhfuil sé an-tábhachtach go bhfiosrófaí gach rogha agus gach gné de na roghanna sin sula ndéanfaí cinneadh faoi aon pholasaí agus gur chóir do lucht déanta polasaí a bheith ar an airdeall ar eagla go scriosfaidís rud fiúntach agus iad ar thóir na foirfeachta.”

Seolfar an tuarascáil a dhéanann iniúchadh ar na cúiseanna nár éirigh leis na táillí uisce agus gur éirigh go maith leis an gcáin mhaoine ag an gcomhdháil ‘How (Not) To Do Public Policy’ a bheidh ar siúl inniu in Institiúid Whitaker in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Beidh lucht déanta polasaí, fostaithe sa tseirbhís phoiblí, lucht acadúil agus saineolaithe eile i láthair ag an gcomhdháil chun measúnú a dhéanamh ar na buanna agus na laigí atá sa phróiseas déanta polasaí in Éirinn agus moltaí á ndéanamh acu faoi na bealaí a bhféadfaí an próiseas sin a fheabhsú.

Bainfidh na moltaí sin le pleanáil, dearadh agus feidhmiú polasaithe chomh maith leis an tslí a gcuirtear an pobal ar an eolas fúthu agus an tslí a ndéantar iad a athbhreithniú.

Mar chuid den taighde a rinneadh don tuarascáil nua faoi na táillí uisce agus an cháin mhaoine, labhraíodh le daoine sinsearacha a raibh baint acu le polasaithe a cheapadh.

Fág freagra ar '‘Ní raibh aon cheangal idir polasaí na dtáillí uisce agus a chur i bhfeidhm’ – tuarascáil'