Ní raibh aon bhaint ag Rialtas na hÉireann le scríobh ná le foilsiú an cholúin seo…

Tairngreacht: beidh an bhró mhuilinn a chuir Leo Varadkar ar a mhuineál féin caite i leataobh sar i bhfad

Ní raibh aon bhaint ag Rialtas na hÉireann le scríobh ná le foilsiú an cholúin seo…

Níl deireadh ré Aonad um Chumarsáid Straitéiseach an Rialtais buailte linn fós, ná níl cinneadh déanta fós go gcuirfear deireadh leis. Ach is féidir glacadh leis nach mairfidh sé i bhfad eile, má bhaintear ciall réasúnta as caint an Taoisigh.

Cuir i gcás, a léitheoir uasail, go ndearna tú botún nó meancóg shuntasach éigin agus tú ag obair. Fiú mura mbeadh a ndearna tú tugtha faoi deara ag an mbainisteoir nó ag cibé duine a bhí i gceannas ort, b’fhearr dhuit a admháil gan mhoill go ndeachaigh tú amú. Dhéanfá do leas chomh maith dá ndéarfá go gcuirfeá an scéal ina cheart chomh luath agus ab fhéidir.

Samhlaigh áfach, cad a déarfadh bainisteoir leat ar chloisteáil dó‘admháil’ mar seo uait:

Rinneadh botúin. Bhí fadhbanna ann ceart go leor. Níor coinníodh smacht mar ba chóir ar an obair. Tá athbhreithniú á dhéanamh.

Ní deacair an freagra borb a spreagfadh caint sheachantach dá leithéid a shamhlú. Ach ar ndóigh ní hionann gnáthchaint agus béarlagair an pholaiteora agus é faoi bhrú.

Is aistriú glan díreach gach focal atá i gcló Iodálach thuas ar a ndúirt an Taoiseach agus é faoi bhrú sa Dáil Dé Máirt. Ar fhaitíos míthuisceana, tá a ndúirt sé faoin Aonad um Chumarsáid Straitéiseach a bhunaigh sé anuraidh aistrithe arís ag saineolaithe Tuairisc.ie ionas go mbeidh éirim chaint an Taoisigh soiléir:

Rinne mé botún. Bhí an tAonad a bhunaigh mé lochtach. Níor choinnigh mé smacht mar ba chóir air. Cuirfidh mé deireadh leis más gá.

Ar ndóigh, chuaigh Micheál Martin agus Mary Lou McDonald thar fóir agus aidhmeanna agus cur chuige an Aonaid á gcáineadh acu. Ní ar an rialtas, mar shampla, ach ar eagarthóir gach nuachtáin áitiúil a bhí an phríomhfhreagracht gan ailt a scríobhadh ar iarratas an rialtais a fhoilsiú faoi dhealramh gnáth-thuairiscí.

Ach ba dhoimhne na buncheisteanna a tharraing an bheirt anuas. Cén fáth nár fágadh cur síos agus cíoradh ar phlean infheistíochta an rialtais faoi na meáin? Nach leor plean a sheoladh agus a mhíniú ag comhdháil nuachta? Cén fáth gur fostaíodh áisíneacht phoiblíochta chun íoc as foilsiú ‘tuairiscí’ ar shonraí áitiúla an phlean sna nuachtáin áitiúla?

Dúirt an Taoiseach sa Dáil Dé Máirt go raibh iontas air nach raibh ceannaire Fhianna Fáil á cheistiú faoin drochaimsir.

Is féidir tuairim an Taoisigh go raibh gá le comhordú seirbhísí eolais an rialtais a chosaint. Ach ní féidir ciall réasúnta ar bith a bhaint as a ráiteas gur mhol an Fóram Domhanda Éireannach don rialtas in 2011 an tAonad a bhunú.

Mhol lucht gnó agus daoine cáiliúla eile ar de bhunadh na hÉireann iad agus a ghlac páirt sa bhFóram aonad a bhunú leis an diaspóra Éireannach ar fud an domhain a chur ar an eolas faoi shaothar an rialtais. Níor bhain a ndúirt siad in aon chor le cúrsaí na tíre seo.

Pé seal é, tá an dochar déanta. Tá na botúin ‘a rinneadh’ admhaithe go hindíreach ag an Taoiseach.

Tá leigheas fógartha aige – má bhaintear ciall chúramach as an gcaint indíreach thuas. Cuirfear deireadh leis an Aonad, nó athrófar a chur chuige go bunúsach.

Neartóidh géilleadh gan moill an Taoisigh sa chás seo tuairim gach duine a shíleann nach fada uainn olltoghchán tar éis bhuiséad an fhómhair. D’athraigh port cosantach Leo Varadkar in imeacht deich lá tar éis fhoilsiú na chéad tuairisce ar shaothar neamhghnách an Aonaid san eagrán Éireannach den Times.

Gan dabht, bainfidh saoithe soiniciúla ar fud na tíre pléisiúr as cuimse as an tslí inar admhaigh an Taoiseach gur theip ar aonad cumarsáide rialtais a ghnó a dhéanamh go héifeachtach – mar gheall ar dhroch-chumarsáid.

NÓTA: NÍ RAIBH AON BHAINT AG RIALTAS NA hÉIREANN LE SCRÍOBH NÁ LE FOILSIÚ AN CHOLÚIN SEO.

Fág freagra ar 'Ní raibh aon bhaint ag Rialtas na hÉireann le scríobh ná le foilsiú an cholúin seo…'