‘Ní phléitear le hábhar scoile ar bith eile ar an dóigh seo’ – cáineadh géar déanta ag Foras na Gaeilge ar an Rialtas agus NUI

In aighneacht a chuir Foras na Gaeilge faoi bhráid na Roinne Oideachais deirtear gur ‘teachtaireacht dhiúltach’ ón Rialtas atá i gcóras na ndíolúintí

‘Ní phléitear le hábhar scoile ar bith eile ar an dóigh seo’ – cáineadh géar déanta ag Foras na Gaeilge ar an Rialtas agus NUI

Tá cáineadh géar déanta ag Foras na Gaeilge ar an Roinn Oideachais, an Rialtas agus Ollscoil na hÉireann maidir lena gcur chuige i leith chás na Gaeilge sa chóras oideachais.

San aighneacht a chuir Foras na Gaeilge faoi bhráid na Roinne Oideachais maidir le ceist dhíolúine na Gaeilge, dúradh gur “teachtaireacht dhiúltach” ón Rialtas i leith “na chéad teanga oifigiúla” a bhí i moltaí na Roinne Oideachais i dtaobh na díolúine, moltaí atá curtha i bhfeidhm ó shin.

Dar leis an bhForas gur chóir fáil réidh ar fad le córas na ndíolúintí.

“Ní phléitear le hábhar ar bith eile sa churaclam ar an dóigh seo. Léiríonn na dréachtchiorcláin maidir le díolúine go bhfuil an Stát ag déanamh idirdhealú idir an tábhacht a bhaineann le staidéar ar an Ghaeilge agus an tábhacht a bhaineann le hábhair eile churaclaim – nach bhfuil an tábhacht chéanna ag an Ghaeilge le hábhair eile, agus gur gá socrú ar leith a bheith ann ina leith.

“Is teachtaireacht dhiúltach í sin ón Rialtas i leith na chéad teanga oifigiúla. Ní mar sin a phléitear leis an Bhéarla ná leis an mhatamaitic, agus níl gá lena a leithéid de chur chuige i leith na Gaeilge,” a dúradh san aighneacht a chuir an Foras faoi bhráid na Roinne Oideachais.

Dar leis an eagraíocht trasteorann go bhfuil “bunús an-láidir taighde” ann “a thacóidh le deireadh a chur leis an chleachtas deonaithe díolúintí”. Deir siad gur féidir freastal ar dhaltaí “de réir a riachtanas ag leibhéal na scoile” ach “soláthar an churaclaim a chur in oiriúint do chumas na bpáistí”.

Dúirt an Foras san aighneacht go bhfuil an líon ard daltaí a bhíodh ag fáil díolúine “go míchuí” faoin seanchóras “scannalach” agus go raibh “an chontúirt ann” go dtabharfadh an Roinn “rialacháin níos éadroime” isteach seachas “dul i ngleic leis na cleachtais mhíchuí”.

Tá formhór mór na rialachán a bhí i gceist ag an bhForas tugtha isteach ag an Roinn Oideachais ó thús na scoilbhliana seo.

Déantar cáineadh géar chomh maith in aighneacht an Fhorais ar chur chuige Ollscoil na hÉireann i leith dhíolúine na Gaeilge. Tá córas níos scaoilte ag an NUI maidir le díolúine na Gaeilge ná mar atá ag an Roinn Oideachais.

Cé go bhfuil méadú 8% tagtha le trí bliana anuas ar líon na ndaoine ar ceadaíodh díolúine ón riachtanas dóibh, níl sé i gceist ag NUI an córas a dhéanamh níos déine toisc, a deir siad, gurbh amhlaidh go gcuirfeadh sé sin leis an mbrú a mhaíonn siad atá orthu fáil réidh le riachtanas na Gaeilge ar fad.

Deir Foras na Gaeilge gur “ábhar mór imní” dóibh cur chuige NUI maidir le díolúintí a cheadú. Deir siad gur “ábhar díomá” é nach bhfuil faoin Roinn Oideachais “dul i ngleic leis an cheist seo” agus leis an neamhréir idir córas díolúine na Roinne agus córas NUI, rud a chruthaíonn “fadhbanna móra” do scoileanna.

“Is léir ó thaighde na Cigireachta gur cheist an-suntasach í seo i gcomhthéacs stádas na Gaeilge sa Stát agus sa chóras oideachais, gan trácht ar an dóigh a dtéann sé i bhfeidhm ar scoileanna. Dar le Foras na Gaeilge go bhfuil sé do-ghlactha go mbeadh mórinstitiúidí tábhachtacha sa Stát chomh mór sin as alt le polasaí an Stáit,” a deirtear san aighneacht.

Dar le Foras na Gaeilge gur “léiriú” é cur chuige OÉ go bhfuil siad “neamhairdeallach ar pholasaí an Stáit i leith na Gaeilge” agus go bhfuil an polasaí atá ag OÉ i leith díolúintí a dheonú ag teacht salach ar pholasaí na Roinne agus an stáit.

Fág freagra ar '‘Ní phléitear le hábhar scoile ar bith eile ar an dóigh seo’ – cáineadh géar déanta ag Foras na Gaeilge ar an Rialtas agus NUI'

  • Béarla teanga an Stáit

    Tá sé ag éirí níos soiléire go bhfuil The Department of Science and Education agus The National University of Ireland ag bagairt deireadh a chur ar éigeantacht na Gaeilge.

    Sin deireadh le fás na gcoláistí samhraidh mar thionscal Gaeltachta. Níor chóir d’éinne sa Ghaeltacht teach mór a thógáil (a bheidh deacair a théamh sa gheimhreadh) chun scoláirí a choinneáil dos na coláistí samhraidh. Má leanann an díchoimisiúnú ar an Ghaeilge atá ar bun faoinláthair is deacair a rá cé comh fada is a mhairfidh na coláistí samhraidh.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Ar an gcuid is lú, tá ciall ag duine amháin sa tír seo. Is fearr sin ná an rud a shíl mé féin; sin gur na ndall agus na ndúr a bhí inti….