‘Ní ólaim, ní chaithim agus tá múinteoir ióga agam’ – feachtas ‘nua-aimseartha lán fuinnimh’ geallta ag Ó hUigínn

Sheol an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn a fheachtas i mBaile Átha Cliath tráthnóna do thoghchán na huachtaránachta agus d’fhreagair sé ceisteanna faoi ábhair éagsúla ó na meáin

‘Ní ólaim, ní chaithim agus tá múinteoir ióga agam’ – feachtas ‘nua-aimseartha lán fuinnimh’ geallta ag Ó hUigínn

Tá ráite ag an Uachtarán Micheál D Ó hUigínn go mbeidh feachtas toghchánaíochta “nua-aimseartha agus lán fuinnimh” á rith aige sna seachtainí romhainn amach.

Dúirt an tUachtarán i ndiaidh sheoladh a fheachtais don dara téarma inniu, go raibh níos mó fuinnimh inniu aige ná mar a bhí seacht mbliana ó shin, tráth a ndúirt sé nach ndéanfadh sé ach téarma amháin in Áras an Uachtaráin.

“Tá níos mó fuinnimh anois agam ná mar a bhí in 2011 toisc gur cuireadh cóir leighis ar mo ghlúin. Ní bhím ag ól, ní bhím ag caitheamh agus tá múinteoir ióga agam. Mar sin tá seans agaibh ar fad!” a dúirt sé.

Dúirt sé go mbeadh sé dúshlánach a chuid oibre mar Uachtarán a scaradh óna fheachtas ach go n-éireodh leis.

Gheall sé feachtas ina léireofaí “meas” ar oifig na huachtaránachta “nach le haon duine ar leith í” ach le muintir na hÉireann “agus na glúnta atá le teacht”.

Dúirt Ó hUigínn gurb iad na buanna is mó atá aige mar iarrthóir ná a “thaithí, a iontaofacht agus a thuiscint” agus “an grá mór” atá aige d’Éirinn.

Maidir leis an bplé a rinne Coiste Um Chuntais Phoiblí an Oireachtais inné ar an allúntas bliantúil €317,000 a chuirtear ar fáil d’uachtaráin ach nach ndéantar aon iniúchadh air, dúirt Ó hUigínn go bhféadfadh an tOireachtas deireadh a chur leis an gciste dá mba mhian leo, ach go mbeadh cuma “an-éagsúil” ar an uachtaránacht dá ndéanfaí amhlaidh.

Labhair sé chomh maith inniu faoin gconspóid a bhain lena aitheasc moltach ar bhás Fidel Castro agus dúirt gur dóigh gur chóir níos mó a bheith ráite aige sa ráiteas sin faoi chúrsaí cearta an duine faoi réimeas iarcheannaire Chúba.

D’fhreagair sé ceisteanna freisin faoi thuairiscí gur fhan sé i seomra óstáin sa Ghinéiv a chosain €3,000 in aghaidh na hoíche. Dúirt sé nár iarr sé riamh go bhfanfadh sé in aon óstán ar leith agus gur fhan sé chomh maith i mbrúnna agus i bpubaill de chuid Concern.

“Ba chuma liomsa dá mba i bpuball a chodlóinn,” a dúirt sé.

Thagair sé chomh maith ina óráid tráthnóna do na “dúshláin agus na deiseanna” atá roimh Éirinn agus faoina fhís “d’fhíorphoblacht” ina “roinneann” an uile dhuine “an stair” agus ina “múnlaíonn” an uile dhuine an “todhchaí”.

Labhair sé leis faoin “dúshlán” a bhainfidh le tréimhse na gcomórthaí stáit atá romhainn agus dúirt gurb é a chur chuige féin atá bunaithe ar ‘eitic na cuimhne’ ab fhearr chun tabhairt faoin dúshlán sin.

Dúirt sé gurb ionann “fíorphoblacht” agus ceann “ina dtugtar éisteacht do ghlór na hÉireann agus ina bhfuil feidhm leis an nglór sin” agus go gcaithfeadh Éire a bheith ina “cosantóir ar chearta an duine”.

Ní mór, a dúirt sé, “athcheangal” a dhéanamh le hinstitiúidí agus gnáthphobal na hEorpa agus thagair sé don ghá atá ann a bheith aireach ionas nach ndéanfaí dochar don “dlúthcheangal seanbhunaithe” atá againn leis an mBreatain.

Beidh na trí mhórthéama dá fheachtas uachtaránachta á bhfógairt aige go luath, a dúirt an tUachtarán.

Fág freagra ar '‘Ní ólaim, ní chaithim agus tá múinteoir ióga agam’ – feachtas ‘nua-aimseartha lán fuinnimh’ geallta ag Ó hUigínn'