Ní mór do lucht Stormont a bheith samhlaíoch seiftiúil chun tubaiste a sheachaint

’Sé an t-údar mór imní nach bhfuil i dtrioblóidí Bombardier agus Thompson ach an tús agus go mbeidh an stoirm ag bailiú nirt as seo amach

Ní mór do lucht Stormont a bheith samhlaíoch seiftiúil chun tubaiste a sheachaint

Géarchéim i dtionscal an aeraspáis an chéad bhuille d’eacnamaíocht Thuaisceart Éireann. Buille tubaisteach mar go raibh an tionscal sin ar cheann de na cinn ba rathúla sa réigiún. Déanfar damáiste as cuimse ar fad mura ndéanann an Feidhmeannas in Stormont nó rialtas na Breataine beart tarrthála deimhneach.

Le deich lá anuas fógraíodh go gcaillfeadh os cionn 1,000 oibrí a bpostanna san tionscal aeraspáis, 600 in Bombardier i mBéal Feirste agus 500 in Thompson Aero Seating i bPort an Dúnáin agus Droichead na Banna. Sin duine as gach seisear d’fhostaithe Bombardier agus an tríú cuid de lucht saothair Thompsons, a lig 300 chun siúil i mí an Mhárta.

Ní hiontas é an drochscéala i bhfianaise aerthaisteal ar fud na cruinne a bheith ina stad, nach mór. Is léir nach mbeidh éileamh mar a bhíodh ar sciatháin, suíocháin ná trealamh eile d’eitleáin. Is léir freisin go mbeidh tionchar ag an gcúlú sa dá chomhlacht sin ar mhiondéantúsóirí a chuireann ábhar ar fáil dóibh.

Bhí a fhios ón tús go ndéanfadh paindéim Covid-19 dochar mór don ngeilleagar gach áit.

Ní raibh aon dul as ó bhí stop le táirgeadh, díolaíocht agus obair agus céatadán ard den phobal ag brath ar íocaíocht scoir ghearrthréimhseach ón stát. Bhí roinnt daoine gan teacht isteach ar bith. ’Sé an t-údar mór imní nach bhfuil i dtrioblóidí Bombardier agus Thompson ach an tús agus go mbeidh an stoirm ag bailiú nirt as seo amach.

B’annamh le ceardchumainn agus cumann na bhfostóirí a bheith ar aon fhocal ach d’éiligh siad uilig idirbheart rialtais faoi phráinn. Dúirt na ceardchumainn Unite agus GMB go raibh tábhacht dhomhanda le tionscal aeraspáis Thuaisceart Éireann, agus go raibh éileamh ar a chuid earraí ar fud na cruinne. Ní hiad na hoibrithe a chaillfidh a bpostanna agus iad siúd san slabhra soláthair amháin a bheidh thíos leis an gcinneadh.
Buille tubaisteach don eacnamaíocht fré chéile a bheadh ann an pá ard a bhí ag na hoibrithe sároilte sin a chailliúint.

D’agair Susan Fitzgerald ó Unite ar Stormont agus Whitehall éirí as an tsiléig agus sampla na Fraince a leanúint. Tá 16 billiún euro d’infheistíocht fógartha ag rialtas na Fraince chun postanna in earnáil an aeraspáis agus na heitlíochta a chosaint. Tá tacaíocht fógartha ag an nGearmáin agus Meiriceá freisin.

Teastaíonn straitéis chruthaitheach den chineál sin ó Stormont, a deir Fitzgerald.

Shaothródh an infheistíocht phoiblí an t-airgead ar ais ó chánacha agus ó chaiteachas na n-oibrithe murab ionann agus an costas poiblí mór a bhainfeadh le daoine a bheith ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Dúirt ceardchumann GMB go raibh 10,000 oibrí fostaithe go díreach nó go hindíreach san earnáil agus d’aontaigh siad le Unite go raibh gá le gníomh cinniúnach ó Stormont.

Teastaíonn straitéis chabhrach ó chumann déantúsóirí Thuaisceart Éireann freisin.

Mhaígh an cumann go gcothaíonn postanna ar phá ard amhail na gcinn aeraspáis trí cinn eile sa slabhra soláthair, miondíol, fáilteachas nó eile, san eacnamaíocht logánta.

Gan tacaíocht ón sparán poiblí beidh déantúsóirí ag snámh in aghaidh easa is iad ag iarraidh téarnamh ó Covid-19. Tugadh rabhadh le déanaí go mb’fhéidir go dteipfeadh ar dhéantúsóir amháin as gach ochtar i mbliana.

Ní haon ribín réidh don bhFeidhmeannas in Stormont é réiteach na faidhbe seo.

Bhí na pinginí gann fiú sula mb’éigean airgead mór a chaitheamh ar chéimeanna chun a dhul i ngleic leis an bpaindéim agus is beag cumhacht atá acu caipiteal a bhailiú. Ní mór dóibh a bheith samhlaíoch áfach agus bealach a aimsiú chun airgead a fháil le fostaíocht a chaomhnú agus a chosaint.

Murar féidir cabhair a fháil ó Whitehall, nó cead chun iasachtaí a fháil, caithfidh siad a bheith seiftiúil chun a thuilleadh cruatain nó déine a sheachaint.
Ní bheidh sé éasca ach tubaiste a bheidh ann má theipeann orthu.

Fág freagra ar 'Ní mór do lucht Stormont a bheith samhlaíoch seiftiúil chun tubaiste a sheachaint'