Ní méiseáil go dtí Staid Mhic Easmuinn, scéal na ‘City deals’ agus cás mharú Sheán Brown

Ní dea-theist ar an rialtas nua é an chaoi ar láimhseáil siad cinntí éagsúla le tamall

Ní méiseáil go dtí Staid Mhic Easmuinn, scéal na ‘City deals’ agus cás mharú Sheán Brown

Sula dtáinig Keir Starmer agus an Lucht Oibre i gcumhacht ba é ‘fás’ an rosc catha a bhí acu, pleananna fáis, cumasú fáis. Ba bheag dá chosúlacht sin ar an teachtaireacht eacnamaíochta uathu chuig Tuaisceart Éireann Dé hAoine seo caite. Nach mairg do na polaiteoirí áitiúla a bhíodh ag súil le laethanta geala nuair a bheadh deireadh le ré na dTóraithe.

Trí fhógra in aon tráthnóna amháin. Baineadh siar as daoine ar fud an Tuaiscirt san iarnóin nuair a cuireadh in iúl go raibh stop á chur ag an Státchiste in Whitehall leis na scéimeanna forbartha eacnamaíochta ar a dtugtar ‘City deals’ a bhí aontaithe le fada.

Tamall gearr ina dhiaidh sin fógraíodh go raibh an t-eiteachas tugtha d’éileamh cróinéara go mbunófaí fiosrú poiblí faoi mharú Sheán Brown, cathaoirleach Chumann Lúthchleas Gael Bhaile Eachaidh i ndeisceart Dhoire. D’fhuadaigh agus mharaigh dílseoirí ón LVF Seán in 1997.

Cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin tháinig an dara buille do Chumann Lúthchleas Gael – agus daoine nach iad. Tar éis míonna de shiléig agus cur i gcéill na dTóraithe chinn an Lucht Oibre nach gcuirfí maoiniú ar fáil chun Staid Mhic Easmuinn i mBéal Feirste a fhorbairt. Bhí an costas méadaithe go £400 milliún, dar leis na Státrúnaithe Hilary Benn agus Lisa Nandy agus an baol ann, fiú dá gceadófaí an caiteachas nach mbeadh an staid faoi réir in am don chomórtas sacair Euro 2028.

Ní dea-theist ar an rialtas nua é an chaoi ar láimhseáil siad na cinntí sin. Sé an rud is cineálta le rá gur deineadh praiseach de na fógraí. Tá an dá léamh ar a raibh ar siúl; iad ag iarraidh aird an phobail agus ceisteanna sa Pharlaimint a sheachaint (Westminster ar scor) nó níos measa fós, a laghad tábhachta le Tuaisceart Éireann nár rith sé leo gur chóir cinntí a fhógairt go hoifigiúil mar a dheinfí faoi Kent nó Londain.

Ní méiseáil go dtí é an scéal faoi na ‘City deals’. Ceithre cinn a bhí i gceist bunaithe ar cheantair na gcomhairlí áitiúla – Doire agus an Srath Bán, Béal Feirste, Cósta an Aifir & Glinnte Aontroma agus an tIardheisceart Láir (Droichead na Banna, Ard Mhacha, Craigavon agus Fear Manach is Tír Eoghain Theas). Tá an bochtanas is measa abhus i gceantair Dhoire agus Bhéal Feirste agus géarghá le dlús a chur le pleananna forbartha.

Cé gur fógraíodh stad na scéimeanna ag a trí a chlog Dé hAoine neos an feisire Parlaiminte, Colum Eastwood oíche Dé Sathairn go raibh sé i dteagmháil leis an rialtas agus go raibh an stad ar scéim Dhoire curtha ar ceal. Cuirfidh an Státrúnaí Benn tús oifigiúil leis i nDoire inniu, Dé Céadaoin. Tá an stad ar scéim Bhéal Feirste cealaithe freisin, ach an dá cheann eile i mbaol. Níor chuir an tAire Airgeadais in Stormont, an Dr Caoimhe Archibald fiacail ina míshástacht leis an Státchiste ag an Tionól Dé Luain, í ag fanacht ón Déardaoin le glaoch gutháin ar ais ó fheidhmeannach ansin.

Ba é an cinneadh nach gcuirfear maoiniú ar fáil do staid Mhic Easmuinn le haghaidh Euro 28 ba mhó a tharraing aird. I bhfianaise na deighilte is buaine abhus bhí roinnt de lucht leanta sacair ríméadach nach mbeadh Euro 28 á imirt in iarthar ‘náisiúnach’ Bhéal Feirste. B’údar díomá é do mhóramh na ndaoine, daoine a mheas gur dheis amú é. Teacht isteach ollmhór ón turasóireacht caillte chomh maith le seans ar chothú athmhuintearais –nó ar a laghad imeascadh.

Fuair Cumann Lúthchleas Gael an scéal ag an am céanna le gach duine eile, ag deich nóiméad i ndiaidh a seacht tráthnóna Dé hAoine. Fearacht go leor eile bhí an tAire in Stormont Gordon Lyons, DUP, míshásta leis an gcaoi ar scaoileadh an scéal. Bhí amhras ar a lán, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Jarlath Burns ina measc, faoin gcostas £400 milliún a luaigh an Státrúnaí Benn. Gan dabht ba iad na Tóraithe a d’iarr ar Chumann Lúthchleas Gael glacadh leis na cluichí Euro 28 ach ní dhearna siad tada faoin mhaoiniú; oidhreacht dhoréitithe san am atá fágtha, dar leis an Lucht Oibre.

“Má bhí díomá ar CLG leis an scéal faoi Pháirc Mhic Easmuinn mar a bhí,” arsa Jarlath Burns, uachtarán an chumainn ar theilifís “bhí fearg ar an-chuid gur diúltaíodh an fiosrú poiblí a d’éiligh an cróinéir ar mharú Sheán Brown”.

Chuir an cróinéir stop le hionchoisne Sheán Brown toisc go raibh oiread sin faisnéise folaithe ar bhonn slándála nárbh fhéidir ‘fiosrú éifeachtach’ a dhéanamh.

Teastaíonn ón Státrúnaí Benn go ngabhfaidh muintir Brown chuig an gCoimisiún Sir Declan Morgan ach tá achomharc ar chinneadh Benn á dhéanamh acu.

Ba é athshocrú an focal faire ó tháinig Keir Starmer agus a fhoireann i gcumhacht; i bhfianaise na praisí seo ní mór tosú arís.

Fág freagra ar 'Ní méiseáil go dtí Staid Mhic Easmuinn, scéal na ‘City deals’ agus cás mharú Sheán Brown'

  • Carraig

    “Ba cheart polaiteoirí a athrú go minic dála mar a dhéantar le clúidíní.
    Agus ar an gcúis chéanna.”
    Mark Twain