Ní maslaí a réiteoidh fadhb na hinimirce ach caint stuama

Tá na daoine bochta seo i mbaol, ní hamháin ón bhfuacht ach ón bhfuath freisin

Ní maslaí a réiteoidh fadhb na hinimirce ach caint stuama

Pic: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Ní haon ábhar iontais ar bith é gur éirigh leis an rialtas sa vóta i ndiaidh na díospóireachta mímhuiníne san Aire Dlí is Cirt, Helen McEntee. Ní raibh aon amhras riamh faoin seasamh a ghlacfadh na neamhspleáigh ó chúlra Fhine Gael nó Fhianna Fáil. 

Mar sin féin, tá dochar mór déanta ag an eachtra do sheasamh McEntee taobh istigh d’Fhine Gael, is go deimhin tá dochar déanta do chlú Fhine Gael mar pháirtí an dlí is an oird. 

‘Páirtí an dlí is an oird sinn’ an maíomh a bhíodh ag Fine Gael ó bunaíodh iad, sin go bhféadfadh iontaoibh a bheith ag saoránaigh (choimeádacha) astu go nglacfaidís seasamh láidir ar son an Gharda Síochána. 

Goilleann sé go mór ar an bpáirtí gur theip chomh soiléir sin orthu agus iad i gceannas. 

Sin é an fáth, ceapaim, go ndearna siad an-iarracht béim na díospóireachta a dhíriú ar Shinn Féin agus a chaidreamh leis an IRA, le leithéidí Jonathan Dowdall is eile. 

Ach is scéal seanphléite é sin. Chuala muid an scéal sin go minic cheana, agus ní dóigh liom go mbeidh aon tionchar aige orthu siúd atá ag beartú vótáil do Shinn Féin sa chéad olltoghchán eile. 

Ag an am céanna is fiú a thabhairt faoi deara go bhfuil Sinn Féin i ndiaidh cúpla pointe a chailliúint sna pobalbhreitheanna is deireanaí agus iad idir 32% agus 28%. Ní cosúil gur ag dul go dtí an rialtas atá na vótaí seo ach go dtí neamhspleáigh, agus tá tuairim láidir ann gur mar gheall ar sheasamh an pháirtí i leith na hinimirce atá an titim seo ann. 

Spéisiúil mar sin go ndúirt Pa Daly, urlabhraí dlí Shinn Féin, nach bhfuil an páirtí i bhfabhar ‘doras oscailte’ d’inimircigh, go bhfuil ag teip ar an gcóras reatha is go bhfuil gá le plean cuimsitheach a chuirfeadh na seirbhísí riachtanacha ar fáil do lucht dídine, teifigh agus do shaoránaigh de bhunadh na tíre seo. 

Ní lucht ciníochais amháin atá buartha faoi líon na dteifeach atá ag teacht isteach sa tír, agus muid buailte i gcónaí ag géarchéim tithíochta. Tá an-chuid daoine ann a gcuireann an ciníochas déisitn orthu ach a chreideann go bhfuil níos mó daoine á ligean isteach sa tír ná mar atá ar ár n-acmhainn déileáil i gceart leo. 

Agus tá náire ar dhaoine go bhfuil lucht iarrtha dídine chun oícheanta fuara a chaitheamh ar na sráideanna i bpubaill. Tá na daoine bochta seo i mbaol, ní hamháin ón bhfuacht ach ón bhfuath freisin. 

Mar sin, chuir an díospóireacht theasaí sa Dáil díomá orm. Ar thaobh amháin bhí caint leibideach ann faoi fhir fhásta nach ndearnadh aon ghrinnfhiosrúchán fúthu; agus ar an taobh eile bhí iarracht an díospóireacht a stopadh trí lucht cáinte an chórais a chur isteach i mbosca leis an eite dheis i bhfad amach. 

Sé an rud nach dtuigeann an dream nach bhfuil sásta glacadh le gearán ar bith faoin gcóras inimirce atá ann ná mura mbíonn lucht na heite clé sásta tabhairt faoin bhfadhb ar an tuiscint gur fadhb í a d’fhéadfadh daoine a bhrú go dtí an eite dheis i bhfad amach, nach aon leigheas é sin. 

Ní féidir linn ár gcloigne a shá sa ngaineamh, mar a bhí ar siúl ag Aodhán Ó Ríordáin go háirithe, agus é ag caitheamh maslaí leis na Teachtaí ón tuath a bhí, ar ndóigh, breá sásta maslaí a chaitheamh ar ais. 

Bhí an rialtas, den chuid is mó, ag cosaint córais nach féidir a chosaint, agus feictear domsa gur léas solais sa dorchadas a bhí sa chaint stuama réasúnta a rinne Pa Daly. 

Tá córas ag teastáil a bheidh i bhfad níos gasta, a thabharfaidh dídean dóibh siúd a thagann anseo le héalú ó chontúirt an bháis nó géarleanúint ar bith eile, agus córas nach bhfágfaidh an pobal dúchais ag deireadh na scuaine. 

Thar aon rud eile, tá gá le plé stuama réasúnta, a thabharfaidh aitheantas don fhadhb ach nach mbeidh aon ghlacadh leis an gciníochas. Ní hiad na teifigh atá freagrach as teip an pholasaí tithíochta, ach an rialtas. Agus is ar an rialtas is cóir fearg an phobail a dhíriú. 

Ach ní dea-chomhartha ar bith an cineál achrainn a chuala muid sa Dáil, agus pointí á scóráil ar gach taobh. 

Agus, ar ndóigh, ní féidir linn a bheith ciúin maidir le ciníochas. Caithfidh muid freagraí a thabhairt ar eolas bréagach, ar eolas míchruinn. 

Ach ní fheicim go bhfuil an rialtas ná an tAire Dlí is Cirt ag déanamh aon iarracht tabhairt faoi sin. B’fhearr leo seanscéal a athinsint ar mhaithe le Sinn Féin a cháineadh, amhail is gur cluiche é seo idir na páirtithe móra. 

Fág freagra ar 'Ní maslaí a réiteoidh fadhb na hinimirce ach caint stuama'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Cár tógadh an pictiúr thuas?

  • WTF

    ‘amhail is gur cluiche é seo idir na páirtithe móra’ agus mórán mór den chuid eile acu chomh maith. Nach in é a bhíonn ar siúl acu furmhór an ama? Agus súil in airde acu le dáta an toghcháin atá ag teannadh leo? Iad ag tarraingt chun a muilinn féin? An ceann is fearr a fháil ar a chéile comhraic agus an rud a theastaíonn ó chluais an phobail a chlos, a rá? An dtabharfaí díospóireacht ar an ngamalaíocht sin? Féach an ‘briathar-chath’ a bhí ar siúl idir na Healy Raes, mar shampla, agus ceannaire Pháirtí an ‘Lucht Oibre’ mar gheall ar fón póca nokia Dainí a bheith ag clingeadh gan stad? Teachtaí Dála nó Fuirseoirí lán de ghliocas…agus d’airgead?