Ní maith i gcónaí an peann dearg i lámh an eagarthóra…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: creid é nó ná creid, ach namhaid é an peann dearg i lámh an eagarthóra i dtús phróiseas na heagarthóireachta

Ní maith i gcónaí an peann dearg i lámh an eagarthóra…

I mo shuí ar mo dhá lámh a chaith mé an chuid is mó den tseachtain seo. Agus mo mhéara sáinnithe faoi mo cheathrúna, ní fhéadfaidís dul ag plé leis an téacs ar scáileán mo ríomhaire (nó sin a shíl mé).

Is é an chaoi go bhfuil mé i mbun an chéad bhabhta eagarthóireachta ar úrscéal. Chríochnaigh mé an chéad dréacht ag deireadh mhí Feabhra, agus d’fhág mé an leabhar i leataobh ansin ar feadh míosa go leith d’fhonn fad éigin a chur idir mé féin agus an togra. An tseachtain seo, d’fhill mé ar an obair le súil an eagarthóra, seachas súil scríbhneora a chaitheamh uirthi.

An chéad chéim sa phróiseas eagarthóireachta ná léargas ginearálta a fháil ar an saothar a bhíonn idir lámha agat. An bhfuil an scéal á insint ag an gcarachtar is fearr a d’inseodh é? An dtosaíonn agus an gcríochnaíonn sé san áit cheart? An bhfuil lúba móra ar lár? 

Sin iad na mórcheisteanna a chaithfidh scríbhneoir a chur air féin i dtús báire agus é i mbun eagarthóireachta. Níor cheart go gcuirfeadh cur síos lag, caint chiotach, nó carachtair a mbeadh an chuma orthu go bhfuil siad déanta as cairtchlár pioc as dó ag an staid seo – gan trácht ar bhotúin chló ná gramadach lochtach.

Tá cúis shimplí leis sin: ní fiú am a chur amú ag cur snasa ar shleachta a chaithfear a ghearradh amach ar aon chaoi. An sábh ar dtús, agus ansin an páipéar gainimh!

Ach faraor, bíonn go leor i gcoitinne ag an scríbhneoir, agus é i mbun eagarthóireachta, leis an múinteoir scoile. Tagann an peann dearg amach a luaithe is a fheiceann sé botún cló nó gramadaí. An botún sin ceartaithe aige, feicfidh sé meafar measctha sa chéad líne eile, agus neamhleanúnachas sa chur síos ar charachtar éigin sa líne ina dhiaidh sin. An chéad rud eile, beidh uair an chloig caite aige ag déanamh seoda beaga d’abairtí aonair i mír nach raibh aon mhaith leis ar an iomlán.

Díriú ar an gcoill, seachas ar na crainn: sin é an dúshlán a bhíonn roimh an scríbhneoir agus é i dtús an phróiseas eagarthóireachta. Agus sin é an fáth gur chaith mé an chuid is mó den tseachtain seo i mo shuí ar mo lámha.

Ar oibrigh an tseift?

Níor oibrigh.

Faraor géar, ní scrolláileann an téacs ar scáileán ríomhaire síos go huathoibríoch nuair a bhaineann súile an léitheora bun an scáileáin amach. Bhí orm mo mhéara a úsáid chun an téacs a chur ar aghaidh, agus ag an bpointe leochaileach sin, de m’ainneoin féin, d’fhaigheadh meon an mhúinteora scoile an lámh in uachtar orm. 

Dírigh ar an gcoill, ní ar na crainn! a deirinn liom féin, ach ní raibh aon mhaith dom ann. Ar dtús, an téacs ar fad a phriontáil amach an t-aon leigheas ar an scéal a rith liom, ach – ag caint ar chrainn agus ar choillte – tháinig cathú orm láithreach faoin bpáipéar ar fad a bheadh orm a úsáid. 

Ar ámharaí an tsaoil, rith réiteach eile liom ansin. Rinne mé leagan pdf den leabhar, doiciméad ar féidir é a léamh ar scáileán ríomhaire ach nach féidir athruithe a dhéanamh ann. Buntáiste eile a bhaineann leis an doiciméad pdf ná go mbíonn an téacs leagtha amach mar a bheadh i leabhar – agus sin é go díreach a bhí uaim: an téacs a fheiceáil mar a d’fheicfeadh súile an léitheora é.

Fág freagra ar 'Ní maith i gcónaí an peann dearg i lámh an eagarthóra…'

  • Cormac Ó Dúlacháin

    Má scríobhaim le peann dearg is mó a éascaím ceard an ceartathór

  • An Cleite

    Má dhéanann tú ríomhleabhar den bhuntéacs (le Calibre) agus é a chur ar do chindeal (nó léitheoir ríomhleabhr eile), beidh seans agat é a léamh mar “scéal” seachas díriú ar aon ní eile. Is féidir (ar Kindle ar aon chaoi) aibhsiú a dhéanamh ar shleachta gur fiú dul siar orthu ar ball.