Ní liosta glas a theastaíonn dáiríre leis an tír a chosaint ach liosta dearg

Tá sé ionann agus cinnte go mbainfear an chiall chontráilte as eisiúint an liosta nua - trí thimpiste agus d’aon turas

Ní liosta glas a theastaíonn dáiríre leis an tír a chosaint ach liosta dearg

An tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney. Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Foilseoidh an rialtas liosta taistil glas Dé Luain. Sonrófar ar an liosta na tíortha a mbeifear ábalta cuairt a thabhairt orthu gan féinaonrú ar feadh 14 lá ar theacht ar ais duit.

Thug an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney le fios Dé hAoine nach gcuirfear na Stáit Aontaithe ar an liosta agus gur ar éigean a bheidh an Ríocht Aontaithe san áireamh.

Cuirfear ar an liosta glas tíortha ina bhfuil ráta ionfhabhtaithe an choróinvíris ar aon chéim le ráta na hÉireann nó níos ísle.

Beidh cuairt ar na tíortha sin ar aon dul feasta mar sin, a dúirt Simon Coveney, le cuairt ar Chiarraí nó ar Chonamara.

Is léir cheana agus cúis eisithe an liosta nua á míniú deacracht amháin a bheidh ag an Rialtas.

Cuirfear síol míthuisceana dá dheasca mura mbeidh teachtaireacht nua taistil an rialtais simplí agus intuigthe ó thús.

Ní bheidh srianta ar dhaoine a fhilleann ar Éirinn ó na tíortha ‘glasa’ ná ní bheidh orthu coinníollacha ar bith a chomhlíonadh. Mar sin féin, ní athrófar an chomhairle oifigiúil.

Iarrfar i gcónaí ar dhaoine staonadh ó thaisteal neamhriachtanach go dtí gach tír thar lear, na tíortha a bheidh ar an liosta glas san áireamh.

Tá sé ionann agus cinnte go mbainfear an chiall chontráilte as eisiúint an liosta nua – trí thimpiste agus d’aon turas. Tá Ryanair agus Stena ag áiteamh cheana féin ar dhaoine turais thar lear a chur san áireamh. Gan dabht bíonn fonn i gcónaí ar sciar den phobal neamhaird a thabhairt ar gach comhairle ón rialtas, ach tá dainséar níos mó ag bagairt anois ar an rialtas.

Cuirfear ina leith go bhfuil contrárthacht gan chiall idir (a) comhairle nár chóir taisteal in aon chor thar lear, ach amháin i gcás riachtanais agus (b) comhairle gur féidir taisteal go dtí tíortha áirithe atá sábháilte agus nach gá féin-aonrú ar fhilleadh abhaile astu.

Tuigfidh go leor daoine nach bhfuil an dá phíosa comhairle ag teacht salach ar a chéile, ach beidh amhras ar mhórán. Mar atá soiléir le tamall, ní leor polasaí láidir in aghaidh an víris. Ní foláir chomh maith an polasaí a chraobhscaoileadh i gceart agus é a mhíniú don phobal.

Ní mór líon na dturasóirí atá ag teacht go hÉirinn le tamall ach tá amhras á chothú cheana féin mar gheall ar lagrialacha chomh maith le lagchur i bhfeidhm.

Moltar do gach duine a thagann i dtír ón iasacht féinaonrú ar feadh 14 lá ag seoladh áirithe.

Cuirtear iachall orthu an seoladh a chur ar fhoirm atá ar pháipéar (a deir an rialtas a chuirfear ar líne go luath). Ina dhiaidh sin, níl socruithe éifeachtacha ná pionóis i bhfeidhm a chuirfeadh iachall ar dhaoine déanamh de réir a mbriathra.

D’admhaigh Simon Coveney nach nglaoitear ach ar bheagán thar 60% de na daoine a thagann i dtír chun a dheimhniú go bhfuil siad ag féinaonrú san ionad a chuir siad ar an bhfoirm. Níor admhaigh sé nach bhfuil seiceáil éifeachtach ar bith á déanamh ar na freagraí a thugtar. Is féidir le duine atá ag spaisteoireacht thart in Inis Eoghain a rá gur ag féinaonrú i dteach a mhuintire i bPort Láirge atá sé – ní dhéantar a thuilleadh fiosraithe faoin scéal.

Fiú dá bhfiosrófaí, ní ghearrfaí pionós air dá bhfaighfí amach gur inis sé bréag.

Thug Simon Coveney le fios inné, Dé hAoine, go mb’fhéidir go ndéanfaí tástáil sna haerfoirt ar ball ach níor thug sé sonraí. Ní léir mar sin cathain a dhéanfaí a leithéid, ná cé mhéad paisinéir a thástálfaí. Ní léir ach oiread go bhfuil sé beartaithe tástáil éigeantach, mar atá á moladh ag an bhFoireann Náisiúnta Um Éigeandáil sa tSláinte Phoibilí le breis agus mí, a chur i bhfeidhm.

Ní liosta glas a theastaíonn dáiríre leis an tír a chosaint ach liosta dearg, agus tástáil agus srianta a chuirfear i bhfeidhm dáiríre.

Fág freagra ar 'Ní liosta glas a theastaíonn dáiríre leis an tír a chosaint ach liosta dearg'

  • Eoin Ó Murchú

    Deacracht eile nach luaitear aon ait mórán. Sé sin má tá turas curtha in áirithe agat le haerlíne, agus an eitilt ar fáil ón gcomhlacht sin (Ryanair nó eile) agus má ghlacann tú le comhairle an rialtais gan taisteal caillfidh tú praghas an ticéid. Is brú é sin ar dhaoine taisteal ar aon chma beag beann ar chomhairle ar bith.
    Is coir go gcuirfeadh an rialtas iachall ar aerlinte aisíoc a dheanamh má chuireann duine turas ar ceal mar gheall ar chomhairle an rialtais. Ach tá aimhreas orm go gcuireann an rialtas leas eacnamúil na gcomhlachtaí sa túsáit insna scéalta seo.