Ní léirmheas é seo, is achainí é ar dhaoine an scannán seo a fheiscint

Éacht uafar scannánaíochta é The Zone of Interest le Jonathan Glazer, scannán suaithinseach nua faoin uileloscadh

Ní léirmheas é seo, is achainí é ar dhaoine an scannán seo a fheiscint

Tá scannán uafáis nua sa phictiúrlann. Fíorscéal atá ann ó ré an Dara Cogadh Domhanda, ach níl aon dealramh ag The Zone of Interest le scannán staire. Níl aon bhearna ama idir an lucht féachana agus na carachtair. Ní chaitear aon súil siar ann mar go bhfuil an tsúil ar an láthair, agus tá loinnir ghlé úrnua i ngach íomhá.

Príomhcharachtar an scannáin é Rudolf Höss, ceannfort Auschwitz. Is é is ábhar don scannán an saol sócúlach a chaitheann sé féin agus a chlann san áitreabh breá atá acu ar imeall an champa.

Ní tharlaíonn mórán ar an scáileán. Roinntear císte lae breithe; cuirtear páistí go fuadrach chun na scoile ar maidin; tugann lánúin laethanta saoire a n-óige chun cuimhne sa leaba; tagann Mamó ar cuairt. Ach dá neamhshuntasaí na híomhánna is amhlaidh is mó a chuireann siad samhnas orainn, óir tuigtear dúinn go bhfuil an t-uafás ag tarlú as radharc.

In Under the Skin, an scannán deireanach a stiúir Jonathan Glazer roimhe seo, tagann eachtráin ón gcianspás chuig an domhan seo againne. Nuair nach bhfuil siad i gcrot daonna, is ar shlí theibí thurgnamhach a thaispeántar iad, óir is stiúrthóir é Glazer a thuigeann go maith go dtéann rudaí áirithe thar chumas na samhlaíochta agus tá seifteanna go leor aige chun a leithéidí a léiriú go hindíreach ina chuid scannán.

In The Zone of Interest, an rud nach bhfeictear cloistear é. Ar na torainn a thagann mar sheabhrán seasta thar bhalla an ghairdín bhláfair tá béicíl, tafann, scaoileadh piléar, innealra, uailleacha, traenacha, dó. Is é an fuaimrian an scannán i ndáiríre. Éacht atá ann fuaim agus fís a chur i gcoimhlint le chéile ar bhealach chomh héifeachtach sin.

Ní léirmheas é seo. Is achainí atá ann ar dhaoine an scannán seo a fheiscint. Tá cairde agus dlúthchairde liom a bhfuil drogall orthu roimh dhuairceas an ábhair. Tuigim dóibh. Tá an saol deacair go leor gan bheith ag machnamh ar ainghníomhartha as cuimse. Tá cúraimí go leor orainn; caithfear feidhmiú ó lá go lá. Ach cuireann The Zone of Interest ar ár súile dúinn gurbh é an meon céanna ba bhonn le neamhshuim fhuarchroíoch mhuintir Höss: caithfear feidhmiú ó lá go lá.

Sara bhfaca mé an scannán, caithfidh mé a admháil nach rómhinic a bhí an tUileloscadh ar m’intinn. Ní hé go rabhas aineolach. Chonac scata scannán is cláir faisnéise nuair a bhíos níos óige is thugas cuairt ar chorrmhúsaem ábhartha ar an mór-roinn. Ach le himeacht ama ní raibh fágtha agam ach fios ar bhonn intleachtúil. Le fíricí a thagann an fios sin ach is le mothúcháin a thagann tuiscint.

Tá gá le sárshaothair mar The Zone of Interest chun tocht agus múisc a chur orainn an athuair. Thairis sin, mhúscail sé fiosracht nua ionam i leith an ábhair, rud a spreag mé le foinsí eile eolais a aimsiú. Molaim go háirithe éacht scannánaíochta eile, Shoah le Claude Lanzmann, a bhfuil fáil air ar YouTube.

I bhfianaise bhaois na huaire, is saothar práinneach é seo. Tá antoiscigh ar dheis ag teacht i dtreis ar fud na hEorpa, Éire san áireamh, agus mionlaigh leochaileacha á lua le gach fadhb shóisialta. Tá ainghníomhartha á ndéanamh ar fud na cruinne agus is iomaí teaghlach sona sásta atá rannpháirteach.

Fágann foláireamh The Zone of Interest míshuaimhneach sinn: Nílimid ró-éagsúil le muintir Höss. Ach déanann sé éileamh dearfach orainn chomh maith: leagtar na ballaí. Osclaítear comhlaí an chroí. Caitear aníos.

Fág freagra ar 'Ní léirmheas é seo, is achainí é ar dhaoine an scannán seo a fheiscint'