‘Ní léir go bhfuil tine ar a gcosa tabhairt faoi athbhreithniú ar na coláistí samhraidh Gaeltachta’

Dúradh i ndiaidh Bhuiséad 2023 go dtabharfadh Roinn na Gaeltachta faoi athbhreithniú ar earnáil na gcoláistí Gaeilge san fhómhar ach níor cuireadh tús leis go fóill

‘Ní léir go bhfuil tine ar a gcosa tabhairt faoi athbhreithniú ar na coláistí samhraidh Gaeltachta’

Níl Roinn na Gaeltachta sásta a rá an ndéanfar athbhreithniú ar earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge in ainneoin gur gheall an Rialtas go dtabharfaí faoina leithéid an fómhar seo.

Dúradh i ndiaidh Bhuiséad 2023 go dtabharfadh an Roinn faoi athbhreithniú le páirtithe leasmhara chun léargas a fháil ar chás na gcoláistí Gaeilge i mbliana agus chun plé a dhéanamh ar thacaíocht bhreise a chur ar fáil don earnáil.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers mí Mheán Fómhair go raibh an Roinn i dteagmháil le CONCOS, a dhéanann ionadaíocht ar na coláistí, agus le mná agus fir tí na Gaeltachta agus go rabhthas chun athbhreithniú a dhéanamh “ar gach rud”. Dúirt sé go bhfoilseofaí torthaí an athbhreithnithe sin nuair a bheadh sé críochnaithe.

Tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil an Roinn tar éis cúlú ón ngealltanas sin, áfach. Nuair a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív ceist Dála ar an Aire maidir le cén uair a chuirfí tús leis an obair athbhreithnithe, dúirt go raibh an cheist maidir le grúpa oibre a bhunú le tabhairt faoin obair “á breithniú” ag Roinn na Gaeltachta “faoi láthair”.

Níor luaigh an tAire Stáit aon amscála ná ná níor thug sé aon eolas eile faoina bhfuil i gceist ag an Roinn a dhéanamh, ach thagair sé don tacaíocht bhreise atá curtha ar fáil ag Roinn na Gaeltachta do na coláistí samhraidh i mbliana, an t-ardú 20% ar an deontas do mhná tí san áireamh.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt an Teachta Dála agus iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív go raibh sé chun an scéal a phlé arís leis an Aire Stáit chun an tábhacht a bhaineann leis an obair athbhreithnithe a chur in iúl dó.

“Ní léir go bhfuil tine ar a gcosa sa Roinn [chun tabhairt faoin athbhreithniú],” a dúirt an t-iarAire Gaeltachta.

Dúirt Ó Cuív go bhfuil sé “fíorthábhachtach” breathnú ar earnáil na gcoláistí Gaeilge agus na deiseanna atá ann tuilleadh daoine a mhealladh chuig na coláistí, idir óg agus aosta, a fhiosrú.

“Níor cheart dúinn riamh dearmad a dhéanamh, na coláistí Gaeilge mar a thuigeann muid iad le scata daoine óga ag teacht, ní hin a bhí ann an chéad uair riamh. An fáth gur bunaíodh iad i 1904 ná Gaeilge a mhúineadh d’ábhar oidí, le go mbeadh daoine ann chun an Ghaeilge a theagasc.

“Ba cheart dúinn breathnú ar na féidearthachtaí ar fad. Cén chaoi, mar shampla, le cur leis an margadh an chuid eile den bhliain, ní hamháin sa samhradh? Céard faoi chúrsaí gearra, agus mar sin de?”

Ní féidir na deiseanna sin a scrúdú gan tabhairt faoi athbhreithniú ceart in éineacht leis na coláistí féin, a dúirt Ó Cuív,.

“Níor cheart go mbeadh srian ar bith ar an mbealach a mbreathnódh muid ar an tionscadal fóirdheonaithe seo agus is féidir a rá, má tá muid dáiríre faoi straitéis a bheith againn, ‘caithfidh muid tosú as an nua ar fad’,” a dúirt sé.

“Níl mé ag rá gan leanúint ar aghaidh leis na cúrsaí trí seachtaine ach tá dreamanna anois ag déanamh cúrsaí coicíse, tá cúrsaí i rith an gheimhridh, roimh an Ardteist agus mar sin de.

“D’osclóinn an rud ar fad agus bheinn i bhfad níos solúbtha leis an airgead stáit. Má tá ciall le bheith le haon straitéis, caithfidh muid a bheith fairsing agus flaithiúil.”

Creideann an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar nár cheart go mairfeadh an t-athbhreithniú níos faide ná trí mhí agus go gcuirfí na moltaí a eascraíonn as i bhfeidhm an samhradh seo chugainn.

“Ní gá go mbeadh rud críochnúil amach agus amach. Sin an fhadhb atá sa saol atá againn. Bíonn muid ag iarraidh go mbeadh chuile shórt chomh críochnúil ach ansin, bíonn muid ag fanacht trí nó ceithre bliana ar rudaí.

“Mar Aire, is éard a bheadh uait ná seacht smaoineamh maith ag dul ar aghaidh mar thriail an chéad bhliain eile. Ní gá go mbeadh freagra gach ceiste agat. Go leor de na rudaí, is ‘trial and error’ a bheadh ann.”

Dá meallfaí tuilleadh daoine chun freastal ar na coláistí, dúirt Ó Cuív go gcuirfeadh sé le líon na gcainteoirí Gaeilge agus go gcuirfeadh sé le geilleagar na Gaeltachta.

“Deirim seo i gcónaí, níl aon bhealach níos fearr chun déanamh cinnte go leanfaidh an teanga uirthi mar theanga láidir sa Ghaeltacht ná cur le heacnamaíocht na háite.”

Fág freagra ar '‘Ní léir go bhfuil tine ar a gcosa tabhairt faoi athbhreithniú ar na coláistí samhraidh Gaeltachta’'

  • Lurgan

    Seo comhfhreagras a chuir Lurgan, ar an 19ú Mean Fómhair 2019, chuig Airí Gaeltachta, Airí Oideachais agus urlabhraithe Gaeltachta & Oideachais na bpáirtithe freasúra.
    Níor fritheadh freagra d’aon chineál da bharr.
    Leagann sé amach an tsaghais mór-stiúreadh ar an earnáil a bhfuil a mholadh ag Lurgan ó 2005.
    Déanann sé tagairt dar mhíshástacht ag deireadh cúrsaí 2019 leis an gcóras “cigireachta”mar a sheasann.

    A Aire / Urlabhraí, a chara,

    Tá mé ag iarraidh ort roinnt ama a thabhairt don tuairimíocht sa ndoiciméad gearr seo mar go dtagann sé faoi do chúram mar urlabhraí oideachais / Gaeilge /Gaeltachta.
    Béifear á rá leat, ag cigirí agus oifigeachaí na Ranna Oid./Gaeltachta, go bhfuil na tuairimí seo aontaobhach, áibhéileach & claonta ach deirimse go bhfuil siad cruinn, tomhaiste & tráthúil.
    Tá cluas bhodhar tugtha do chuile thuairim, moladh, achainaí a rinne Col. Lurgan leis na Ranna Oid./Gaeltachta le 20 bliain anuas.
    Tá ísle brí agus éadóchas le haireachtáil san earnáil mar atá i múineadh / foghlaim / sealbhú na teanga i ngáthscoileanna na tíre.
    Níl mantra “Business as usual” na Ranna Oid./Gaeltachta inghlactha.
    Tá an t-achainí poiblí seo á dhéanamh ag Col. Lurgan, uair amháin eile (don uair dheirneach seans), go mbunófaí Bord Stiúrtha Deonach ag a mbeadh sé mar chuspóir an earnáil a fhorbairt mar thogra barr feabhais oideachais.
    Níl aon fhiúntas dhúinne aon cheo a iarraidh ar chigirí / oifigeachaí na Ranna Oid. / Gaeltachta aríst.
    Tá muid ag iarraidh oraibhse, Airí & urlabhraithe Oid. & Gaeltachta, tuilleadh eolais a fháil amach faoi na laigeachtaí & easnaimh a bhaineann le mórbhainistiú an earnáil agus ar an easpa físe & gustail óna Ranna Oid./Gaeltachta ina taobh.

    Ionaid barr feabhais i bhfoghlaim na teanga an sprioc a cheart a bheith ag colaistí Gaeilge, ina mbeadh chuile pháirtí ag obriú as lámh a chéile leis an tacaíocht, cúnamh agus treoir is fearr a thabhairt.
    Níl muid ró-fhada ón idéal seo ach teastóidh fís agus fios gnóithe le teacht i dtír air. Níl na t-eolas ar fad, na freagraí go léir nó an monopoly ar an
    dea-chleachtas is fearr ag aon dream ar leith ach níl sé ródheacair na cur chuigí is fearr a aimsiú agus tógáil orthu.

    4 Chéim Chun Cúrsaí Gaeltachta a Chur in Oiriúnt don 21ú Aois

    1. Bunaigh bord stiúrtha deonach ar a mbeidh ionadaíocht cothrom ag Mná Tí, Na Ranna Stáit (Oid. HSE & Gaeltacht), Bainistíocht na gCol. Gaeilge / Comhairle na dTuismitheoirí / Múinteoirí Gaeilge / Eagraíochtaí Gaeltachta etc …
    2. Béimigh go mór, i gcomhair leis an Roinn Oid., an ghné oideachasúil. Rith cúrsaí oiliúna & tréanála do phríomhoidí, múinteoirí, mna tí, cúntóirí agus cinnirí tí.
    3. Fostaigh sár-mhúinteoirí Gaeilge, le taithí mhaith ar chúrsaí Gaeltacha, ar bhun iasachta (tréimhsí dhá bhliana) chun ábhair teagaisc & ardáin foghlamtha a fhorbairt. Seasadh coláistí Gaeilge 50% den chostas agus an Roinn Oid. An 50% eile.
    4. Comhordaigh obair na cúrsaí Gaeltachta le hobair na scoile chun luach oideachasúil na gcúrsaí a mhéadú go mór.

    Braithtear go bhfuil todhchaí na gcúrsaí Gaeltachta agus sár-mhúineadh na teanga labhartha sa gcóras oideachais fite fuaite ann chéile. Feictear dhom gur game changer a bheadh ann do chúrsaí Gaeltachta & oideachas na Gaeilge dá
    mbeadh ról forbortha gníomhach ag an Roinn Oideachais sa ngné oideachasúil dona coláistí Gaeilge.
    Is ag obair as lámha a chéile a cheart go mbeadh chuile pháirtí – Na Ranna Oid./Gaelt.HSE le sár-mhuinteoirí Gaeilge, le mná tí, le ionadaithe ó chomhairle na dtuismitheoirí, le heagraíóchtaí áitiúla, agus páirtithe eile nach iad, chun plean forbortha fadbhreathnaitheach dona gcúrsaí Gaeltacha a tharraingt aníos, a aontú agus a fheidhmiú. .

    Tá Col. Lurgan, mar ghlór aonair, ag éileamh Bord Stiúrtha Deonach ó 2005.
    I 2007 dheimhnigh an t-aon staidéir cuimsitheach a déanadh i dteannta an HSE, i dtaobh cúram leanaí atá ag freastal ar chúrsaí Gaeilge, gur bunú a leithéad de choiste an príoracht ba mhó.
    Féach: ClárPíolótach-HSE-2006- Ceangailte.
    “Mar sin caithfear ‘Eintiteas Corparáideach’ nua a chruthú nó coiste cúig pháirtí a bhunú, chun na polasaithe, próisis agus na róil ar fad a shoiléiriú maidir leis na treoracha nó a macasamhail.
    Is iad na cúig pháirtí ná:
    1. An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
    2. An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
    3. Na Coláistí Gaeilge
    4. Na Mná Tí
    5. Tuismitheoirí/Caomhnóirí na scoláirí”

    Tá se ráite linne go leanúnach ag cigirí / oifigeachaí Ranna Oid/Gaeltachta gur gnólacht príobháideach muid agus gur ar mhaithe an bhrabúis atá muid ag feidhmiú. Fiú i mbliana, chuir cigirí inár leith gur ar mhaithe le hairgead a bhunaigh muid TG Lurgan in ainneoin nach bhfuil aon monitization déanta ar an gcainéal.
    Ní thuigim, ar chor ar bith, cén fáth a mbeadh Ranna Stáit & páirtithe eile i gcoinne Coiste Stiúrtha Deonach, rud a cheadódh iniúchadh níos grinne & níos cuimsithí ar na “gnólachtaí príobháideacha” chomh maith le chuile ghné eile den earnáil.
    Shamhlófá gurbh iad na “gnólachtaí príobháideacha” nach mbeadh ag iarraidh a leitheád de Choiste Stiúrtha Deonach agus go mba iad na Ranna stáit a bheadh á héileamh.
    Is cúis ollmhór imní é nach féidir ceisteanna á n-ardú i dtaobh laigeachtaí & easnaimh shóiléire, i bhfóram oscailte, uileghábhálach ina mbeadh inchur comhionann ag na príomhpháirtithe ar fad.
    Níl aon cheo nach bhfuil Col. Lurgan toilteanach a phléigh, níl aon cheist nach mbeadh muid sásta a fhreagairt mar go bhfuil muid 100% tiománta dár misiún – cuidiú lenár scoláirí óga teacht isteach ar an nGaeilge labhartha.

    Nuair a foilsíodh “Straitéis 20 na Gaeilge” gealladh forbairtí móra ar scóp & éifeacht na gColáistí Gaeilge.
    “The effectiveness of the Summer Colleges can be increased substantially with a more coherent and well-planned curriculum design process for the colleges and, in this regard, the Department of Education and Science will continue to be involved in quality assurance of the sector”
    Dhá mhí théis seo a fhoilsiú chas an Roinn Oid. a droim ar an ról & freagrachtaí a bhí acu le dhá scór bliain roimhe agud thréig siad na Coláistí Gaeilge.
    Ma tá/bhí aon duine sa Roinn Oid, le scór blian anuas, a bhfuil/raibh ar bealach ar bith, gníomhach / cabhrach nó ag feidhmiú ar aon chaoi le hearnáil na gColáistí Gaeilge a fhorbairt ar aon slí,níor casadh ormsa iad nó níl clostí a’am fúthu.
    Is folús iad Roinn Gaeltachta maidir le fís/forbairt/samhlaíocht & cruthaíocht nó fiú bunthuiscint ar an earnáil.

    Is léir nach bhfuil an tuiscint nó na tosaíochta céanna ag Col. Lurgan agus atá ag na Ranna Oid./Gaeltachta ar an tslí ar cheart Coláistí Gaeilge Gaeltachta a fhorbairt mar ionaid barr feabhais i bhfoghlaim/sealbhú na teanga.

    Is í an t-aon chúis le Col. Lurgan a bheith ann ná chun na scoláirí óga a thagann chugainn i rith saoire an tsamhraidh a fháil “excited” faoina dteanga fhéin.
    Ní ar mhaithe le “pay cheque “ a oibríonn múinteoirí óga agus cúntóirí 13 uair sa lá / 7 lá na seachtaine.
    Tá dílseacht, comhbhá agus suim inbhraithe ag na daoine breátha seo ina dteanga agus ina cur chun cinn. Cuirtear go mór le dea-thaithí na bhfoghlaimeoirí oga de bharr fuinnimh & spéise na “n-oibrithe deonacaha” seo agus is iadsan, thar aon dream eile, an fáth go n-éiríonn chomh maith le cúrsaí Gaeltachta.

    Rollaí:
    Roimh 2005 ní bhíodh aon chonspóid / aighneas faoi rollaí agus ní bhíodh cúirt na gcigirí gaingeadach/comhlinteach mar atá o shin
    Tá os cionn 40,000 scoláire théis freastal ar an gColáiste le 20 bhliain anuas. Oibríonn ár gcuid córais uilig go héifeachtach agus go hábalta mar go mbíonn foireann cumasach idir príomhoidí / leasphríomhoidí / mná tí / múinteoirí tí / cúntóirí tí / cinnirí tí ag feidhmiú as lámh a chéile. Bíonn sa mbeis ar 150 duine fásta ag obair go lánaimseartha ar chuile chúrsa.
    Níl aon fhiúntas / chúnamh nó buntáiste ar bith ag na rollaí glasa atá á bhrú ag an Roinn Oid./Gaeltacha i mbainistiú an chúrsa. ,
    Réitigh mé doiciméad cuimsitheach faoi rollaí agus ár dtuairimí fúthu, i 2015. Ní tugadh aiheantas/dearbú nó freagra riamh air.
    Féach: Rollaí-RollBooks-2015 – ceangailte

    Tá dualgas ar an gColáiste deá-ainm & carachtar ár n-oibrithe a chosaint ar an tsíor-ionsaí atá á dhéanamh ag cigirí na Ranna Oid/Gaeltachta.
    Ní thugann an Stát aon chúnamh / tacaíocht dhúinn agus níl muid ag obair dhóibhsean nó faoi choimín acu ar shlí ar bith.
    Tá an Coláiste maoinithe 100% ag táillí tuismitheora amháin.
    Tá se ráite go soiléir, go hard agus go rialta gur mian linn comhoibriú le chuile dhream & chuile pháirtí ar mhaithe le fiúntas & éifeacht obair na gColáistí Gaeilge a chuir go mór chun cinn. Is chuige sin atá muid ag éileamh, ó 2005, go mbunófaí Bord Stiúrtha Deonach don earnáil mar níl aon bhealach eile ar féidir comhthoil a chothú agus teacht ar chomhaontú cuimsitheach.

    Ceistním go hoscailte agus go poiblí ionracas, oiriúnacht agus neamhchlaontacht an chóras cigireachta atá á stiúradh ag Roinn na Gaeltachta.
    I mbliana, cuireadh inár leith go raibh trí locht “tromchúiseach” aimsithe i mbainistiú an chúrsa Gaeilge.
    1. Nach raibh (dar leo) ainmneacha / sonraí / uimhreacha teagmhalá “Designated Liaison Person” crochta go poiblí sa gColáiste. – Bhí. Bhí siad crochta i 6 áit difriúil ar an gcampas.
    2. Nár cuireadh (dar leo) liosta leasaithe múinteoirí ar aghaidh chuig Roinn na Gaetachta sular thosaigh an cúrsa. – Cuireadh. Seoladh an liosta leasaithe 5lá sular thosaigh an cúrsa
    3. Nach raibh síniú an bhainisteora (m’ainmse) ar fhoim a tugadh dhóibh mar chóip crua de dhoiciméad – Ba chóip tagartha a bhí ann.
    Anuraidh, cuireadh mark dubh inár gcoinne toisc nach raibh coinníoll breise “ Risk Assesment Report” ar fáil dona cigirí. Bhí an cigire a mba é a post muid a bheith curtha san eolas faoin gcoinníoll breise seo ár gcáineadh go láidir in ainneoin nach raibh aon scéala curtha aici chugainn ina thaobh. Dhá lá théis na cuairte a thainig an treoir faoin gcoinníoll. Jab sách gnáthamh an tuairsc ginearálta a chuir i dtoll a chéile.
    Seans go gceapfá gur mion-ghearán iad seo ach siad seo na cineáil leathfhírinní a dhéantar go córasach bliain i ndiaidh bliana. Tugann siad le tuiscint go dtógtar aicearraí maidir lenár ndúalgas cúraim, rud nach bhfuil fíor.

    Garda Vettáil n a dtithe lóistín:
    Is ceist an-tromchúiseach í seo a tháinig chun solais ar an 3:00pm ar an 11ú Iúil nuair a lorg Oifigeach sinsireach ón Roinn Gaeltachta Garda Clearence/Vetting Cert ó cheann de na tithe a choinníonn scolairí. Dúradh gur ar an gColáiste a bhí an dualgas an próiséas seo a reachtáil agus nach gceadófar scoláirí a choinneáil dhá uireasa.
    Ní raibh, agus níl ó shin, aon cheo ráite nó faighte i scríbhinn, i ríomhphost, i gcomhrá nó i gcomhphléigh i dtaobh an t-athrú ollmhór seo a théann go croílár deachleachtas cúram na n-óg.
    Tá a bhfuil leagtha amach ag Roinn na Gaetachta ar a suíomh idirlín fhéin sách soiléir.

    Is cruthúnas soiléir an ghéarchéim seo ar an ngéarghá le bunú Coiste Stiúrtha Deonach agus ba é an t-eachra seo a dheimnigh an phráinn atá leis.

    Todhchaí Lurgan.
    Tá dianchainteanna ar bun le hÚdarás na Gaeltachta le campas nua uaillmhianach a thógáil. An t-amchlár le haghaidh seo ná gurbh é 2k20 an bhliain deireadh a bheas an Coláiste Gaeilge ag feidhmiú ón bhfoirgneamh ar an gCnoc a tógadh os cionn 50 blian ó shin.
    Tá fís shoiléir ag an gCol. Gaeilge, le 20 bliain anuas, ionad oideachais, cultúrtha, sóisialta a thógáil a d’fhreastlódh ar an réimse is leithne tionsnaimh teanga lárnaithe. Beidh doiciméad cuimsitheach & chun dáta, ina thaobh seo réitithe go luath. Cuirfear cóip chugat.
    Bheadh drogall ollmhór ar Chol. Lurgan a bheith páirteach i dtionscadal chomh huaillmhianach & fadbhreathnaitheach gan lánmhuinín againn as mórbhainistiú an earnáil.

    ACHOIMRE:
    Teastaíonn cur chuige aontaithe a bheadh bunaithe ar na tosaithe seo:
    Oscailteacht, trédhearcacht, páirtnéireacht, comhthoil, comhaontú, samhlaíocht & cruthaitheacht, forbairt deachleachtais, cothú gné úinéireachta & freagrachta…

    Bunú Bord Stiúrtha Deonach an t-aon bhealach le seo a dhéanamh.

    Déanta na fírinne, is beag dóchais a bhfuil agam go dtiocfaidh tada as an gcomhfhreagras seo.
    Tá a mhacasamhail seolta go minic cheana le 20 bliain anuas.
    Bíonn “lucht na Gaeilge” polaiteoirí, státseirbhísí thar cionn ag tuairimíocht, seanmóireacht & díospóireacht ach faraor, ní bhíonn ann go minic ach caint fholamh.
    Má bhíonn suim agat, i ndáiríre, oibriú ar mhaithe le todhchaí earnáil na gColáistí Gaeilge Gaeltachta agus má ritheann sé leat go bhfuil fiúntas i mbunú Bord Stiúrtha Deonach dona Coláistí Gaeilge Gaeltachta, beidh muide i gCol. Lurgan, lán-tsásta ár gcuid a dhéanamh.