Ní leigheasfaidh tuilleadh smachtbhannaí scéal ar bith

I lár na cainte faoi smachtbhannaí is bagairtí eile in aghaidh na Bealarúise tá ceist mhór eile

Ní leigheasfaidh tuilleadh smachtbhannaí scéal ar bith

Uachtarán na Bealarúise, Alexander Lukashenko

Masla don tír seo is ea iachall a chur ar eitilt de chuid Ryanair, comhlacht Éireannach (de chineál) tuirlingt éigeandála a dhéanamh sa mBealarúis ar mhaithe le duine a ndeirtear faoi gur sceimhlitheoir é a ghabháil.

Cibé cúis atá ag an mBealarúis i gcoinne Roman Protasevich, ní bhaineann sé leis an tír seo is níl sé ceart muid a tharraingt isteach sa scéal.

Deir na Bealarúisigh go bhfuair siad fógra go raibh buama ar bord, ach ní chreideann rialtas na tíre seo an scéal sin, nó bhí sé iontach áisiúil gur thug sé an deis don rialtas Protasevich a ghabháil tar éis don Liotuáin diúltú é a eiseachadadh.

Baineann baol áirithe, freisin, le tuirlingt éigeandála ar bith, is ar an ábhar sin go bhfuil míniú fírinneach ar an scéal dlite don tír seo.

Bhí an ceart ag an rialtas mar sin labhairt amach agus an míniú sin a iarraidh.

Ach, ar ndóigh, rinneadh cluiche den scéal ar mhaithe leis an iarracht atá ar siúl ag NATO agus an tAE brú a chur ar rialtas na Bealarúise imeacht as oifig agus an tír a thabhairt ar láimh don Iarthar.

Bhí smachtbhannaí i bhfeidhm cheana féin mar chuid den fheachtas in aghaidh na Bealarúise.

Níor éirigh leis na smachtbhannaí sin aon dochar a dhéanamh don Bhealarúis, is ní dhéanfaidh smachtbhannaí breise aon dochar di ach an oiread. Mar, níl an Bhealarúis ag iarraidh teacht isteach i gcomhluadar an Iarthair, agus an fhaid is atá siad in ann leanúint lena gcuid trádála leis an Rúis, leis an tSín agus le namhaid ar bith eile leis an Iarthar, is cuma leo.

Níor chuir na fíricí sin aon srian ar leithéidí Bobby McDonagh, ambasadóir tráth i gcúrsaí taidhleoireachta na hÉireann, glafaireacht a dhéanamh san Irish Times faoin ngá le ‘luachanna’ na hEorpa a chosaint.

An iad na ‘luachanna’ céanna a bhí chun tosaigh nuair a cuireadh iachall ar eitleán de chuid na Bolaive tuirlingt san Ostair ar mhaithe le cuardach a dhéanamh ag iarraidh Edward Snowden a ghabháil? Snowden a sceith eolas faoi chogaíocht na Stát Aontaithe ar fud an domhain.

Ni cuimhin liom aon eagarfhocal san Irish Times faoi sin, nó aon ráiteas ó pholaiteoir ar bith faoin riachtanas stop a chur le haerphíoráideacht den chineál sin.

Ar ndóigh, toisc gur eitleán Éireannach é, is ceart go mbeadh spéis faoi leith againn sa scéal seo.

Ach i lár na cainte faoi smachtbhannaí is bagairtí eile in aghaidh na Bealarúise tá ceist mhór eile faoi pholasaí na smachtbhannaí.

Tá a leithéid i bhfeidhm ag an gcuid is mó de thíortha an Iarthair, ag leibhéil dhifriúla, i gcoinne na Rúise, na Síne, na hIaráine, na Siria, na Veiniséala, na Bealarúise, agus eile – cuid acu tuillte ar ndóigh, ach cuid acu bainteach leis an dara cogadh fuar atá á chur chun cinn i gcoinne tíortha nach ngéillfeadh do lámh an uachtair an Iarthair.

Ait go leor, níl aon smachtbhannaí ann in aghaidh Iosrael, in ainneoin na n-ionsaithe leanúnacha ar na Palaistínigh; nó in aghaidh na hAraibe Sádaí, in ainneoin a bhfuil ar siúl acu san Éimin.

Agus toisc an oiread sin tíortha a bheith i gceist, (más tíortha iad nach mbaineann le comhghuaillíocht an iarthair), le firinne níl aon tábhacht mhorálta leis na smachtbhannaí céanna – go háirithe toisc nach é an t-aon fhoras idirnáisiúnta a bhfuil neodracht ar bith ag baint leis, na Náisiúin Aontaithe, a cheadaíonn iad.

Maidir le beart na Bealarúise, is fiú a thabhairt faoi deara go bhfuil ceart ag aon tír faoi Choinbhinsiún Chicago den Eagraíocht Idirnáisiúnta um Eitleoireacht Shibhialta (ICAO) de chuid na Náisiún Aontaithe iachall a chur ar aon eitleán ina cuid aerspás tuirlingt má bhíonn amhras ann go bhfuil aon rud mídhleathach ar siúl.

Ach ní bhacann an tAE nó tíortha an Iarthair leis na Náisiúin Aontaithe nó leis an ICAO.

I ndáiríre is cóir go gcuirfí stop leis an gcur isteach ón taobh amuigh ar thíortha mar an Bhealarúis. Má tá athrú rialtais ag teastáil ó mhuintir na Bealarúise, agus níl aon fhianaise de sin againn ach tuairimíocht stáit an Iarthair a dhiúltaíonn glacadh le toradh an toghcháin ba dheireanaí, is é a gcuid gnó féin é.

Is cóir iarrachtaí a dhéanamh le teas a bhaint as an gcaidreamh idirnáisiúnta, in ionad a bheith ag cur leis gan stad.

Go deimhin is é an t-aon toradh a fheicimse ar an bhfeachtas seo ná go bhfuil stáit taobh amuigh de chomhghuaillíocht an Iarthair á mbrú le chéile níos mó ná riamh.

Ní cóir dúinne ligean dár bhfearg faoi eitleán Éireannach a bheith i gceist muid a tharraingt isteach in aon chomhghuaillíocht mhíleata.

B’fhearr i bhfad dá labhródh muid go díreach leis an mBealarúis. Seans go bhfaigheadh muid éisteacht níos fearr.

Fág freagra ar 'Ní leigheasfaidh tuilleadh smachtbhannaí scéal ar bith'

  • An Cróiníneach

    ‘I ndáiríre is cóir go gcuirfí stop leis an gcur isteach ón taobh amuigh ar thíortha mar an Bhealarúis. Má tá athrú rialtais ag teastáil ó mhuintir na Bealarúise, agus níl aon fhianaise de sin againn ach tuairimíocht stáit an Iarthair a dhiúltaíonn glacadh le toradh an toghcháin ba dheireanaí, is é a gcuid gnó féin é.’

    Tá an abairt sin dochreidte – nach dtuigeann tú, a Eoin, go n-úsáideann Lukashenko an lámh láidir chun léirsithe ar son an daonlathais a chur faoi chois agus go mbíonn na toghcháin rigeáilte? Tá a fhios againn sin ó mhuintir na Bealarúise féin: ‘In the three weeks since the election that kept Lukashenko in power with a landslide win, hundreds of thousands of people have protested what they say was a rigged outcome. Demonstrations and strikes in the country have been met by a police crackdown including mass detentions, beatings and criminal charges against organizers.’ (https://apnews.com/article/international-news-ap-top-news-europe-72e43a8b9e4c56362d4c1d6393bd54fb)

  • Maciej Grabowski

    Eoin Ui Mhurchu! Dean turas gearr do Bhealaruis agus dean iarracht an rialtas na tire sin a chaineadh… Feicfidh tu laithreach ce chomh heagsuil ata na dlithe in Eorpaip/Stait Aontaithe agus i ndeachtoirearcht cosuil le Bealaruis no Ruis… Ni beidh tu ag sciobh choiche ce chomh dona ata muid in Eoraip nuair a bheas do chuid lamha briste ag ceatharnaigh stait Bhealaruis in eide phollini… Muise, nil aon eolais ‘ad ar na cursai Eoraip Thoir…

  • Maciej Grabowski

    Eoin Ui Mhurchu! Dean turas gearr ar Bhealaruis agus dean iarracht an rialtas na tire sin a chaineadh… Feicfidh tu laithreach ce chomh heagsuil ata na dlithe in Eoraip/Stait Aontaithe agus i ndeachtoirearcht cosuil le Bealaruis no Ruis… Ni beidh tu ag sciobh choiche ce chomh dona ata muid in Eoraip nuair a bheas do chuid lamha briste ag ceatharnaigh stait Bhealaruis in eide phollini… Muise, nil aon eolas ‘ad ar na cursai Eoraip Thoir…

    Leagan ceartaihte. Cheartaigh mo chuid botuin.