Ní inniu ná inné a thosaigh laochra spóirt ag tarraingt airde ar chúrsaí cearta agus mionlaigh

Go dona a chaith na húdaráis go minic leo siúd a tharraing aird ar an leatrom

Ní inniu ná inné a thosaigh laochra spóirt ag tarraingt airde ar chúrsaí cearta agus mionlaigh

Peter Norman, Tommie Smith agus John Carlos ag na Cluichí Oilimpeacha i Meicsiceo i 1968

Tá sé cúpla bliain anois ón am ar thosaigh an peileadóir Meiriceánach Colin Kaepernick ag dul ar leathghlúin agus é ag gearán faoin íde a bhí cuid de phóilíní na Státaí a thabhairt dá chine. Tá lúthchleasaithe eile anois ag leanacht a shampla agus dá mbarr ar fad athmhúscailt déanta ar an agóid a rinne Tommie Smith agus John Carlos ag searmanas bronnta bonn ag na Cluichí Oilimpeacha i Meicsiceo i 1968.

Agus bonn óir an rása 200 méadar bronnta ar Smith agus an ceann cré-umha bronnta ar Carlos, d’ardaigh siad beirt lámh san aer agus amhrán náisiúnta a dtíre á chasadh. Bhí miotóg dhubh ar lámh dheis an bhuaiteora agus ar lámh chlé a chomrádaí, stocaí dubha orthu mar chomhartha den bhochtaineacht a bhain le go leor dá gcine, scaif dhubh timpeall ar mhuineál Smith mar chomhartha mórtais mar aon le suaitheantais a bhain le cearta daonna a bheith ar taispeáint ar a gcuid seaicéad. Bhí muince dubh timpeall a mhuiníl ag Carlos i gcuimhne ar na daoine dubha ar fad a crochadh agus a ndearnadh linseáil orthu.

Nuair a scríobh sé scéal a shaoil ina dhiaidh, dúirt Smith nach raibh aon bhaint ag a gcomhartha féin leis an gceann a chleacht an ghluaiseacht ‘Black Power’, a d’éiligh tuilleadh cearta agus tuilleadh cumhachta do dhaoine dubha i ndeireadh na 1960idí agus i dtús na 1970idí. Bhí cearta daonna ar fud na cruinne i gceist acusan a dúirt sé.
Cuimhnigh gur tharla seo ar fad cúpla mí tar éis feallmharú Martin Luther King agus i bhfoisceacht ráithe de dhúnmharú Robert Kennedy. Bhí na Stáit Aontaithe foirgthe ag cuthach, fearg agus faitíos.

Rud a ndéantar dearmad go minic air agus trácht á dhéanamh ar an eachtra gur thacaigh an tAstrálach Peter Norman, a bhuaigh an bonn airgid, le hagóid na beirte agus gur chaith seisean freisin suaitheantas a d’éiligh deireadh a chur le ciníochas i gcúrsaí spóirt. Beo bocht a tógadh Norman in Melbourne agus tuairimí daingne aige dá bharr faoin éagóir agus faoin gceart.

Ag an am bhí corraíl chiníoch forleathan ina thír siúd freisin, áit a raibh an polasaí rialtais ‘White Australia’ i bhfeidhm go dtí 1973.

Tá eolas forleathan ar fud an domhain ó shin ar an mbeartas a rinne Smith, Carlos agus Norman i 1968, ach ní minic sa lá atá inniu ann go ndéantar mórán cainte faoinar tharla do na lúthchleasaithe féin tar éis na hagóide.

Láithreach bonn d’ordaigh Uachtarán na Comhairle Idirnáisiúnta Oilimpí, Avery Brundage (Meiriceánach eile), go gcuirfí Smith agus Carlos ar fionraí agus go gcaithfí amach as an mBaile Oilimpeach iad. I dtosach báire dhiúltaigh Coiste na Stát Aontaithe dá iarratas ach ghéilleadar nuair a bhagair Brundage a gcuid lúthchleasaithe ar fad a chur ar fionraí.

Ar fhilleadh abhaile dóibh rinneadh iad a cháineadh go forleathan. “a couple of black-skinned storm troopers” a bhí “ignoble,” “juvenile” agus “unimaginative” a thug iriseoir amháin orthu agus chuir freisin i gcosúlacht na Naitsithe iad.

Níor baineadh na boinn díobh ar chúis éicint ach ba bheag eile de bhuntáiste a bhain Tommie Smith ná John Carlos as a ngaiscí aclaíochta i gcomparáid le daoine eile a bhuaigh boinn lena linn, rompu agus ina ndiaidh. D’imir Smith beagán peile leis na Cincinnati Bengals agus chaith sé an chuid eile dá shaol mar mhúinteoir corpoideachais.

An scéal céanna a bhí ag Carlos a d’imir leis na Philadelphia Eagles gur chuir gortú a bhain dó deireadh lena chuid peile siúd. Bhuail an galar dubhach é tar éis dá bhean lámh a chur ina bás féin agus chaith seisean é féin formhór a shaoil mar oide.

Leathchéad bliain a thóg sé ar Chomhairle Oilimpeach na Stát Aontaithe a admháil nár caitheadh mar ba chóir leis an mbeirt. Anuraidh rinneadh iad a insealbhú san ‘U.S. Olympic and Paralympic Hall of Fame’.

Chomh dona céanna nó fiú níos measa a caitheadh le Norman ar fhilleadh abhaile dósan chun na hAstráile.

Cé go raibh sé fós ar dhuine de na reathaithe ba sciobtha ar domhan i 1972 níor roghnaíodh é le dhul chuig na Cluichí Oilimpeacha in München ainneoin an caighdeán a bheith sroichte aige 13 uair sa rás 200 méadar agus 5 uaire sa rás 100 méadar.

D’éirigh sé as an iomaíocht ar fad dá bharr.

Nuair a reáchtáladh Cluichí Oilimpeacha na Mílaoise in Sydney, rinne lucht a eagair neamhaird iomlán don lúthchleasaí ba sciobtha a bhí sa tír riamh. Go deimhin nuair a chuala foireann Oilimpeach na Stát Aontaithe faoin easpa airde agus ómóis a bhí a mhuintir féin a tabhairt do Norman ba iadsan a thug go Sydney é mar dhuine dá dtoscaireacht féin.

Scuab taom croí leis Peter Norman sa mbliain 2006. Bhí Tommie Smith agus John Carlos faoina chónra agus labhraíodar beirt ag an tsochraid.

“This was Peter Norman’s stand for human rights, not Peter Norman helping Tommie Smith and John Carlos out,” a dúirt Smith. “He just happened to be a white guy, an Australian white guy, between two black guys in the victory stand believing in the same thing.”

Fág freagra ar 'Ní inniu ná inné a thosaigh laochra spóirt ag tarraingt airde ar chúrsaí cearta agus mionlaigh'