Ní hí an tsamhlaíocht is bun le rialacha nua na peile, ach lomchlár na fírinne.

Tá sé thar am filleadh ar an gcineál imeartha atá scriosta ag modhanna an lae inniu agus ag an mbéim ar sheilbh a choinneáil thar aon rud eile

Ní hí an tsamhlaíocht is bun le rialacha nua na peile, ach lomchlár na fírinne.

Fear Átha Cliath, Ciarán Kilkenny, ag tabhairt pas láimhe i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Má thug mé liom i gceart a raibh le rá ag Malachy Clerkin in alt spéisiúil dá chuid a foilsíodh san Irish Times Dé Luain seo caite, ba í an teoiric a bhí á cur chun cinn aige go raibh deighilt tagtha idir meoin chuid de bhainisteoirí contae na Peile Gaelaí agus an dearcadh atá ag an gcuid is mó díobh siúd a bhíonn ar an taobh eile den fhál ag breathnú isteach ar an imirt.

Ag caint ar an damnú a bhí déanta ag leithéidí Kevin Walsh, Declan Bonner, James Horan, Peter Keane agus Turlough O’Brien ar na hathruithe ar na rialacha a chuaigh faoi thriail sna réamhchomórtais chúige le cúpla seachtain a bhí an t-iriseoir. Bhí a chuid ullmhúchán déanta go cáiréiseach aige, mar a déarfadh an Muimhneach.

D’aontóinn leis agus fiú go dtiocfainn chomh fada agus a rá go bhfuil deighilt freisin idir mheoin na n-imeoirí atá faoi chúram na mbainisteoirí sin agus tromlach díobh siúd a dhéanann freastal ar a chluichí.

Thug suirbhé a rinne an GPA le fios le gairid nár aontaigh 90% dá gcuid ball leis an moladh ar dhiúltaigh an Ardchomhairle dó inné agus a d’fhágfadh  srian ar líon na bpasanna láimhe a cheadófaí sa tSraith Náisiúnta.

Ní fhéadaim a rá ach gur b’sin barúil a thagann salach ar a bhfuil cloiste agamsa ó 90% den lucht féachana a chasann orm ag cluichí peile.

Ní ar fhigiúirí atá bailithe ar bhealach chomh heolaíoch leis na cinn a chuir Buanchoiste na Rialacha Imeartha le chéile atá mo thuairimse. Fós ó bheith ag éisteacht leo siúd a bhí suite i mo thimpeall le cúig bliana ag cúpla céad cluiche (idirchontae agus club), is maith an geall a chuirfinn go bhfuil 80% acu ar an intinn chéanna liom – go bhfuil sé thar am beartas de chineál éicint a dhéanamh nó tabharfaidh daoine cúl le cluiche na peile coise.

‘Nuair a imíonn an séan, imíonn na cairde’ a deir an seanfhocal.

An t-am seo anuraidh 1,600 a bhí i láthair i gCill Tuama nuair a d’imir Maigh Eo agus Ros Comáin a chéile i gcluiche leathcheannais i Sraith Peile FBD ar an dara Domhnach deireanach de mhí Eanáir.

Bhí beagnach a chúig oiread sin i láthair ar Pháirc Iarfhlatha Naofa i dTuaim seachtain ó shin nuair a d’imir Maigh Eo agus Gaillimh a chéile i mbabhta leathcheannais na bliana seo.

Aon rud amháin a mheall ann a mbunáite – ar thóir léargais agus cruthúnais go bhfuiltear dáiríre faoi dheireadh filleadh ar an gcineál imeartha atá scriosta acu siúd a tharraingíonn modhanna an lae inniu chucu féin.

Bhí an ceart ag Malachy Clerkin nuair a dúirt sé go gceapfadh duine ag éisteacht leis na bainisteoirí go mba anuas as an aer a thit na hathruithe a triaileadh, nuair le fírinne go mba de bharr grinnstaidéir a bhí déanta ag an mBuanchoiste faoi chathaoirleacht David Hassan agus de bharr figiúirí a chuir Rob Carroll le chéile a tháinig siad. Tá bunús maith leo mar atá cloiste agatsa agus agamsa lenár gcluasa féin.

Ní móide go bhfuil duine níos eolaí ná Carroll ar na figiúirí agus na staitisticí a bhaineann leis an bpeil Ghaelach. D’oibrigh sé le foirne contae go leor agus le foireann idirnáisiúnta na hÉireann a d’imir na hAstrálaigh.

Ach níos tábhachtaí fós, tá ocht mbliana caite aige ag bailiú eolais, ag déanamh anailíse agus ag scagadh 322 cluiche idirchontae peile.

Ní hí samhlaíocht Rob Carroll, David Hassan ná aon duine de Bhuancoiste na Rialacha Imeartha atá sna figiúirí a thagann as na cluichí sin, ach lomchlár na fírinne.

Sa mbliain 2011 thrasnaigh 86% de na ciceanna amach an líne 45 méadar. 56% acu a rinne amhlaidh an bhliain seo caite. I gCluiche Ceannais na hÉireann idir Áth Cliath agus Tír Eoghain anuraidh ba leis an bpasáil láimhe a aistríodh an liathróid 75% den am. I gcaitheamh na himeartha níor buaileadh ach 20 pas coise a thabharfadh deis do chéile comhraic an liathróid a ghoid.

Seilbh a choinneáil an chloch is mó ar phaidrín na peile faoi láthair – go deimhin i gcásanna go leor, níl aon chloch eile air ach í.

Sa mbliain 2011 ba nós leis an dá fhoireann i gcluiche peile seilbh na liathróide a ligean uaithi 130 uair ar meán eatarthu – bíodh sin de bharr feall a dhéanamh, tabhairt faoi scór nó seilbh a chailleadh. An bhliain seo caite meán 97 uair a bhí i gceist.

Sin a fhágann méadú as cuimse a bheith tagtha ar an bpas láimhe.

14 péire lámh a bhí i gceist sa tsraith pasála ab fhaide a chonaic Rob Carroll in 2011. Bhí 23 acu i ngreim inti sa gceann ab fhaide a chonaic sé anuraidh.

Eatarthu ar fad tá staidéar déanta ag Rob ar 100,000 pas láimhe, agus liosta déanta de na huaireanta a dtáinig an dara ceann as an gceann ba thúisce agus ar an gcaoi a bhfuil an ‘slabhra’ méadaithe ó 2011.

Go bhfóire Mac Dílis Dé air!

Anois chuig ról na mbainisteoirí atá ag déanamh beagán dá shaothar.

I mí Dheireadh Fómhair seo caite scríobh Buanchoiste na Rialacha Imeartha chuig chuile bhainisteoir sinsearach contae ag tabhairt cuireadh dóibh moltaí a chur chun cinn lena gcur san áireamh.

Duine as chuile thriúr acu a raibh sé d’fhonn nó de bhéasa air freagra a thabhairt.

Dé Domhnaigh seo caite bhí os cionn 1,000 teachta ag cruinniú ag ar pléadh an scéal i bPáirc an Chrócaigh. In imeacht an tráthnóna thagair David Hassan do leathdhosaen eagraíocht spóirt idirnáisiúnta eile a d’athraigh cuid dá gcuid rialacha imeartha le 6 mhí anuas – sacar, galf, rugbaí, cruicéad, peil na hAstráile agus leadóg.

Fíorbheagán acu sin a bhac le dul i gcomhairle lena gcuid ball, lena gcuid imreoirí ná lena gcuid bainisteoirí a dúirt sé. D’fhógair siad na hathruithe agus chuireadar i bhfeidhm iad.

Mmmmmmm!

Fág freagra ar 'Ní hí an tsamhlaíocht is bun le rialacha nua na peile, ach lomchlár na fírinne.'