Ní heol don Stát cén líon oifigeach Gaeilge atá fostaithe sna húdaráis áitiúla

Níl aon eolas ag an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil faoi líon ná faoi dháileadh na n-oifigeach Gaeilge atá fostaithe sna húdaráis áitiúla

Ní heol don Stát cén líon oifigeach Gaeilge atá fostaithe sna húdaráis áitiúla

Níl a fhios ag an Stát cé mhéad oifigeach Gaeilge atá fostaithe sna comhairlí contae agus cathrach ná cé na comhairlí a bhfuil a leithéid acu.

Tháinig an méid sin chun solais i bhfreagra a thug Aire Stáit na Gaeltachta an tseachtain seo ar cheist Dála ó urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Dála Peadar Tóibín.

Mar fhreagra ar an gceist sin, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh le fios gurb é an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil atá freagrach as an bplean fórsa oibre do na húdaráis áitiúla. Ach dheimhnigh an tAire McHugh nach raibh aon eolas ag an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil faoi líon ná faoi dháileadh na n-oifigeach Gaeilge atá fostaithe sna húdaráis áitiúla, bíodh siad ina n-oifigigh lánaimseartha nó páirtaimseartha.

“Tá mo comhghleacaí, an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, freagrach as an bplean fórsa oibre mar a bhaineann sé leis na húdaráis áitiúla, lena n-áirítear monatóireacht a dhéanamh ar an leibhéal fostaíochta sna húdaráis áitiúla.

“De bharr seo, bailíonn a Roinn eolas gach ráithe ar líon na bhfostaithe san earnáil sin. Ní thugann an t-eolas sin aon léargas ar líon na n-oifigeach Gaeilge atá fostaithe san earnáil i gcoitinne nó in aon Údarás Áitiúil ar leith, áfach. Mar sin, níl an t-eolas atá iarrtha ag an Teachta ar fáil ón Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil,” a dúirt an tAire Stáit Joe McHugh.

D’fhiafraigh urlabhraí Gaeilge Shinn Féin den Aire chomh maith cén plean atá ann chun a chinntiú go mbeadh oifigeach Gaeilge lánaimseartha ag gach comhairle contae agus cathrach. Cuirfidh an scéal nach bhfuil a fhios ag an Stát fiú cé mhéad oifigeach Gaeilge atá fostaithe cheana féin sna húdaráis áitiúla leis an amhras atá léirithe ag daoine faoina laghad pleanála atá ar bun maidir le ceist na Gaeilge i gcúrsaí earcaíochta sa státseirbhís agus san earnáil phoiblí.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill le déanaí gur chosúil nach bhfuil aon “pleanáil cheart” déanta go fóill maidir le cur le líon na ndaoine sa státseirbhís a bhfuil Gaeilge acu.

Ag tagairt dó don Bhille nua a bhfuil faoi leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, thug an Coimisinéir le fios gur údar imní a laghad anailíse atá déanta faoi chás na Gaeilge i gcúrsaí earcaíochta.

“Bheifí ag súil faoin tráth seo go mbeadh samhail agus tuiscint bheacht ann den líon daoine le Gaeilge a chaithfí a earcú as seo go ceann roinnt blianta chun soláthar seirbhísí poiblí a chinntiú, go mbeadh figiúr curtha ar an méid atá ag teastáil agus plean cuimsitheach déanta, le hamchlár leagtha síos chun an earcaíocht sin a bhaint amach. Níl an méid atá á mholadh feicthe agam fós, ach ní cosúil go bhfuil sin ann,” a dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill an tseachtain seo caite.

Dúirt an tAire McHugh an tseachtain seo go gcuideodh an Bille nua, atá le foilsiú roimh shos Dála an tsamhraidh, le líon na ndaoine sa státseirbhís atá ina gcainteoirí Gaeilge a mhéadú.

“Maidir le cúrsaí earcaíochta i gcoitinne, tá súil agam go gcuideoidh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017 atá á dhréachtú faoi láthair le líon leordhóthanach de chainteoirí Gaeilge á earcú don tseirbhís phoiblí.

“Beidh sé mar chuspóir sa Bhille seo go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh na comhlachtaí poiblí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Tá an Bille seo ar chlár reachtaíochta an Rialtais le foilsiú roimh an samhradh,” a dúirt an tAire Stáit McHugh.

Fág freagra ar 'Ní heol don Stát cén líon oifigeach Gaeilge atá fostaithe sna húdaráis áitiúla'