Ní hé leas aon duine go dtitfeadh Stormont ach tá sé i mbaol

Tá an t-atmaisféar in Stormont ag dul in olcas in aghaidh an lae

Ní hé leas aon duine go dtitfeadh Stormont ach tá sé i mbaol

Seachtain ó shin, dúirt an DUP nach scriosfadh siad Stormont mar gheall ar an bPrótacal iarBhreatimeachta. D’ainneoin leatrom a bheith á dhéanamh orthu, dar leo, ní shiúlfadh siad amach mar gur saothar in aisce a bheadh ann. Bheadh ceannas á thabhairt acu don dream a d’aontaigh an Prótacal, rialtas na Breataine.

Faoi thús na seachtaine seo, áfach, bhí an imní ag scaipeadh mar a bheadh boladh bréan. Níorbh iad na mórcheisteanna amháin, an Prótacal agus an ginmhilleadh a bhí ag cothú guagachta, bhí an t-atmaisféar in Stormont ag dul in olcas in aghaidh an lae. Ina theannta sin bhí foláirimh á dtabhairt faoi ‘choimhthíos’ leis an bpróiseas polaitíochta a bheith ag treisiú i measc aontachtaithe agus dílseoirí.

In agallamh le Tommie Gorman, RTÉ, chuir ceannaire an DUP, Arlene Foster, an Chéad-Aire fainic ar rialtais na hÉireann agus na Breataine go mbeadh sé contúirteach neamhshuim a dhéanamh den mhíshuaimhneas sa phobal aontachtach/dílseach. Níorbh iontas mór é sin mar bhí sé ag teacht le feachtas reatha an DUP in aghaidh an Phrótacail, an leagan amach ar cuireadh brú ar Arlene Foster glacadh leis.

Ní hionann agus idirghabháil óna réamhtheachtaí mar cheannaire an DUP agus mar Chéad-Aire, Peter Robinson. Bíonn alt aige san News Letter uair sa choicís. Tharraing sé aird tamall ó shin nuair a dúirt sé nach raibh de rogha ag an DUP ach glacadh leis an bPrótacal nó Stormont a scrios, é intuigthe gur mheas sé nach raibh buntáiste ar bith le baint as titim Stormont.

Bhí athrú poirt ina alt an tseachtain seo caite áfach. Ba mhinic a chonaic sé aontachtaithe agus dílseoirí feargach san leathchéad bliain ó chuaigh sé leis an bpolaitíocht, ar sé, ach ní fhaca sé oiread coimhthís leis an gcóras polaitíochta ina measc ariamh cheana. Airíonn siad go bhfuil a bpáirt san Ríocht Aontaithe athraithe dá mbuíochas agus gur faoi riail na Bruiséile agus dá réir, faoi ordóg Bhaile Átha Cliath a fágadh iad.

Botún a bheadh ann, dar leis, a cheapadh go suaimhneoidh an pobal aontachtach tar éis tamaill agus go ngéillfidh siad. Ba é a bhreithiúnas go rabhthas an-chóngarach do líne dhainséarach. Níor dhúirt sé go beacht céard a tharlódh dá dtrasnófaí an líne sin ach bhí sé le tuiscint go mbeadh sé tubaisteach – ag filleadh ar sheanphatrún contúirteach.

Bhí faitíos air, a dúirt an t-iarChéad-Aire mura ndéanfaí fuascailt shásúil ar an bhfadhb go dtabharfaí droim láimhe scun scan don phróiseas polaitiúil. D’fhéadfaí é sin a léiriú le staonadh ó vótáil, le vótáil agóide nó ‘ar bhealach níos déine’ a mb’fhéidir go nglacfaí leis nó go gcuirfí suas leis níos réidhe ná mar ba cheart i ngeall ar mhíshástacht an phobail.

Bhí sé scanrúil go mbeadh foréigean á thuar ag Robinson cé gur dhúirt sé go soiléir go mbeadh sé féin agus duine ar bith le ciall ag iarraidh an ‘titim as a chéile’ a sheachaint. Ní buaileam sciath ná cothú scéine a bhí ar bun aige, a dúirt sé ach ag tuairisciú cé mar a airíonn aontachtaithe agus dílseoirí – cor nár cheart neamhaird a dhéanamh air. 

Ní raibh sé ag iarraidh méar an mhilleáin a shíneadh ar éinne a dúirt sé – cé go raibh sé fíormhaslach faoi iriseoirí a cheistíonn leagan amach na n-aontachtach ‘lazy and witless cadre’. Ní inniu ná inné a bunaíodh an nós an locht a chur ar an teachtaire agus tá seantaithí ag iriseoirí ar naimhdeas na bpolaiteoirí aontachtacha – tar éis chomhaontú Hillsborough in 1985 cuir i gcás nuair a bhí coimhthíos leis an gcóras forleathan.

Is gearr go mbeidh sé 33 bliain ó rinneadh Comhaontú Aoine an Chéasta, Dé hAoine ar ndóigh, ach an tseachtain seo chugainn de réir dáta, an 10 Aibreán. Bhí an próiseas polaitíochta bunaithe ar an gComhaontú íogair an lá ab fhearr a bhí sé ach ba dheacair áibhéil a dhéanamh faoin gcroitheadh atá bainte ag an mBreatimeacht as. Ní hé leas aon duine go dtitfeadh Stormont ach díol suntais ab ea an chaint le seachtain faoi cathain a rithfeadh an Pharlaimint in Westminster reachtaíocht d’aon bhriseadh sa bhFeidhmeannas. Aontaíodh san Ré Nua, Cur Chuige Nua go rithfí reacht a cheadódh ‘tréimhse réitigh’ sé mhí do Stormont dá siúlfadh Céad-Aire nó LeasChéad-Aire amach sula gcaithfí toghchán a ghairm. 

‘Is fánach an chaoi a dtarlódh timpiste’ an chaint i measc na bpolaiteoirí a bhí ag faire ar an teannas ag géarú. B’in sula ndearna an tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí fógra faoi chás shochraid Bobby Storey. 

Ní bheidh an LeasChéad-Aire Michelle O’Neill, an tAire Airgeadais Conor Murphy ná aon duine eile á chúiseamh as srianta Covid-19 a shárú ag an tsochraid.

Dúirt Arlene Foster gur chóir do Phríomh-Chonstábla an PSNI éirí as a phost i bhfianaise an chinnidh. Níl aon mhaolú ar an teannas ná ar an easaontas.

Fág freagra ar 'Ní hé leas aon duine go dtitfeadh Stormont ach tá sé i mbaol'