Ní haon seanscéalta agus meirg orthu aistí Mháirtín Uí Dhireáin

B’fhéidir go mbainfeadh sé preab as mórán daoine fáil amach gur scríobh Máirtín Ó Direáin an oiread sin sleachta próis thar na blianta

Ní haon seanscéalta agus meirg orthu aistí Mháirtín Uí Dhireáin

Bhí Máirtín Ó Direáin, file, buartha faoin ‘ualach deannaigh’ a bhí ina bhagairt ar a shaol cruthaitheach. Seans mór go mbeadh tógáil croí le fáil aige dá mbíodh a fhios aige go raibh réimse eile dá shaothar – a chuid iriseoireachta – i ndiaidh teacht slán ón ualach chéanna sa leabhar, An Chuid Eile Díom Féin: aistí le Máirtín Ó Direáin (Cló Iar-Chonnacht, €15).

Síobhra Aiken, scoláire óg, atá i ndiaidh obair mhaslach na heagarthóireachta a thógáil uirthi féin. B’fhéidir go mbainfeadh sé preab as mórán daoine fáil amach gur scríobh Ó Direáin an oiread sin sleachta próis thar na blianta. Tá breis agus 300 leathanach bailithe le chéile anseo. Sin measarthacht scríbhneoireachta de réir slat tomhais ar bith agus is as foilseacháin éagsúla a tháinig na píosaí uilig; irisí de chuid lucht na Gaeilge agus foilseacháin mhóra an Bhéarla ar nós The Irish PressScéala Éireann lena ainm Gaeilge a thabhairt air.

Léiriú atá i líon na leathanach féin den achar mhór ama a chaith Ó Direáin i mbun próis, ó na 1930idí go dtí na 1960idí. Sea, bhí, agus bíonn, gá leis an chúpla punt i dtólamh ag file ar bith. Ach ní gan dóchas a bhíonn an file ina ainneoin sin uilig:

Tá an file agus an fhilíocht go mór faoi mhícháta ar an saol seo. Is iomarcach le daoine an file. Ní cosúil go bhfuil riachtanas acu leis féin ná lena chuid filíochta. Mar sin féin, tá agus beidh an file ann ar neamhchead dóibh, bíodh is gur cúis gháire ag a lán é. An té a bhíonn ag gáire, bíonn a leath faoi féin.

Áiméan, a dheartháir!

(Scéal thairis é ach chuir ainm Scéala Éireann cumha orm. Bíodh is go mbaineann sé le ré na gcloch anois, ba mhór an chaill an nuachtán sin do phobal na hÉireann. Cad é an plé poiblí a dhéanfadh cosmhuintir na hÉireann ar stair, teanga, polaitíocht, cultúr, neamhspleáchas agus ar chreideamh sa chás gurbh ann dó go fóill? Is mór an dochar a rinne a dhíth don dioscúrsa phoiblí agus na ceisteanna seo a fhágáil faoi mhoráltacht mheánaicmeach na meán nach gcreideann i nglóir Dé ná in onóir na hÉireann.)

Bheadh cathú ort ‘seanscéal agus meirg air’ a thabhairt ar chuid mhór den ábhar – ach cuir an cathú sin díot; tá lámh éadrom eolach ar an stiúir. Tá píosaí grinn ann, ailt faoi shaol an oileáin agus scéalta béaloidis. Tá, cinnte, ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta ann. Bíonn ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta i dtólamh ann, a deir tú. Seans, má tá tú tugtha don dóchas, go dtabharfadh sin sólás duit. I ndeireadh thiar thall, níl deireadh leis an Ghaeltacht ó chuir Ó Direáin peann le pár fadó fadó fadó. Ach is cinnte gur laige an teanga sa Ghaeltacht anois agus gur lú líon na gcainteoirí dúchais anois ná mar a bhí i ré Uí Dhireáin.

Ní spéis theibí a bhí aige in imeachtaí teanga. Thuig sé a raibh le déanamh leis an teanga a thabhairt slán:

An chéad rud a bheidh le déanamh againne: an imirce mhallaithe seo a chosc ar Ghaeilgeoirí agus féachaint chuige go gcuirfear obair ar fáil dóibh ina dtír féin, a chuirfeas ar a gcumas pósadh inti agus clann a thógáil mar, tar éis an tsaoil, is ar leic an teallaigh a bhunófar athuair sibhialtacht Gael, agus is ar an leic chéanna a mhaireann a bhfuil fágtha againn di.

Dá bhfeicfeá sin in alt ar líne inniu, nach mbeifeá ag teacht leis?

Má tá ábhar den tsórt sin ann a chuireann cúram laethúil na teanga i gcuimhne duit, tá ábhar eile ann a bhainfidh preab asat. Seo é ag caint faoi chúrsaí lóistín:

Ní chun bealaigh a chuirtí mé. B’amhlaidh go díreach a bhronntaí mé; gach bean acu dom thabhairt do bhean eile nuair a bhíodh sí féin tuirseach de bheith dom choinneáil agus go mbíodh lóistéir ag teastáil ó na comharsain. Cheapfá go mba bhall éadaigh nó ball troscáin mé.

Is iomaí sin duine sa lá atá inniu ann a bheadh in ann an t-amhrán sin a chanadh. Trí scór bliain ó shin a scríobh Ó Direáin an méid sin agus amharc go bhfuil muid ag fóill ag caint ar chúrsaí lóistín agus ar dhaoine mar throscán.

An té atá i mbun cúrsa a theagasc ar shaothar Uí Dhireáin, aimseoidh sé mórán anseo lena leas mar mhúinteoir. Lena chois sin, ní bheidh díomá ar bith ar an léitheoir fhánach féin súil a chaitheamh ar an tsaothar.

Moltar an file agus moltar an t-eagarthóir, Síobhra Aiken, as an oiread sin dua a chur uirthi féin leis na píosaí seo a thabhairt slán ó dhíchuimhne. Obair mhaslach, gan cheist, ach obair mhór leis.

Fág freagra ar 'Ní haon seanscéalta agus meirg orthu aistí Mháirtín Uí Dhireáin'