Ní haon iontas é go bhfuil Juncker agus Tusk mífhoighneach le lucht Westminster 

Ba dhóigh leat nach raibh aon ní eile faoin spéir le déanamh ag an Aontas Eorpach ach fanacht ar an mBreatimeacht

Ní haon iontas é go bhfuil Juncker agus Tusk mífhoighneach le lucht Westminster 

Cúis aiféala an méid ama agus fuinnimh atá caite leis an mBeatimeacht le linn mo théarma, arsa Jean Claude Juncker.

Bhí Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh ag caint le feisirí Eorpacha in Strasbourg inné agus deireadh ag teacht lena théarma cúig bliana mar uachtarán.

Bhí aiféala den chineál céanna le brath i gcaint Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Donald Tusk.

Ní raibh caint ná trácht ar an mBreatimeacht nuair a ceapadh an bheirt ina n-uachtaráin agus pleananna móra acu don Aontas.

Ach oiread le cúrsaí polaitíochta i Londain agus i mBaile Átha Cliath, tá tús áite á thabhairt don Bhreatimeacht sa Bhruiséil le trí bliana go leith anuas agus gan aon réiteach fós ar an gceist.

Ábhar bróid do lucht an mhaorlathais sa mBruiséil le blianta fada an fás agus an fhorbairt a tháinig ar an Aontas ó bunaíodh é.

Ach tá cúrsaí ina lánstad san AE ó reifreann an Bhreatimeachta.

Déantar dearmad anois air mar gheall ar phraiseach an Bhreatimeachta ach tarraingíodh aird go leor ar na fadhbanna a bhí le sárú ag an Aontas féin le linn an fheachtais reifrinn sin.

Agus má bhíonn réiteach ar deireadh ar an mBreatimeacht, ní fada go mbeidh aird arís ar na fadhbanna sin.

Níl réiteach fós ar fhadhbanna eacnamaíochta an Aontais, mar shampla. Tá feachtas ar mhaithe le córas cánach lárnach agus aireacht airgeadais a bhunú ag bailiú nirt agus Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron go láidir ar a shon. 

Is go ciúin agus ar chúla téarmaí atá an díospóireacht ag tarlú agus gan a fhios ag mórán cé chomh dáiríre is tá an tAontas maidir leis an mian go mbeadh córas airgeadais agus cánach níos lárnaí ann.

Idir an dá linn, dhiúltaigh Comhairle na hEorpa ag a gcruinniú mullaigh an tseachtain seo caite tús a chur le hidirbheartaíocht le hAlbain agus le Tuaisceart na Macadóine faoi bhallraíocht san Aontas.

Cé go raibh go leor tacaíochta ag an moladh níorbh fhéidir réiteach “d’aon ghuth” a aimsiú, a dúirt Donald Tusk.

Fadhb í seo atá ag an Aontas le fada agus cé go ndearnadh iarracht aghaidh a thabhairt uirthi i gConradh Liospóin, bíonn deacracht leanúnach acu réiteach d’aon ghuth a bhaint amach.

Beidh an cheist sin i measc na n-ábhar a bheas á bplé ag an gcoimisiún nua agus plean straitéise an Aontais á dhréachtú acu.

Tá fadhb na dteifeach gan réiteach chomh maith agus tá cor nua i scéal an chogaidh sa tSiria. Ní leor airgead a thabhairt don Tuirc chun réiteach fadtéarmach a fháil ar an scéal sin. Agus an geimhreadh ag teannadh linn, tá ceist ann i gcónaí chomh maith faoi na cúinsí uafásacha i gcampaí teifeach sa Ghréig.

Tá buiséad an Aontais le haontú, próiseas a bhíonn dian agus fadálach i gcónaí agus caithfear dul i ngleic le géarchéim na haeráide ar bhonn práinne. Dúshlán eile don Aontas is ea an fás atá tagtha ar ghluaiseachtaí ar an eite dheis ar fud na Mór-Roinne, gan trácht ar ghluaiseachtaí an neamhspleáchais atá á gcur faoi chos i dtíortha eile.

Agus murar leor sin, beidh an ‘caidreamh nua’ leis an mBreatain le socrú. Ní haon iontas é go bhfuil leithéidí Juncker agus Tusk ag éirí mífhoighneach le Westminster.

Ba dhóigh leat nach raibh aon ní eile faoin spéir le déanamh ag an gcuid eile ach fanacht leo.

Fág freagra ar 'Ní haon iontas é go bhfuil Juncker agus Tusk mífhoighneach le lucht Westminster '