Ní haon chairde le Sgt. Pepper’s na ‘fwends’ seo

LÉIRMHEAS - The Flaming Lips - With A Little Help From My Fwends (Bella Union)

9ede7c75

Cathain, meas tú, ab ea an uair dheireaneach go raibh ar Mhiley Cyrus dul in aon áit ar bhus poiblí?

An raibh uirthi riamh, n’fheadar?

Is beag an tuiscint a bheadh ag Iníon Ní Cyrus ar chás leadránach laethúil an oibrí oifige, déarfainn.

Cén fáth, mar sin, go bhfuil Wayne Coyne tar éis ceann de na hamhráin is fearr a chum John Lennon agus Paul McCartney riamh (‘A Day In The Life’) a thabhairt do Cyrus ar iontaoibh, agus The Flaming Lips ag tabhairt fé leagan nua do sheod-albam sícideileach The Beatles, Sgt. Pepper’s Lonely Hearts Club Band, a thaifeadadh?

‘Grabbed my hat, got out the flat, made the bus in seconds flat’.

Ní dóigh liom é, a Mhiley.

Níl ansin ach tús na gceisteanna a spreagann With A Little Help From My Friends. An príomhcheann ná, cad ab ea an diail sprioc?!

Seo Sgt. Peppers, saothar atá nach mór foirfe. Radharc úr ar an bpop-amhrán foirfe, traidisiún vaudeville, ceol clasaiceach na hIndia agus na hEorpa, agus é sin ar fad curtha trí lionsa na seascaidí.

Amhráin chomh láidir sin go raibh ceann acu á chasadh beo ar stáitse ag Jimi Hendrix féin dhá lá tar éis don albam a bheith eisithe i 1967.

Ní minic do ghrúpa ceoil dul i ngleic le bunábhar ar chaighdeán Pepper’s Sgt. agus gan blas an tseisiúin karaoke a bheith ar an dtoradh, agus ní eisceacht ‘Fwends’.

Albam gan slacht é. Is beag bhfuil déanta ag Coyne ach dathanna murtallacha a chaitheamh go mímhúinte ar sheanphictiúr gan cháim.

Más gliceas atá i gceist nuair a chailleann Coyne fonn an amhráin ‘With A Little Help from my Friends’ tar éis dó an chéad líne ‘lend me your ear and I’ll sing you a song, and I’ll try not to sing out of key’ a rá trí ghléas vóchódóra, tá blas smuilcíneach ar an ngliceas céanna.

Is cuma an comhluadar ceoil atá ina theannta ar ‘Fwends’ – agus tá piardaí móra mar Moby, J Mascis ó Dinosaur Jr, MGMT, Foxygene agus My Morning Jacket ina measc.

Ní aimsítear brí nár nochtadh cheana in amhráin Lennon agus McCartney. Agus níl líne séiseach nua ann ach an oiread.

Is ansa linn laigí beaga ár gcarad, a Wayne, ach cothaíonn na laigí móra buairt.

(2/10)

Fág freagra ar 'Ní haon chairde le Sgt. Pepper’s na ‘fwends’ seo'