Dúshlán damanta roimh na Connachtaigh arís

Amárach, cuirfidh na Connachtaigh chun páirce i nDurban na hAfraice Theas agus iad i gcoinne na Sharks

Dúshlán damanta roimh na Connachtaigh arís

Cé go raibh Cúige Mumhan cinnte de go mbeadh siad ag imirt sna babhtaí ceathrú ceannais den URC roimh a gcluiche aréir in aghaidh Chaerdydd, ní ligeadar na maidí le sruth agus tá seans iontach anois acu ar chluiche sa bhaile. 42-21 an scór a bhí ann i bPáirc Musgrave.

Baineadh siar as lucht leanta na Mumhan nuair a fuair Seb Davies agus Rey Lee-Lo úd an duine luath sa chluiche, ach bhí freagra ag Cúige Mumhan orthu. Fuair Mike Haley dhá úd agus fuair Thomas Ahern ceann roimh leatham agus faoi dheireadh na himeartha bhí pointe bónais ag an bhfoireann baile.

Craig Casey agus úd á scóráil aige do Chúige Mumhan aréir. ©INPHO/Ben Brady

Inniu a chuirfidh na Connachtaigh chun páirce i nDurban na hAfraice Theas agus iad i gcoinne na Sharks, foireann atá sa gceathrú háit ar an tábla agus sé háit níos airde ná foireann na Gaillimhe. Cé go raibh bua iontachag foireann Andy Friend i gcoinne na Lions an deireadh seachtaine seo caite, tá dúshlán damanta eile rompu i gcoinne foireann a fuair an láimh in uachtar ar Chúige Laighean seachtain ó shin. Cé gur deacair an dara bua san Afraic Theas a thuar do na Connachtaigh, is fiú a mheabhrú nach raibh mórán ag tuar bua dóibh seachtain ó shin ach oiread.

Seans gur roimh na Laighnigh atá an dúshlán is mó an deireadh seachtaine seo. Chaill siad san Afraic Theas an deireadh seachtaine caite agus inniu beidh siad ag cur chun páirce i gcoinne na Stormers, foireann atá sa dara háit ar an tábla, díreach taobh thiar d’fhoireann Leo Cullen. Tá sprioc iontach ag na Stormers roimh thús an chluiche seo mar nach scarann ach pointe amháin iad féin agus na foirne tá sa tríú, sa gceathrú agus sa gcúigiú háit agus níl na Bulls, foireann atá san ochtú háit ach ceithre phointe taobh thiar díobh. Ní dóigh go mbeidh stádas Laighean ar bharr an tábla i mbaol fiú má chailleann siad amárach ach is cinnte go ndéanfaidh na hógánaigh a thug Leo ó dheas leis tréaniarracht eile, díreach mar a rinne siad seachtain ó shin.

Beidh cluiche suimiúil againn i mBéal Feirste san oíche amárach idir dhá fhoireann atá cáilithe do na cluichí ceathrú ceannais faoi láthair. Beidh buntáiste an bhaile ag Cúige Uladh, foireann atá sa gcúigiú háit ar an tábla agus iad i gcoinne Dhún Éideann atá ag drannadh leo ón seachtú háit agus dhá phointe níos ísle ná iad. Is iad na hUltaigh rogha na coitiantachta don choimhlint seo ach is fiú a mheabhrú gur chaill siad faoi dhó le coicís in ainneoin gur acu a bhí buntáiste an bhaile. Cluiche suimiúil, mar a dúirt mé.

Fág freagra ar 'Dúshlán damanta roimh na Connachtaigh arís'