Bímid go léir ar aon tuairim agus róthéamh na cruinne á phlé. Nó ba chirte a rá go mbímid amhlaidh má fhágtar amadáin agus an mionlach a shéanann an fhianaise chuimsitheach as an áireamh.
Bhí an chomhthuiscint idirpháirtí i dTeach Laighean an-soiléir nuair a ritheadh an Bille Aeráide sa Dáil tráthnóna Dé Céadaoin le 128 vóta in aghaidh a deich. Thug Sinn Féin, an Lucht Oibre, na Daonlathaithe Sóisialta agus Dlúthpháirtíocht/Pobal Seachas Brabús chomh maith le Teachtaí an rialtais tacaíocht don bhille.
Scata beag neamhspleách a vótáil ina choinne.
Tuigfidh tú a léitheoir dhil an fáth nach bhfuil teideal iomlán an bhille á úsáid anseo ach aon uair amháin: ‘An Bille um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú)’.
I nDáil Éireann agus sa cholún seo, múineann gá gontacht.
Is léir cheana féin, ainneoin an tacaíocht láidir a tugadh don reachtaíocht sa Dáil, go gcothóidh sí teannas agus easaontas géar amach anseo nuair a neosfar a éifeacht. Ní hionann agus go leor billí, níl sa Bhille Aeráide ach cur síos ginearálta ar an athrú as cuimse atá beartaithe dá réir.
Is í príomhaidhm an bhille laghdú 51% ar astaíochtaí charbóin an stáit a chur i bhfeidhm idir seo agus 2030. Ina dhiaidh sin, cuirfear dlús le beartais chun a dheimhniú gur neamhní glan amach a bheidh in astaíocht charbóin iomlán an stáit faoi 2050.
Is faoin gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide, faoi chathaoirleacht an eacnamaí John Fitzgerald, a bheidh sé plean a dhréachtú ina leagfar amach an laghdú éigeantach a bheidh ar gach earnáil a chur i bhfeidhm san idirlinn. Ní bheidh aon dul as ag airí rialtais ach beartais a thabhairt isteach leis na sriocanna a fhógrófar a chomhlíonadh.
Fógrófar na spriocanna nuair a bheidh ‘buiséad carbóin’ cúig bliana á sheoladh roimh dheireadh na bliana. De réir an bhille a ritheadh Dé Céadaoin, ní gnáthphlean a bheidh sa cháipéis a chuirfear faoi bhráid na Dála ach clár éigeantach gnímh agus athruithe a bheidh ar aon dul le gnáthbhuiséad.
Tharraing scata feirmeoirí a bhí i mbun agóide taobh amuigh den Ionad Comhdhála Náisiúnta le linn díospóireacht na Dála ar an mbille aird ar earnáil mhór a bheidh i lár an aonaigh nuair a fhoilseofar na ciorruithe ar astaíochtaí.
Sheachain páirtithe an rialtais tagairt shonrach don chiorrú a bheidh riachtanach in earnáil na talmhaíochta agus clár an rialtais á phlé acu anuraidh. Is leor trí phointe a lua mar léiriú samplach ar an argóint ghéar a spreagfaidh na ciorruithe idir an rialtas agus feirmeoirí, chomh maith le go leor daoine eile, nuair a fhógrófar iad:
- Is ón earnáil talmhaíochta a thagann 35 faoin gcéad d’astaíochtaí carbóin an stáit.
- Dúirt an tAire Aeráide Eamon Ryan sa Dáil go rachadh ciorrú ar astaíochtaí chun tairbhe d’fheirmeoirí.
- Lasmuigh, dúirt uachtarán Chumann na bhFeirmeoirí Tim Cullinan go raibh an ciorrú ar astaíochtaí éagórach.
Is féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh tuairimí dá leithéid á nochtadh go forleathan faoi dheireadh na bliana agus ag cothú argóna ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin.
Tá na lagfhorálacha sa bhille, a deirtear a dheimhneoidh athrú cóir (‘just transition’), cáinte go forleathan. Cuirfidh tart na córa a thuilleadh brú ar an rialtas de réir mar a thitfidh tionchar éagothrom an bhille ar dhaoine agus ar dhreamanna éagsúla.
Is é croí na faidhbe atá ag teannadh leis an tír go ndearnadh neamhshuim náireach go dtí seo den ghníomh dáiríre a theastaigh chun astaíochtaí a laghdú agus gur go déanach atáthar ag tabhairt faoin obair.
Léiríonn pobalbhreitheanna go gcuireann athrú aeráide imní ar mhuintir na hÉireann agus go bhfuil ár bhformhór toilteanach ár nósanna agus ár stíl mhaireachtála a athrú d’fhonn astaíochtaí a laghdú.
Faraor ní hionann scaití meon agus mian, dá uaisle iad, agus an toil tabhairt faoi athrú dáiríre.
Fearacht Naomh Agaistín, a d’iarr ar Dhia fadó cabhrú leis a bheith geanmnaí ach gan é a dhéanamh ar an toirt, b’fhearr lenár mbunáite moill a chur ar an athrú dosheachanta atá romhainn.
Eoghan ONéill
Chonaic staitisticí a deir go raibh an daonra domhanda ar 2.5 billiún thiar i 1950 tráth nach raibh carr ach ag scar beag den phobal in Éirinn agus anois 7.7 billiún agus % i bhfad níos mó de dhaoine ag dó ola/guail etc. Caithfimid an farrasbarr CO2, CH4 etc san aer a isliú chun leas beatha uilig na cruinne.