Ní gá gur ciníochas nó fimíneacht is cúis le níos mó suime a bheith againn sa chogadh seo ná cogaí eile

Tá fianaise ann gur ciníochas is cúis le níos mó airde a bheith againn ar Chogadh na hÚcráine ná mar a bhíonn againn ar choimhlintí eile ach tá bealaí eile le féachaint ar an scéal freisin…

Ní gá gur ciníochas nó fimíneacht is cúis le níos mó suime a bheith againn sa chogadh seo ná cogaí eile

Tá fianaise ann chun tacú leis an argóint go bhfuil baint ag ciníochas leis an aird a thugann muid ar Chogadh na hÚcráine i gcomparáid, mar shampla, leis an neamhaird a dhéantar de choimhlintí eile ar nós an chogaidh san Éimin. Tá an argóint agus an fhianaise seo curtha i láthair an phobail go paiteanta ag tráchtairí eile ar nós Alex Hijmans san alt seo ar Tuairisc.

Tá fianaise ann freisin a thagann salach ar an teoiric sin, áfach. 

Is minic muintir na hÚcráine ag cur ar ár súile dúinn go bhfuil cogadh ar siúl ansin le hocht mbliana anuas agus gur beag aird a thugamar air. Ar an dtaobh eile den scéal, nuair a bhí mise óg ba é an chos ar bolg a bhí á dhéanamh ar dhaoine dubha san Afraic Theas an chúis du jour. Agus ba í an agóid i gcoinne ionradh na hIaráice ar an 15 Feabhra 2003 ceann de na cinn is mó riamh i stair na hÉireann

‘Sí fírinne an scéil go bhfuil go leor rudaí éagsúla a mbíonn tionchar acu ar na scéalta a dtugann muid nó nach dtugann muid aird orthu. I gcás cogaidh nó coimhlinte armtha measaim go bhféadfaí cuid de na rudaí seo a leanas a chur san áireamh – gan iad a bheith in aon ord tosaíochta ar leith.

1. Chomh nua is atá an cogadh. Nuair a thosaigh an cogadh sa tSiria in 2011 fuair sé an-aird ar dtús. Chuaigh sin i léig de réir a chéile. Má leanann Cogadh na hÚcráine chomh fada céanna is cinnte nach mbeidh an aird chéanna á fáil aige is atá anois.

2. Tarraingíonn scéal faoi thír a bheith ag ag déanamh ionradh ar thír eile níos mó airde ná cogadh cathartha. Bíonn sé níos deacra an ceart agus an mícheart i gCogadh Cathartha i dtír i bhfad i gcéin a thuiscint. Tá scéal i bhfad níos simplí ag baint le tír mhór ag déanamh ionsaí ar thír bheag.

3. Tarraingeoidh scéal faoi thír ag déanamh ionradh iomlán ar thír eile níos mó airde ná tír a dhéanann ionradh ar phíosa beag de thír eile. 

Nuair a ghabh an Rúis an Chrimé bhí sé i gcoinne an dlí idirnáisiúnta ach ar an dtaobh eile den scéal ba léir gur fháiltigh a lán de mhuintir na Crimé roimhe agus ní raibh aon chogadh ann i ndáiríre. Freisin, tuigeadh gur chuid den Rúis a bhí ann go dtí 1954. Maidir leis an gcogadh in oirthear na hÚcráine, bhí líomhaintí agus frithlíomhaintí ar an dá thaobh agus bhí sé deacair a dhéanamh amach an amhlaidh go raibh fíorúdar aighnis ag pobal oirthear na hÚcráine nó an amhlaidh go raibh an Rúis ag cothú aighnis ansin, nó meascán éigin den dá rud a bhí i gceist. Ach tá sé i bhfad níos simplí a thuiscint gurbh í an Rúis an t-ionsaitheoir san ionradh atá ar siúl acu anois. Tá scála an chogaidh i bhfad níos mó, agus is léir go bhfuil formhór mór phobal na hÚcráine dubh dóite i gcoinne na n-ionraitheoirí.

4. Tarraingeoidh tír uathlathach a bheith ag déanamh ionsaí ar thír dhaonlathach níos mó airde ná tír uathlathach a dhéanann ionsaí ar thír uathlathach eile. Beidh luí ag daoine i dtíortha daonlathacha le tír daonlathach a bhfuiltear ag iarraidh deireadh a chur leis an daonlathas ann.

5. An líon daoine ón dá thír a bhfuil ceangail oibre nó cónaithe acu sa tír eile. Bhí 3,000 Úcránach ina gcónaí in Éirinn aimsir an daonáirimh dheireanaigh in 2016 agus is dócha go bhfuil méadú tagtha air sin ó shin. Ní líon ollmhór é ach ní líon beag daoine é ach an oiread. Ach tá líon i bhfad níos mó Polannach, Liotuánach agus daoine ó thíortha eile in oirthear na hEorpa anseo agus tá siad siúd thar a bheith buartha faoi ionradh na hÚcráine freisin agus eagla orthu go bhféadfadh an Rúis iarracht a dhéanamh a dtíortha siúd a chur faoi smacht arís.

6. An baol go leathnóidh an cogadh agus go mbeidh tionchar níos dírí aige orainn. D’fhéadfadh cogadh domhanda nó fiú cogadh núicléach tarlú má tharraingítear tíortha NATO isteach i gCogadh na hÚcráine. 

7. Cé chomh gar is atá an cogadh dúinn. Tá sé tuairim is 2,000 km idir Baile Átha Cliath agus Lviv, 4,000 km atá Damascus uainn agus 5,500km atá ann go Khartoum. Tá an Úcráin san Eoraip agus féachaimid ar an Eoraip mar ár gcomharsanacht idirnáisiúnta féin. Tá an Úcráin buailte ar theorainn an Aontais Eorpaigh. Is tíortha a bhí faoi smacht na Rúise agus a bhfuil eagla orthu faoina bheith faoi smacht na Rúise arís roinnt de bhallstáit an Aontais. 

Agus sea, níl aon amhras ach gur chóir cúrsaí cine a chur san áireamh anseo – go mbíonn bá fochoinsiasach (nó gan a bheith chomh fochoinsiasach fiú) ag daoine le daoine ‘a bhreathnaíonn cosúil linne’. Ach tá sé róshimplí a rá gurbh é sin amháin míniú an scéil. 

Agus fiú i gcás cúrsaí cine níl sé chomh simplí is a rá go dtugtar níos lú airde ar leatrom atá á dhéanamh ar dhaoine de dhath. Conas a luíodh sampla na hAfraice Theas isteach leis sin? Agus conas a mhíneofá an aird mhór a tugadh thar na blianta ar an gcoimhlint Iosraelach/Palaistíneach i gcomparáid, abair, le cogaí i bhfad níos marfaí agus níos fuiltí san Afraic? Deir ionadaithe ar son Iosrael agus a lucht tacaíochta gur frithSheimíteachas ata taobh thiar de seo. Gan amhras tá frithsheimíteachas i dtíortha an iarthair agus gan amhras, mar sin, tá roinnt daoine atá naimhdeach d’Iosrael frithSheimíteach. Ach níl aon amhras ach an oiread go n-úsáideann rialtas agus lucht tacaíochta Iosrael líomhain an fhrithsheimíteachais chun dícháiliú a dhéanamh ar aon cháineadh ar pholasaithe Iosrael i leith na bPalaistíneach. Agus, dar ndóigh, tá Giúdaigh ina measc siúd a cháineann Iosrael. 

Tá muintir thíortha an Iarthair éirithe thar a bheith leochaileach ó na seascaidí i leith faoi aon chás ina bhfeictear go bhfuil daoine geala ‘cosúil linne’ ag déanamh leatrom ar dhaoine ‘eile’, daoine de dhath. Baineann sé seo leis an iarchóilíneachas agus leis na gluaiseachtaí cearta daonna agus frithchiníochais atá tagtha chun cinn i dtíortha an Iarthair, go háirithe i measc aicmí liobrálacha agus na heite clé. 

Seo cuid mhór den chúis, dar liom, gur mhéadaigh an brú ó thíortha an Iarthair ar chóras na cinedheighilte san Afraic Theas. Nílim ag déanamh beag is fiú den obair na gcapall a rinne gníomhaithe in Éirinn agus i dtíortha eile a bhí ag streachailt chun aird a tharraing ar an gceist ar feadh na mblianta fada.

Measaim go bhféadfadh go bhfuil baint aige seo, freisin, leis an spéis mhór a chuirtear i gcás na bPalaistíneach in Éirinn agus i dtíortha eile san Iarthar, go háirithe i measc daoine liobrálacha nó daoine ar an eite chlé. Is cinnte go dtugtar i bhfad níos mó airde air ná mar a thugtar ar shárú chearta an duine sa tSín nó áit ar bith san Afraic. Measaim go smaoiníonn muid go fochoinsiasach ar na hIosraelaigh mar dhaoine geala ‘cosúil linne’ atá ag déanamh leatrom agus coilíniú ar dhaoine de dhath. Ba Ghiúdaigh gheala de bhunadh na hEorpa is mó a bhí chun tosaigh i mbunú agus in rialú stát Iosrael thar na blianta agus is sin an íomhá is láidre atá inár gcloigne nuair a smaoiníonn muid orthu. 

Mar sin is é atá á mhaíomh agam gurbh amhlaidh go dtugann muid níos mó airde ar chogadh nó coimhlint fhoréigneach nuair atá daoine geala san áireamh, bíodh sin mar íobartaigh mar an dream atá ag déanamh cos ar bolg. 

Níor mhiste dom a shoiléiriú nach bhfuilim ag rá go bhfuil aon rud atá ráite agam go dtí seo go maith nó go dona – níl ann ach iarracht a dhéanamh cur síos a dhéanamh ar chúrsaí mar atá. Táim cinnte go bhféadfaí cúiseanna eile a chur leis na cinn atá luaite agam a mbíonn tionchar acu ar na coimhlintí a dtugann muid aird orthu.

Measaim go bhfuil bealach níos dearfaí le breathnú ar an gcodarsnacht idir an aird a dhírítear ar chogadh na hÚcráine agus an aird a dhírítear ar choimhlintí san Afraic agus san Áise, ná ciníochas agus fimíneacht a chur i leith daoine a bhfuil comhbhá á léiriú acu do phobal na hÚcráine. Nuair a d’fhiafraigh mé de phríomhfheidhmeannach Trócaire Caoimhe de Barra le déanaí ar chuir an féiniméan seo frustrachas uirthi chuaigh an freagra a thug sí i bhfeidhm orm:

“Is tír í an Úcráin atá ar imeall na hEorpa agus d’fhásamar go léir suas le stair na hEorpa agus stair an Dara Cogadh Domhanda agus tuigimid cad a tharla i rith an Dara Cogadh Domhanda agus is dócha gur rud uafásach go bhfuil rud mar sin ag tarlú ar imeall na hEorpa agus measaim gur sin an fáth a bhfuil an oiread sin airde á díriú ar an gceist seo. 

“Agus measaim gur fadhb ollmhór dhomhanda í toisc go bhfuil an cheist núicléach ann agus mar sin níl aon ionadh orm go bhfuil daoine ag díriú airde air seo… 

“Ceapaim go gcabhraíonn sé le daoine a shamhlú cad tá i gceist nuair atá coimhlint i dtír mar is é an rud céanna atá i gceist, na saghas íomhánna atá á fheiscint againn ar an teilifís agus ar an idirlíon. Is an rud ceannann ceánna atá ag tarlú i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó – máithreacha agus páistí beaga ag bogadh thart agus gan aon rud acu ach na héadaí atá ar a ndroim. Measaim go gcabhraíonn sé le daoine a thuiscint cad tá i gceist le coimhlint…”

An é go bhfuilimid ag iarraidh a thabhairt le fios go bhfuilimid níos frithchiníche agus níos morálta ná daoine eile? Nó an cás linn i ndáiríre cúinsí mhuintir na Somáile, an Chongó agus Éimin? Más ea, b’fhéidir nár mhiste dúinn rud éigin a fhoghlaim ó chur chuige Chaoimhe de Barra, bean atá tar éis níos mó a dhéanamh ar son mhuintir na dtíortha sin ná lucht giolcaireachta, lucht straoisleabhar, lucht Instagram, lucht fágtha na dteachtaireachtaí faoi altanna ar Tuairisc.ie, lucht scríofa na n-altanna ar Tuairisc.ie, lucht tráchtaireachta agus lucht chraoltóireacht na Gaeilge ar fad curtha le chéile. 

Mé féin san áireamh, dar ndóigh. 

Fág freagra ar 'Ní gá gur ciníochas nó fimíneacht is cúis le níos mó suime a bheith againn sa chogadh seo ná cogaí eile'

  • Pat Butler

    Seo alt fada. Seo alt an-fhada. Alt an-fhada le Fachtna Ó Drisceoil.

    Tá an t-alt seo geall le bheith chomh fada le cuid de na freagraí ar altanna eile atá foilsithe ó am go chéile ar an ardán seo ag Séamas de Barra.

  • alan titley

    Is maith liom an teideal ar alt Fhachtna…’Ní gá gur ciníochas nó fimineacht…’ Is fíor ‘nach gá’, ach is dócha gurb ea…

  • Roibeárd Liam Mac Cathmhaoil

    Is fiú ceist a chur orainn an bhfuil baint le ciníochas ann sa chás ná hÚcráine ach is féidir linn na cúiseanna eile agus níos thábhachtaí a ligint chun dearmad má fheictear gach rud atá ag tarlúnt ar an domhan mór trí súile na ciníochas.

  • Aonghus Ó hAlmhain

    Níl aon cheist ann ach go bhfuil ciníochas, ciníochas struchtúrtha san áireamh ann. Agus go mbíonn roinnt de i gceist i gcásanna mar seo. Ach tá an scéal casta mar a leag Fachtna amach san alt thuas (nár shíl mé a bheith fada). Agus i bhfad rómhinic baintear feidhm as an uaill “Ciníochas” chun deireadh a chuir le plé – agus níos measa fós – gníomh chun dul i ngleic le fadhb dáiríre.