Ní foláir agóid a eagrú agus scread a ligean – ná ligigí do na siopaí leabhar imeacht as!

Tá siopaí leabhar á ndúnadh chomh minic is atá tithe tábhairne ar na saolta seo. Ní maith é…

Ní foláir agóid a eagrú agus scread a ligean – ná ligigí do na siopaí leabhar imeacht as!

Tá siopaí leabhar á ndúnadh chomh minic is atá tithe tábhairne ar na saolta seo. An dá mhar a chéile iad, an smaoineamh a ritheann liom. Tugann tú cuairt ar an dá áit chun éalú ón saol atá timpeall ort agus chun tú féin a thumadh i saol eile. Sa siopa leabhar tumann tú thú féin sna leabhair. Sa teach tábhairne tumtar tú i sáspan pórtair!

Faigheann tú faoiseamh agus fágann tú an dá áit agus tú ar sceabha agus faoi gheasa agus (dubh)iontas ort go bhféadfadh an t-eispéireas an méid san pléisiúir a thabhairt duit.

Ach fágfaimid dúnadh na dtithe tábhairne go lá éigin eile. Maidir le dúnadh na siopaí leabhar, is mór an tragóid é, dar liom. Téann traidisiún na leabhar clóite siar breis agus míle ceithre chéad bliain. Bhíodh lámhscríbhinní á soláthar ag na manaigh agus tá fianaise ann gur cuireadh leabhair i gcló san India agus sa tSín agus i dtíortha eile san ochtú agus sa naoú haois. Ansin, ar ndóigh, tharla éacht Johannes Gutenberg c. 1440 nuair a bhunaigh sé an chéad chlóphreas. Foilsíodh bíobla Gutenberg roinnt blianta ina dhiaidh sin agus ó shin i leith tá leabhair á gcur i gcló ar fud an domhain.

N’fheadar an mbeidh an cleachtas céanna fós ar siúl sa bhliain 2040, sé chéad bliain ó éacht Gutenberg? Ó mo thaobhsa féin de, is deacair dom domhan a shamhlú gan leabhair. Ó bhí mé im’ theallaire beag bhí dúil sna leabhair agam. Abair é ag an am sin ach bhí siad gann ar an dtaobh tíre ina raibh mé féin ag fás aníos. Níos gainne ná deannach óir. Ach san áit ina mbíonn an toil bíonn an t-éileamh agus fonn a dhéanas fiach mar a dúirt an té a dúirt. Bhí bealaí ann chun gabhair chun leabhar a shásamh!

Bhí an t-ádh dearg orm go raibh cara agam i sráidbhaile Bhréanainn a raibh duine muinteartha aige i Nua-Eabhrac a raibh gabhair chun leabhar air. Sheoladh sé bosca Westerns chuig mo chara um Nollaig agus roinneadh sé siúd go fial orm iad. Is cuimhin liom oíche gheimhridh nuair a bhí mé fós im theallaire dul chuig seanteach duine de na comharsana le m’athair. Chaith sé féin agus a chomhbhádóir an oíche ag deisiú líonta agus faid a bhí mise ag póirseáil thuas sa lochta ann tháinig mé ar bhosca a bhí lomlán le Westerns agus scéalta bleachtaireachta. Tugadh cead dom iad a thabhairt abhaile liom.

Ó, an gliondar agus an ríméad a bhí orm.

Agus mar sin de. É mar nós agam i gcónaí nuair a thugainn cuairt ar chathair nó baile mór in Éirinn nó thar lear go lorgóinn i gcónaí na siopaí leabhar – nua agus dara láimhe. Chuirfinn an leabhar ar an leibhéal céanna leis an mbia agus an teas i mo shaol. Ní dóigh liom go bhféadfainn maireachtaint gan na leabhair faoin tráth seo. Ar an ábhar sin, goilleann sé go mór orm aon uair a chloisim go bhfuil siopa leabhar ag dúnadh síos. Agus tá sé ag tarlú níos minice ar na saolta seo. I mbliana, mar shampla amháin, dúnadh siopa leabhar Liam Ruiséal ar Shráid Oilibhéir Pluincéid i gcathair Chorcaí. De bharr go raibh mé ag obair sa chathair ag an am thug mé cuairt ar an siopa lá a dhúnta.

Bhraith mé go raibh cuma na huaighe ar an áit, rud a bhí fíor. Bhí doirse an tsiopa oscailte le céad bliain agus áit lárnach ag leabhair Ghaeilge agus leabhair ó údair áitiúla ar na seilfeanna ann. Ócáid fhíorbhrónach. Agus anois tá an chuma ar an scéal go mbeidh an sainchomhartha ársa de shiopa leabhar, Easons ar Shráid Uí Chonaill, ag dúnadh a dhoirse ag deireadh na bliana seo nó go gairid ina dhiaidh, más fíor do na ráflaí.

Ar ndóigh, is liosta he háireamh iad na cinn atá dúnta le deich mbliana anuas, idir nua agus dara láimhe. Agus an rud is measa, dar liom, ná nach gcloistear gíog ná míog ó na páirtithe leasmhara – foilsitheoirí, clódóirí, scríbhneoirí agus léitheoirí – faoin bhfeiniméan seo.

Tuigim go bhfuil rabharta mór na nuatheicneolaíochta geall is a bheith do-stoptha ag an bpointe seo agus go bhfuil gach ceann de na páirtithe atá luaite ar dalladh ag iarraidh coinneáil suas leis ach an gá dóibh géilleadh gan agóid a eagrú, gan lámh a ardú, gan scread a ligean: ‘STOPAIGÍ! STOPAIGÍ! STOPAIGÍ! in ainm Dé!?’

Fág freagra ar 'Ní foláir agóid a eagrú agus scread a ligean – ná ligigí do na siopaí leabhar imeacht as!'

  • Carraig

    Bhí seastán leabhar ag an Oireachtas agus sciob sceab orthu. B’fhéidir gurb in é an todhchaí. Bainfidh daoine pléisiúr as leabhair a láimhseáil ar a suaimhneas i gcónaí. Leanfaidh na díoltóirí na mórócáidí ar nós mar a dheintí anallód. Gach rud á órdú ar líne anois; bia, deoch, leabhair srl. “Sábhálann sé am agus am is ea airgead”. Ceallúnaigh á dhéanamh den duine ar chuma na manach fadó agus scread Edvard Munch á ligean ag cuid againn. Fairsingiú nó cúngrach?