Ní fiú tráithnín an dráma nach mbaineann croitheadh asainn – is maith a thuigeann Marina Carr sin

Grianghraf ar rphost– Taibhsí ag féachaint isteach ar ghirseach linbh sa phram… Sa spás soilseach atá romhainn tá staighre leathan ollmhór ag éirí chun na flaithis. Nó ag teacht anuas ón ‘áit eile’, b’fhéidir. Ní fios fós. Giuirléidí tís sna spásanna ar dhá thaobh an staighre. Tonnta ag briseadh ar chladach – an fharraige ag […]

Ní fiú tráithnín an dráma nach mbaineann croitheadh asainn – is maith a thuigeann Marina Carr sin

Taibhsí ag féachaint isteach ar ghirseach linbh sa phram… Pictiúr: Ros Kavanagh

Grianghraf ar rphost– Taibhsí ag féachaint isteach ar ghirseach linbh sa phram…

Audrey or Sorrow,
le Marina Carr
Amharclann na Mainistreach
She’s me, isn’t she? –  Yes. – Which one of them killed me? –  Maria. – How did she do it? – By wishing it…

Sa spás soilseach atá romhainn tá staighre leathan ollmhór ag éirí chun na flaithis. Nó ag teacht anuas ón ‘áit eile’, b’fhéidir. Ní fios fós. Giuirléidí tís sna spásanna ar dhá thaobh an staighre. Tonnta ag briseadh ar chladach – an fharraige ag éileamh a sciar féin? Trá is tuile, siosarnach is suan. An t-aer ar tinneall le débhrí agus tuar. Drochthuar…

Molann toradh a gcuid oibre an dearthóir seit, Jamie Vartan, agus bandraoi na soilse Sinéad Wallace. Ní fada go dtuillfidh feisteas Mac, Grass agus Purley an moladh céanna dá ndearthóir Katie Davenport nuair a thosóidh an spraoi.

Fáilte chuig eadardhomhan Audrey or Sorrow.

Beirt sprid iontacha is ea Mac agus Grass, beirt iontach! (Anna Healy agus Marie Mullen). Mná meánaosta nár fhás suas riamh. Iad gléasta mar chailíní óga i ‘tutus’ sióga agus cóisir thae agus neart cluichí páistiúla eile á n-imirt acu. Tá Amharclann na hÉigéille faoi lán bhláth arís. Macallaí Genet, Ionesco, Amadov. Agus scláta iomlán Sam Beckett.

Ar ball tagann Purley (Nick Dunning) abhaile ‘ón obair’. Sprid eile – fear meánaosta ina bhuachaill bunscoile na mbrístí gearra fadó.

Bíonn an triúr seo ag méiseáil timpeall i dteach ina bhfuil cónaí ar leannáin chorpartha atá beo beathach, David agus Maria (Patrick Martins agus Zara Devlin). Tá leanbh dá gcuid féin acu siúd. Tá naíchóiste ar a bhfuil cruth agus cuma na nglúnta a d’imigh sa halla. Lúbadh ama eile? Is léir nach bhfuil Maria istigh léi féin leis an leanbh. Drochthuar.

Braitheann sí neacha taibhsiúla ina timpeall. Tá David dall orthu. Ní fada go gcuirtear dár mboinn sinn. Siúd anuas an staighre mórshiúl sochraide, cónra bhán bhídeach á hiompar go sollúnta ag David. Maria ar a chúl. Iad beirt briste. Ait nár tháinig tuistí Maria chun na sochraide, arsa David. Réamhscéal anseo a nochtfar ar ball, b’fhéidir?

Domhan é seo ina bhfuil an t-am atá thart, an t-am atá anois ann, agus an t-am atá fós le teacht fite fuaite lena chéile. Sníomhfar na téada sin go léir le chéile ina dtaipéis shoiléir roimh dheireadh na hoíche, nach ndéanfar?

Ní léir ar dtús do na sprideanna – ná dúinne – an beo nó marbh iad. Bhfuil gaol idir iad is ‘na daoine’? Caidé, má tá?

Aisling O’Sullivan mar ‘Audrey’. Pictiúr: Ros Kavanagh

Ní fiú tráithnín an dráma nach mbaineann croitheadh asainn. Nach é sin feidhm na drámaíochta? Is maith a thuigeann Marina Carr agus a cliar uilig fá stiúir Chaitríona McLoughlin, an méid sin.

Thuas staighre tá cónaí ar ainsprid chráite, nach bhfeicimid go fóill – a chuireann sceon marfach ionainn nuair a léiríonn an dráma blaisín a cuid oilc ar ball. Bean sí chráite. Leanbh eile í siúd. Ina híobartach a thaibhsíonn sí í féin dúinn ar dtús. Dallamullóg is cur i gcéill an méid sin d’fhonn a nádúr dorcha a cheilt.

Is é an neach aisteach, claon, fulaingeach seo eochair scaoilte gach ruda, geall leis. An Loralei cois uisce, an spéirbhean mhealltach. Síofra díoltasach an teidil, Audrey (Aisling O’Sullivan), claíomhbhean díoltais na nDéithe.

Rud iontach eisceachtúil atá cruthaithe ag Marina Carr an babhta seo. Scafall drámatúil a bhaineann stangadh asainn. Ár ndroim le cúl na suíochán, ag streachailt chun míniú a bhaint as a bhfuil ag tarlú os ar gcomhair. Bíonn fiosrú agus tochailt i gcroí gach aon aiste drámaíochta ar fiú bacaint léi. Más é ár ndúshlán greim a fháil ar a bhfuil ar siúl, nach iontach an bhuaic an méid sin féin?

Súnn Marina Carr isteach sinn, dár n-ainneoin b’fhéidir; lán amhrais, ar dtús – ag ciceáil is ag clampar is ag santú fós cruinne sin na loighce réalaíche a d’fhágamar inár ndiaidh, páirceáilte ag doirse Amharclann na Mainistreach lasmuigh.

Fáilte isteach chuig amharclann na héigéille is na péine, ina ndéantar an t-am féin a chur as a riocht. Amharclannaíocht a nochtann neart fírinní faoin staid dhaonna dúinn má ghéillimid go fonnmhar di.

Asarlaíocht na drámaíochta a thugann chun beatha dúinn eadarchruinne Bardo Thodol nó  The Tibetan Book of the Dead, mar is fearr aithne air. Ag siúl ansin atá Audrey or Sorrow, lámh ar lámh, an bhean chaointe agus an bhean sí thraidisiúnta. Tá purgadóir na marbhghinte anseo freisin. Iad curtha go minic gan leac sa díog, i gclais éigin cois trá nó ar ordú shiúracha gan taise ná trócaire ná carthanacht. Iad gan náire ná daonnacht ná cathú d’aon saghas.

Marie Mullen, Anna Healy agus Nick Dunning. Pictiúr: Ros Kavanagh

Siansa in obair Carr fuinneamh corrthónach na bpáistí atá imithe romhainn. Íobartaigh a sciob básanna cliabháin. Lúbann na carachtair an t-am ar a dtoil, siar is aniar mar is gá.  Cuirimid aithne orthu – na neacha neamhshubstaintiúla seo. Sprideanna agus ainsprideanna araon.

Siúd chugainn sa tríú mír beirt dhaonna eile, máthair agus athair Maria (Aislín McGuckin agus Howard Teale). Foinse an scéil seo uilig. An bhunchlann. Fiosraítear pianta eisiacha a gcaillteanais siúd. Rud fíochmhar brónach. Feictear dúinn ar deireadh an gaol idir na sprideanna, na daoine, is na leanaí. Maithimid dóibh a bhfiacha, ar dhá thaobh an Styx, i dTír na mBeo is i dTír na Marbh.

Ach ní drámadóir aon datha í Carr. Tá neart grinn, dubh agus bán, ón gcéad mhír ar aghaidh freisin.

Is míorúilteach greannmhar an feic iad Mac agus Grass ina ngúnaí Céad Comaoineach! Mórshiúl acu na staighrí fada anuas, ‘Hail Queen of Heaven, the Ocean Star’ i mbarr a gcinn is a ngutha. Tugann faoiseamh catairseach anuas an staighre leo. Ola bheannaithe an gháire, á scaradh mar ungadh ar chréachta inmheánacha an linbh chaillte, atá ionainn go léir, déanta na fírinne.

Zara Devlin, Patrick Martins, Nick Dunning, Marie Mullen agus Anna Healy. Pictiúr: Ros Kavanagh

Agus nach iontach an radharc í Mac (Anna Healy)? Blásach bhreá de thaibhse mná atá amach san blianta agus gan uirthi ach a léine agus a drár breá scóipiúil d’fhonn na héadaí don ‘gléasadh suas’ a sciob sí a thabhairt ar ais do Grass ar leis iad. Saontacht ghlan gheanmnaí an linbh ag breathnú ar ais orainn trí na súile móra neamhurchóideacha sin.

Áireofar amach anseo Audrey or Sorrow ar shárshaothair drámaíochta Marina Carr. Cuir ort do chrios tarrthála agus tóg an léim bhuile iontaoibhe sin ina teannta. Ná tabhair aon cheann d’éinne de chosantóirí gairmiúla ‘cheird’ na critice a labhair go diúltach cheana faoin dráma nua seo.

Níl lúb ar lár in aon cheann de na taispeántais ach an oiread.

Sin ráite, ornáid ar a ceird is ea Aisling O’Sullivan. Tá a Audrey, iomlán ollásach, máistriúil, niamhrach agus scanrúil. Ní mhúchfar ar stáitse na Mainistreach choíche aithris Audrey ar ghol caointe an linbh mhairbh.

Molaim duit dul ar aistear na cinniúna le Marina is a criú. Má scaoileann tú an páiste inmheánach ionat den iall don dá uair a chloig go leith, tá fómhar fairsing le baint. Ór le cur i dtaisce i scioból raidhsiúil na samhlaíochta ar ball.

Geallaimse duit go mbraithfidh tú athnuaite ar an aistear abhaile.

Audrey or Sorrow in Amharclann an Mainistreach go dtí an Márta 30. Ná caill é, ar d’anam beo!

 

Fág freagra ar 'Ní fiú tráithnín an dráma nach mbaineann croitheadh asainn – is maith a thuigeann Marina Carr sin'

  • Tomás an tSíoda

    Cén uair dheireanach dráma i nGaeilge?
    Cé mhéíd acu ó 2014?