‘Ní fiú glacadh le sop in áit na scuaibe mar acht Gaeilge’ – POBAL

Tá amhras arís ann faoina bhfuil i ndán don éileamh ar acht Gaeilge ó thuaidh ó dúirt Arlene Foster nach mbeadh aon ghlacadh aici le hacht don Ghaeilge amháin

‘Ní fiú glacadh le sop in áit na scuaibe mar acht Gaeilge’ – POBAL

Caithfear seasamh go “docht daingean” leis an éileamh ar acht Gaeilge ina mbeidh “réimse leathan cearta” do phobal na Gaeilge, a deir Janet Muller, Stiúrthóir an bhrúghrúpa POBAL.

Dúirt Muller gur léir go bhfuil “brú á chur anois” ar pholaiteoirí “dul siar ar roinnt de na gealltanais atá tugtha do phobal na Gaeilge” maidir leis an reachtaíocht teanga.

Cé go bhfuil dóchas i gcónaí ann go dtiocfar ar réiteach go luath sna cainteanna maidir leis an tsáinn pholaitiúil ó thuaidh, chuir ceannaire an DUP inné leis an amhras atá ann faoina bhfuil i ndán don éileamh ar reachtaíocht teanga nuair a dúirt sí nach mbeadh “aon acht don Ghaeilge amháin ann”.

Dúirt Foster nach raibh aon bhaint ag na scéalta faoi chineál na reachtaíochta Gaeilge a d’fhéadfaí a thabhairt isteach “leis an saol mar atá”.

Sa ráiteas is láidre atá déanta le tamall aici faoi cheist an achta Ghaeilge, dúirt ceannaire an DUP nach mbeadh aon ghlacadh ag a páirtí le hacht don Ghaeilge amháin, le comharthaí dátheangacha, le múineadh éigeantach na Gaeilge ná le cuótaí Gaeilgeoirí sa státseirbhís.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an teachta tionóil de chuid Shinn Féin Conor Murphy go raibh acht Gaeilge mar riachtanas d’aon mhargadh a dhéanfaí maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont.

Cé nach bhfuil aon duine sa DUP ag labhairt amach go poiblí faoin scéal faoi láthair, meastar go bhfuiltear ann a chreideann nár chóir géilleadh do reachtaíocht ar bith don Ghaeilge. Meastar leis go bhfuil an baol ann go dtreiseoidh ar an meon sin sa DUP i bhfianaise dhiongbháilteacht na bpáirtithe aontachtacha eile faoin gceist.

Tá an t-éileamh ar Acht Teanga don Ghaeilge amháin ar an gcnámh spairne is mó sna cainteanna maidir le hathbhunú an fheidhmeannais. Tá Sinn Féin ag seasamh leis an éileamh ar Acht Teanga don Ghaeilge amháin fad is atá an DUP ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas don Ultais agus do ghnéithe eile den chultúr.

Tuairiscítear go bhféadfadh go mbeadh trí phíosa reachtaíochta ar leith faoi chúrsaí teanga agus cultúir mar chuid mhór den leigheas ar an tsáinn pholaitiúil ó thuaidh – reachtaíocht don Ghaeilge amháin, reachtaíocht don Ultais agus reachtaíocht do chúrsaí cultúir. D’fhéadfadh, a tuairiscítear, go mbeadh socrú casta i gceist a thabharfadh na píosaí éagsúla reachtaíochta le chéile.

Dúirt Janet Muller ó POBAL nár chóir glacadh le reachtaíocht a bheadh “bunaithe ar dhlíthe atá chomh lag is atá acu sa Bhreatain Bheag, nó fiú, níos laige arís”.

“Ní fiú glacadh le sop in áit na scuaibe. In 2006, d’aontaigh rialtas na Breataine acht Gaeilge a thabhairt isteach. Níor fhan muid 11 bliain le nach dtiocfadh ach reachtaíocht a bheadh chomh lag leochaileach nach mbeadh fiúntas ar bith léi.”

Dúirt Muller go gcaithfí Acht a thabhairt isteach a thabharfadh cearta do phobal na Gaeilge san “forais pholaitiúla, sna húdaráis áitiúla, i riar na córa, sna seirbhísí poiblí agus i réimsí na fostaíochta, an oideachais agus na meán cumarsáide”.

Fág freagra ar '‘Ní fiú glacadh le sop in áit na scuaibe mar acht Gaeilge’ – POBAL'