‘Gaelic Ireland’ agus ‘Green Book’ an IRA tarraingthe isteach sa díospóireacht faoi cheist an achta Ghaeilge

De réir mar atá ag neartú ar an tuairimíocht go dtiocfar ar réiteach i Stormont, is amhlaidh go bhfuil an chaint i measc pholaiteoirí na n-aontachtach faoin éileamh ar acht Gaeilge ag éirí níos géire

‘Gaelic Ireland’ agus ‘Green Book’ an IRA tarraingthe isteach sa díospóireacht faoi cheist an achta Ghaeilge

Agus dóchas i gcónaí ann go dtiocfar ar réiteach an tseachtain seo maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont, tá polaiteoirí aontachtacha ag cur cos i dtaca faoi cheist an achta Ghaeilge.

De réir mar atá ag neartú ar an tuairimíocht go dtiocfar ar réiteach i Stormont, is amhlaidh go bhfuil an chaint i measc pholaiteoirí na n-aontachtach faoin éileamh ar acht Gaeilge ag éirí níos géire agus idir ‘Gaelic Ireland’ agus ‘Green Book’ an IRA tarraingthe isteach sa díospóireacht faoi cheist na reachtaíochta teanga.

Cé go meastar go bhfuil ábhar réitigh ann faoi cheist an achta, an dris chosáin is mó roimh athbhunú an fheidhmeannais, tuairiscítear nár éirigh go fóill le ceannaire an DUP Arlene Foster a chur ina luí ar chosmhuintir a páirtí glacadh leis an reachtaíocht don Ghaeilge.

Cé nach bhfuil aon duine sa DUP ag labhairt amach go poiblí faoin scéal faoi láthair, meastar go bhfuiltear ann a chreideann nár chóir géilleadh do reachtaíocht ar bith don Ghaeilge. Meastar leis go bhfuil an baol ann go dtreiseoidh ar an meon sin sa DUP i bhfianaise dhiongbháilteacht na bpáirtithe aontachtacha eile faoin gceist.

Dúirt Jim Allister ón TUV gurb é an toradh a bheadh ar an acht teanga atá á éileamh ag Sinn Féin ná go dtabharfaí Tuaisceart Éireann isteach in “Gaelic Ireland”.

Mhaígh iarcheannaire an UUP Reg Empey nach raibh san éileamh ar acht Gaeilge ach “seift” de chuid Shinn Féin ar mhaithe “le scoilteanna a chothú”. Chuirfeadh a leithéid d’acht stádas an Tuaiscirt mar chuid den Ríocht Aontaithe i mbaol, dar le Empey.

Dúirt Doug Beattie, iarshaighdiúir agus teachta tionóil de chuid an UUP, go bhfeicfí “na scoilteanna doimhne cultúrtha, eitneacha agus teanga” céanna ó thuaidh is atá sa Bhoisnia dá dtabharfaí acht Gaeilge isteach. Mhaígh Beattie go gcuirfeadh acht Gaeilge, fiú dá dtabharfaí acht Ultaise isteach ina theannta, le deighilt an phobail agus leis an seicteachas.

Idir an dá linn, in alt a foilsíodh inniu faoin teideal ‘SF Irish language strategy mirrors PIRA ‘cultural struggle’’, tharraing an Newsletter, an nuachtán aontachtach, treoirleabhar an IRA, ‘An Leabhar Glas’, isteach sa díospóireacht faoin reachtaíocht Ghaeilge. San alt sin, tá agallamh le beirt staraithe, Connal Parr ó Ollscoil Northumbria agus Cillian McGrattan ó Ollscoil Uladh, faoi mhianta stairiúla an IRA maidir leis an nGaeilge agus an t-éileamh atá anois á dhéanamh ar reachtaíocht Ghaeilge.

“Deirtear sa ‘Leabhar Glas’ go bhfuil athghabháil na Gaeilge mar chuid den chath ar son na saoirse agus nach cuid den seobhaineachas náisiúnta atá ann.

“Feictear domsa, áfach, gur ag dul i muinín an tseobhaineachais náisiúnta go díreach atá Sinn Féin sa tslí a bhfuil ceist na Gaeilge á hionramháil acu. Is í an deighilt bun agus barr na polaitíochta teanga,” a deir Cillian McGrattan leis an Newsletter.

Tuairiscítear anois go bhféadfadh gurbh é an leigheas a bheadh ar an easaontas maidir le ceist an achta Ghaeilge ná go ngeallfaí go dtabharfaí trí phíosa reachtaíochta éagsúla isteach – reachtaíocht don Ghaeilge amháin, reachtaíocht don Ultais agus reachtaíocht cultúir. D’fhéadfadh, a tuairiscítear, go mbeadh socrú casta i gceist a thabharfadh na píosaí éagsúla reachtaíochta le chéile.

Tá ráite ag an DUP agus ag Sinn Féin araon go bhfuil dul chun cinn déanta sna cainteanna maidir le hathbhunú Stormont agus tá tugtha le fios ag Rialtas na Breataine go bhfuiltear réidh chun reachtaíocht a thabhairt isteach a cheadódh athbhunú Stormont.

Dúirt Uachtarán nua Shinn Féin Mary Lou McDonald inné nach raibh “aon chonstaic fágtha” nach bhféadfaí “a shárú” sna cainteanna polaitiúla maidir le hathbhunú Stormont atá ar siúl le 13 mí anuas.

Dúirt Arlene Foster, ceannaire an DUP, go raibh dul chun cinn maith déanta sna cainteanna agus thagair sí chomh maith do cheist na reachtaíochta teanga.

“Is iarracht atá ar siúl teacht ar réiteach a léireodh meas ar gach cultúr agus ar gach teanga i dTuaisceart Éireann. Ní sé ina mhargadh go fóill ach tá dul chun maith ar siúl,” a dúírt Arlene Foster.

I ráiteas a d’eisigh Conradh na Gaeilge inné dúradh go raibh sé “thar am ar fad go mbeadh an Ghaeilge aitheanta mar theanga oifigiúil” agus go mbeadh “cosaint agus seirbhísí ann” don teanga.

“Agus cainteanna ag teacht chun deiridh ag Cnoc an Anfa agus ceist na gceart do phobal na Gaeilge arís i gcroílár na díospóireachta, cinntíonn Conradh na Gaeilge arís a mbeadh de dhíth mar chritéir riachtanacha in aon phíosa reachtaíochta don Ghaeilge; stádas oifigiúil, seirbhísí stáit, feiceálacht na teanga, mar aon le coimisinéir neamhspleách, [agus iad] uilig faoi mar atá ann cheana féin sa Bhreatain Bheag agus i reachtaíocht den chineál seo timpeall an domhain,” a dúradh.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, go raibh “laethanta na Gaeilge ceilte” thart.

“Ní mór do chearta agus aitheantas do phobal na Gaeilge a bheith riachtanach agus lárnach in aon socrú nó rialtas nua. Acht Gaeilge neamhspleách, ceartbhunaithe amháin a chinnteoidh rialtas buan as seo amach,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin.

Fág freagra ar '‘Gaelic Ireland’ agus ‘Green Book’ an IRA tarraingthe isteach sa díospóireacht faoi cheist an achta Ghaeilge'

  • Concubhar

    Is minic é cloiste agam ó pholaiteoirí aondachtacha – agus anois ón bhfear léannta Cillian McGrattan – gurb í deighilt bun agus barr ceist na polataíochta teanga agus iad ag díriú a méar ar Shinn Féin mar gheall ar a dtacaíocht d’Acht Ghaeilge. Cuireann sin as an áireamh ar an gcéad dul síos go bhfuil an SDLP, an Alliance, People Before Profit agus an Pháirtí Glas. Is polaiteoirí aondachtacha ar nós Doug Beattie is eile atá ag déanamh uirlis scoilte den Ghaeilge ar mhaithe le cuma níos crua a chur orthu féin ná lucht an DUP. Tá siad ag cur a bhfuath don teanga is don Ghaelachas trí chéile chun tosaigh ar chothrom na féinne a thabhairt don Ghaeilge is lucht a labhartha ar aon chéim le lucht na Gaidhlige in Albain is lucht na Breatnaise sa Bhreatain Bheag, ‘codanna eile den Ríocht Aontaithe’. Is cosúil nach fíor ‘aondachtóirí’ iad ar chorr ar bith!