“Ní bheidh aon acht don Ghaeilge amháin ann’ – Foster

Deir ceannaire an DUP nach mbeadh aon ghlacadh ag a páirtí le hacht don Ghaeilge amháin, ach deir Sinn Féin go gcaithfidh an DUP ‘a n-intinn a dhéanamh suas an bhfuil socrú uathu nó nach bhfuil’

“Ní bheidh aon acht don Ghaeilge amháin ann’ – Foster

Tá ráite ag ceannaire an DUP, Arlene Foster inniu, nach mbeidh “aon acht teanga don Ghaeilge amháin ann”.

Dúirt Foster nach raibh aon bhaint ag na scéalta faoi chineál na reachtaíochta Gaeilge a d’fhéadfaí a thabhairt isteach “leis an saol mar atá”.

Sa ráiteas is láidre atá déanta le tamall aici faoi cheist an achta Ghaeilge, dúirt ceannaire an DUP nach mbeadh aon ghlacadh ag a páirtí le hacht don Ghaeilge amháin, le comharthaí dátheangacha, le múineadh éigeantach na Gaeilge ná le cuótaí Gaeilgeoirí sa státseirbhís.

“Is amhlaidh a chuir cuid den tuairimíocht go leor imní ar an bpobal ar fad ar fud Thuaisceart Éireann agus tá sé tábhachtach a rá nach bhfuil sé bunaithe ar an bhfírinne.

“Is é atá ar bun againn ná iarracht teacht ar réiteach agus bealach chun cinn a léiríonn meas ar Ghaeilgeoirí ach nach gcuireann isteach ar shaol na ndaoine nach Gaeilgeoirí iad, agus sílim go bhfuil sin tábhachtach,” a dúirt ceannaire an DUP.

Agus í faoi agallamh ag an Press Asscociation, rinne Foster iarracht srian a chur leis an dóchas go mbeadh réiteach ar an tsáinn pholaitiúil an tseachtain seo.

“Tá súil agam gur ag bogadh i dtreo na déabhlóide a bheimid arís.

“Cibé a dtarlóidh sé sin an tseachtain seo, faoi cheann cúpla seachtain nó faoi cheann cúpla mí, caithfidh mise a chinntiú go mbeidh socrú againn a mbeidh gach duine sásta leis,” a dúirt Arlene Foster.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an teachta tionóil de chuid Shinn Féin Conor Murphy go raibh acht Gaeilge mar riachtanas d’aon mhargadh a dhéanfaí maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont.

“Is cuma cén cur síos ar mhaith leis an DUP a dhéanamh air, tá a fhios ag an DUP go bhfuil acht Gaeilge riachtanach don chomhréiteach.

“Caithfidh an DUP a n-intinn a dhéanamh suas an bhfuil socrú uathu nó nach bhfuil. Seo é tráth na ceannaireachta agus na stuama agus tá dualgas ar gach duine atá páirteach sa ghnó gan aon aird a thabhairt ar chuid den ghleo ó dhaoine nach spéis leo aontú ar bith,” a dúirt Conor Murphy.

Dúirt Arlene Foster go raibh súil aici a bheith Céad-Aire ar an bhfeidhmeannas arís sa chás go ndéanfaí é a athbhunú.

Shéan sí go raibh baint ag easaontas mar gheall ar an mBreatimeacht le cinneadh an DUP gan bualadh leis an Taoiseach Leo Varadkar i mBéal Feiste inné. Mhaígh sí gur cuireadh in iúl don Taoiseach agus do Phríomh-Aire na Breataine Theresa May sular tháinig siad ar cuairt ar Bhéal Feirste inné nach raibh aon mhargadh déanta go fóill. Dúirt sí go raibh fáilte roimh an Taoiseach agus an Príomh-Aire ach gurbh amhlaidh gur chuir a gcuairt isteach de bheagán ar na cainteanna.

De réir mar atá ag neartú ar an tuairimíocht go dtiocfar ar réiteach i Stormont, is amhlaidh go bhfuil an chaint i measc pholaiteoirí na n-aontachtach faoin éileamh ar acht Gaeilge ag éirí níos géire.

Cé go meastar go bhfuil ábhar réitigh ann faoi cheist an achta, an dris chosáin is mó roimh athbhunú an fheidhmeannais, tuairiscítear nár éirigh go fóill le ceannaire an DUP Arlene Foster a chur ina luí ar chosmhuintir a páirtí glacadh leis an reachtaíocht don Ghaeilge.

Cé nach bhfuil aon duine sa DUP ag labhairt amach go poiblí faoin scéal faoi láthair, meastar go bhfuiltear ann a chreideann nár chóir géilleadh do reachtaíocht ar bith don Ghaeilge. Meastar leis go bhfuil an baol ann go dtreiseoidh ar an meon sin sa DUP i bhfianaise dhiongbháilteacht na bpáirtithe aontachtacha eile faoin gceist.

Tá an t-éileamh ar Acht Teanga don Ghaeilge amháin ar an gcnámh spairne is mó sna cainteanna maidir le hathbhunú an fheidhmeannais. Tá Sinn Féin ag seasamh leis an éileamh ar Acht Teanga don Ghaeilge amháin fad is atá an DUP ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas don Ultais agus do ghnéithe eile den chultúr.

Tuairiscítear anois go bhféadfadh gurbh é an leigheas a bheadh ar an easaontas maidir le ceist an achta Ghaeilge ná go ngeallfaí go dtabharfaí trí phíosa reachtaíochta éagsúla isteach – reachtaíocht don Ghaeilge amháin, reachtaíocht don Ultais agus reachtaíocht cultúir. D’fhéadfadh, a tuairiscítear, go mbeadh socrú casta i gceist a thabharfadh na píosaí éagsúla reachtaíochta le chéile.

Fág freagra ar '“Ní bheidh aon acht don Ghaeilge amháin ann’ – Foster'