Ní fiú cac an diabhail leithscéal a iarraidh nuair a bhíonn an dochar déanta…

… Ach is fiú an fód a sheasamh in éadan do chéile comhraic lena chinntiú nach mbuailfear an cac asat arís

Ní fiú cac an diabhail leithscéal a iarraidh nuair a bhíonn an dochar déanta…

Céard ba chóir a dhéanamh nuair a fhaigheann tú glaoch gan choinne ó dhuine nár labhair leat le bliain agus a dúirt rudaí leat sa chomhrá deireanach nach féidir a mhaitheamh?

Gan an fón a fhreagairt, a dúirt cara ciallmhar liom.

Ach bhí sé rómhall dó sin. Fear cliste an fear nár labhair liom le bliain agus tháinig sé aniar aduaidh orm ó uimhir anaithnid. Agus bhain sé an anáil díom leis an gcéad bhuille.

‘Abair liom, Alex. An bhfuil tú spréachta liom i gcónaí? Róghortaithe? Nó an bhfuil tú réidh don chéad bhabhta eile?’

Lig mé scairt gháire asam. An chéad rud eile, bhí mé tarraingthe isteach i gcomhrá aige de m’ainneoin féin. 

Le cothrom na Féinne a thabhairt don fhear, dúirt sé go dtuigfeadh sé mura mbeadh fonn orm labhairt leis go deo arís agus thug sé deis dom deireadh a chur leis an gcomhrá.

Rud nach ndearna; dúirt mé leis go raibh mé spréachta, cinnte, agus gortaithe, ach gur mheas mé go raibh an bheirt againn tuisceanach ár ndóthain le go n-éireodh le hiarracht an t-achrann eadrainn a réiteach. Ach nuair a thug mé leid dó go raibh mé ag súil le leithscéal uaidh sula bhféadfainn tabhairt faoina leithéid d’iarracht rinne sé gáire i m’aghaidh.

‘B’fhearr liom gan trácht ar chor ar bith ar ar tharla. Dírímis ar an am atá romhainn.’

Bhí fearg orm tar éis an chomhrá. Leis siúd agus liom féin. Bhí seisean ag iarraidh leanacht ar aghaidh amhail is nár tharla tada agus bhí mise ag ligean dó.

Bhí fearg ar mo chara ciallmhar freisin.

‘Má labhair tú leis siúd, ná habair liomsa faoi. Níl mé ag iarraidh fios a bheith agam.’

Tuigim do mo chara. D’éist sé le breis is a dhóthain de mo chuid éagaoine san am a caitheadh.

I m’aonar a rinne mé mo mhachnamh, mar sin. Tar éis tamaill rith sé liom go raibh lúb ar lár i mo chuid réasúnaíochta.

Níorbh fhiú cac an diabhail leithscéal. Ní athródh sé faic na ngrást; bhí an dochar déanta.

Ní barántas a bheadh i leithscéal ach oiread nach dtarlóidh pé drochrud a tharla san am a caitheadh arís. An t-aon bhealach le cinntiú nach ngortóidh an fear céanna arís mé (seachas an chluas bhodhar a thabhairt dó mar a bhí á mholadh ag mo chara ciallmhar) ná an fód a sheasamh ina choinne.

Bíonn leithscéalta ó dhaoine mar aitheantas ar phian a d’fhulaing siad. Ach bhí sé sin agam cheana.

Nár fhiafraigh mo dhuine, sa rois tosaigh sin uaidh, an raibh mé fós róghortaithe? Is maith a thuig sé gur ghortaigh sé mé an t-am sin leis na maslaí a thug sé dom. Anois bhí sé ag síneadh amach a láimhe. Cluiche dornálaíochta a bhí inár gcairdeas riamh. Gortaítear daoine i gcluichí dornálaíochta. Ach nárbh fhearr an fód a sheasamh sa chéad bhabhta eile ná bheith do mo chaoineadh féin go deo na ndeor ar chanbhás fháinne dhornálaíochta an chaidrimh áirithe seo?

Fág freagra ar 'Ní fiú cac an diabhail leithscéal a iarraidh nuair a bhíonn an dochar déanta…'