Ní fios cé mhéad duine atá ag baint úsáid as an leagan Gaeilge d’aip nua an HSE

Caithfidh socruithe d’fhóin a bheith i nGaeilge chun an leagan Gaeilge a fháil, eolas nach mbeadh teacht ag an HSE air

Ní fios cé mhéad duine atá ag baint úsáid as an leagan Gaeilge d’aip nua an HSE

Ní heol don HSE cé mhéad duine a roghnaigh an leagan Gaeilge den aip nua a seoladh mar chuid den fheachtas in aghaidh an choróinvíris.

D’fhorbair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an aip ‘Covid Tracker’ chun cabhrú le lucht sláinte teacht ar ghartheagmhálaithe daoine a tholgann Covid-19.

Íoslódáladh an aip breis is milliún uair taobh istigh de dhá lá nuair a seoladh an tseachtain seo caite í.

Chuir lucht na teanga fáilte mhór roimh an scéala go raibh an aip ar fáil i nGaeilge nuair a seoladh í ach ní fios don HSE cé mhéad duine atá ag baint úsáid as an leagan Gaeilge den aip.

Caithfidh socruithe d’fhóin a bheith i nGaeilge chun an leagan Gaeilge a fháil, eolas nach mbeadh teacht ag an HSE air.

“Bíonn an leagan Gaeilge den aip le feiceáil go huathoibríoch ag daoine a bhfuil a roghanna teanga socraithe acu i nGaeilge ar a bhfón póca nuair a íoslódálfaidh siad an aip,” a dúirt urlabhraí de chuid an HSE le Tuairisc.ie.

“De bharr go bhfuil na socruithe seo ar fhón an úsáideora ní heol dúinn cé mhéad duine a d’íoslódáil an aip i nGaeilge.”

Tá ráite ag Conradh na Gaeilge go bhfuil siad ag fiosrú an bhféadfaí rogha teanga a chur ar an aip féin.

Má bhíonn an aip Covid Tracker agat ar d’fhón coinneoidh sí taifead ar na daoine a mbíonn gartheagmháil agat leo.

De réir na haipe, is ionann gartheagmhálaí agus duine a bhí i bhfoisceacht dhá mhéadar díot ar feadh níos mó ná 15 nóiméad.

Tuairiscíodh ag an deireadh seachtaine go raibh úsáid bainte as an aip cheana féin chun foláireamh a thabhairt do dhaoine a raibh gartheagmháil acu le duine a tholg Covid-19.

Fág freagra ar 'Ní fios cé mhéad duine atá ag baint úsáid as an leagan Gaeilge d’aip nua an HSE'

  • Pól Ó Braoin

    Níl sé ar fáil i nGaeilge. Níl córas Gaeilge ar an bhfón a bhí mé in ann a cheannach ar phraghas réasúnta agus mar sin ní raibh le fáil ann ach an aip bhéarla agus níor bhac mé leis sin.
    Níl uimhreacha an “éilimh” cruinn dá bharr agus ná braith orthu a fhad agus atá fadhb theicniúil dá leithéid leis an aip sin!