‘Ní féidir rudaí tábhachtacha a phlé i nGaeilge an teachtaireacht atá ag an Rialtas’ 

Bhí easaontas sa Dáil tráthnóna, mar a raibh a naoú seisiún ag Coiste Oireachtais na Gaeilge chun na leasuithe ar an mBille Teanga nua a phlé

‘Ní féidir rudaí tábhachtacha a phlé i nGaeilge an teachtaireacht atá ag an Rialtas’ 

Cuireadh i leith an Rialtais sa Dáil tráthnóna gurb í an teachtaireacht atá á tabhairt acu do dhaoine ná gurb é an Béarla “an teanga láidir” agus nach féidir “rudaí tábhachtacha” a phlé i nGaeilge.

An Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly a dúirt an méid sin agus an teanga oibre a bheadh ag coiste náisiúnta nua á phlé sa Dáil tráthnóna. 

Bhí a naoú seisiún sa Dáil inniu ag Coiste Oireachtais na Gaeilge chun na leasuithe ar an reachtaíocht nua a phlé.

Leanadh inniu leis an bplé a tosaíodh ag an seisiún deireanach faoi leasú a d’fhágfadh gur i nGaeilge a dhéanfaí obair an choiste chomhairligh nua atá le bunú faoin mbille. An coiste seo a bheadh freagrach as ullmhú Plean Náisiúnta Earcaíochta an Rialtais i dtaobh seirbhísí poiblí a chur ar fáil trí Ghaeilge.

Caitheadh vóta faoin leasú agus níor éirigh leis.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh gur cheap sé gur “botún” a bhí ann nach mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre an choiste agus nár shíl sé go mbeadh “aon chonspóid” faoina leasú.

Deir an tAire Stáit Jack Chambers go n-aontaíonn sé leis an sprioc go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre ag an gcoiste nua, ach nach bhféadfaí glacadh leis an leasú mar go gcothódh sé deacrachtaí maidir leis na “daoine cuí” a fháil don chúram.

Dúirt Ó Snodaigh go raibh an cheist seo “níos tromchúisí” ná a lán de na leasuithe eile a bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit a chuid moltaí féin a dhéanamh fúthu ag an gcéad chéim eile den bhille.

Dúirt Ó Snodaigh nach bhféadfaí glacadh leis go mbeadh “Béarlóirí” ag déanamh cinntí do lucht labhartha na Gaeilge faoin nGaeilge sa státchóras.

Cé gur thacaigh sé leis an Aire Stáit maidir le ceist teanga oibre an choiste, dúirt Éamon Ó Cuív, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, go mbeadh sé “áiféiseach” mura mbeadh Gaeilge ag cathaoirleach an choiste nua.

Mhol sé chomh maith go mbeadh sprioc ann maidir le cathain a bheadh ar chumas an choiste feidhmiú trí Ghaeilge amháin. Dúirt sé gur “ceist chigilteach” a bhí ann cén uair a roghnaíonn duine an Ghaeilge nó an Béarla a labhairt agus go gcaithfí sin a aithint chun go mbeadh na daoine sinsearacha a bhí ag teastáil ar an gcoiste.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly le seanbhlas nár ghá Gaeilge a bheith ag an gCathaoirleach mura mbeadh an coiste ag feidhmiú i nGaeilge. 

Dúirt sí go raibh sé “dochreidte” nach bhféadfaí a rá sa reachtaíocht gurbh í an Ghaeilge a bheadh mar theanga oibre an choiste agus nár thuig sí cén fáth go raibh sé á mhaíomh nach mbeadh a leithéid “praiticiúil”, go háirithe nuair a d’fhéadfaí seirbhís aistriúcháin chomhuaineach ar fáil. 

Mhaígh Catherine Connolly gurb é an teachtaireacht a bhí ag an Rialtas ná gurb é an “Béarla an teanga láidir, teanga an domhain”.

“Tá teachtaireacht thar a bheith láidir ag teacht ón Rialtas anois; beimid ag caint trí Bhéarla maidir leis an nGaeilge. Agus leanfaimid ar aghaidh leis sin, mar is é an Béarla an teanga láidir, teanga an domhain, agus ní féidir rudaí atá tábhachtach a rá trí Ghaeilge.

Agus anois tá sé sin sa bhille,” arsa Catherine Connolly.

Mhaígh sí gur “raiméis” a bhí ann a rá “nach raibh sé praiticiúil” a chur sa dlí gurbh í an Ghaeilge a bheadh ina teanga oibre ag an gcoiste.

Dúirt Éamon Ó Cuív go raibh “casadh” á bhaint as an méid a bhí á rá aige agus gurb é a bhí i gceist aige féin ná go mbeadh “dhá theanga oibre” ag an gcoiste. Bhí sé “diongbháilte” faoin nGaeilge ach “sa bhfíorshaol” a bhí sé ag cur faoi, a dúirt Ó Cuív. 

Dúirt Catherine Connolly gur “easpa muiníne” ba chúis leis an meon nach bhféadfaí an Ghaeilge a dhaingniú sa reachtaíocht mar theanga oibre an choiste.

Dúirt sí go raibh “géarchéim” ann ó thaobh na Gaeilge “mar gheall ar an gcur i gcéill go dtí seo” ach go raibh an “cur i gcéill anois á chur sa reachtaíocht”.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go bhféachfadh sé le foclaíocht a chur sa reachtaíocht a chinnteodh go mbeadh cead ag duine Gaeilge nó Béarla a labhairt ag an gcoiste. Dúirt Catherine Connolly gur léiriú ar “cé chomh tubaisteach is a bhí an scéal” gurb in an méid a bhíothas sásta a gheallúint.

Gheall Chambers chomh maith go bhfillfeadh sé ag an gcéad chéim eile lena chuid moltaí féin a chinnteodh go mbeadh Gaeilge ag Cathaoirleach an choiste. Dúirt sé freisin go bhféachfadh sé ar an moladh go mbeadh ionadaí amháin ó phobal na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus sochtheangeolaí ar an gcoiste.

Dhiúltaigh an tAire Stáit ag tús an chruinnithe inniu d’éileamh an choiste go ndéanfaí scóip an bhille a leathnú. 

“Tá sé in am bogadh ar aghaidh,” arsa Chambers.

Dúirt sé go raibh daoine ag éirí “amhrasach agus faitíos orthu nach mbeidh an bille achtaithe roimh shos an tsamhraidh”.

Fág freagra ar '‘Ní féidir rudaí tábhachtacha a phlé i nGaeilge an teachtaireacht atá ag an Rialtas’ '