‘Ní féidir na fíricí faoin nGaeltacht a shéanadh, ach ní féidir na míorúiltí beaga a shéanadh ach oiread’

Dúradh le Teachtaí Dála agus Seanadóirí i dTithe an Oireachtais inné gur chóir go dtabharfadh polasaí Gaeltachta an stáit tús áite do na teaghlaigh ‘misniúla’ atá ag coinneáil na Gaeilge slán

‘Ní féidir na fíricí faoin nGaeltacht a shéanadh, ach ní féidir na míorúiltí beaga a shéanadh ach oiread’

Ba chóir go mbeadh na teaghlaigh “misniúla” atá ag coimeád na Gaeilge slán lárnach i ngach gné de pholasaí Gaeltachta an stáit, a deir ceannasaí Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Ag labhairt di ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge inné, dúirt Sorcha Ní Chéilleachair, gur “míorúilt bheag” a bhí sna tuismitheoirí agus leanaí a ghlacann páirt i ngrúpaí spraoi na heagraíochta, amhail ‘Na Gligíní’.

“Míorúilt í mar gur slabhra, nasc é seo, gan bhriseadh, leis na mílte bliain. In ainneoin a bhfuil ag tarlúint, agus atá tarlaithe sa tír, coilíniú, gorta, imirce, cosc ar labhairt na teanga, brú ó mhórtheanga na cruinne – tá na teaghlaigh seo, go breá nádúrtha i bhformhór na gcásanna, cinneadh déanta acu i gcásanna eile – ach iad ar fad ar a gcroídhícheall ag tógaint a gclann – agus ag tógaint a gclann le Gaeilge,” arsa Sorcha Ní Chéilleachair.

Dúirt ceannasaí Tuismitheoirí na Gaeltachta go raibh “teacht aniar” ar bun sa Ghaeltacht.

“Tá deireadh na Gaeltachta á thuar le tamall – agus nílimid ag séanadh na fírinne, na staitisticí agus na fíricí – ach ní féidir na míorúiltí beaga seo a shéanadh ach an oiread.”

Dúirt sí gur chóir go dtabharfadh polasaí Gaeltachta an stáit tús áite do na teaghlaigh “misniúla” is cúis leis an “teacht aniar”.

“Is orthu seo ba cheart córas uile na Gaeltachta a bhunú agus a dhíriú – a leas agus a mianta bheith i gcroílár gach aon chinneadh a dhéantar, gach aon chomhrá, gach aon cheist, gach aon phost, gach aon phlean – gach aon bhille, gach aon iarrthóir, gach aon toghchán, gach aon chruinniú.”

Leanadh tráthnóna inné leis an scrúdú atá á dhéanamh ag Coiste Oireachtais na Gaeilge ar an mbille a bhfuil faoi toghchán an Údaráis a thabhairt ar ais.

Fág freagra ar '‘Ní féidir na fíricí faoin nGaeltacht a shéanadh, ach ní féidir na míorúiltí beaga a shéanadh ach oiread’'

  • An Teanga Bheo

    Go minic bíonn an fhírinne sna firicí ach is fiú smaoineamh ar sin.