Ní féidir mórcheisteanna polaitíochta, póilíneachta ná agóide a réiteach sa gcúirt

CATHAL MAC COILLE: Tá ar a laghad cúig mhórcheist le cur fós faoi chás sheisear Ráth Miontáin

Ní féidir mórcheisteanna polaitíochta, póilíneachta ná agóide a réiteach sa gcúirt

Bhí dhá óráid scríofa ag an Teachta Mick Barry sular shiúil sé isteach i nDáil Éireann maidin Déardaoin.

1. Óráid a bhí beartaithe aige a thabhairt dá dtiocfadh scéala ón gCúirt Chuarda Choiriúil gur ciontaíodh a chomrádaí Paul Murphy agus/nó cúigear fear eile i bpríosúnú neamhdhleathach.

2. Óráid a thug sé, nóiméad go leith tar éis d’iarcheannaire an Pháirtí Shóisialaigh Joe Higgins, téacs a chur chuige ón gCúirt lena rá go bhfuarthas an seisear neamhchiontach.

Nuair a labhair Mick Barry sa

Dáil, thréaslaigh sé leis an seisear i dtosach. Bhain sé lán-úsáid as pribhléid na Dála chun comhcheilg in aghaidh an chirt a chur i leith Gardaí áirithe. Bhí fiosrú neamhspleách riachtanach, a dúirt sé, mar gheall ar an gcontrárthacht ghlan a léiríodh sa chás idir fianaise na nGardaí agus físeáin a taispeánadh sa chúirt.

D’iarr sé freisin go gcuirfí stop leis an gcás in aghaidh aon duine dhéag eile atá le dul os comhair cúirte ar chúisimh a bhaineann leis an agóid i gcoinne Joan Burton i Ráth Miontáin in 2014. Níl smacht ag Teachta Dála ná ag aire ar bith ar an gcinneadh neamhspleách a dhéanfaidh Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí anois. Glactar leis mar sin féin go n-athbhreithneofar an cás sin mar gheall ar ar tharla le linn triail an tseisir.

Idir an dá linn, d’fhág cinneadh an ghiúiré sa chás, ar a laghad cúig cheist agus cúig chúis imní ina dhiaidh.

Cén fáth nár cuireadh cionta in aghaidh an oird phoiblí i leith an tseisir, in ionad príosúnú neamhdhleathach, arb ionann é agus fuadach ó thaobh dlí de?

An bhfiosróidh an tÚdarás Póilíneachta nó Coimisiún Ombudsman na nGardaí ráitis a rinne scata Gardaí sa chás, ráitis a thug ar an mbreitheamh a rá leis an ngiúiré gur chóir brath ar fhíseáin a bhréagnaigh fianaise na nGardaí?

An gcuirfidh an tÚdarás Póilíneachta ceisteanna ar an gCoimisinéir Nóirín O’Sullivan faoin bhfáth nach raibh na Gardaí ábalta Joan Burton agus a comhairleoir Karen O’Connell a thionlacan ó láthair na hagóide ar feadh trí huaire an chloig?

An gcuirfidh an clampar ba chúis leis an triail, agus an toradh a bhí air, ina luí ar mhórán daoine, mná go háirithe, gairm an pholaiteora a sheachaint ar mhaithe le saol socair gan achrann?

An mbreathnóidh daoine nó grúpaí áirithe ar thoradh an cháis seo mar carte blanche a thugann cead a gcinn dóibh polaiteoirí eile a thimpeallú, a scanrú agus a mhaslú?

Iarfhocal: Na meáin shóisialta

Rómhinic a fheictear gearán mar seo ar Facebook, ar Twitter nó ar mheán sóisialta eile, gan fíorainm ná sloinne a bheith luaite leis de ghnáth:

“Scannal náireach eile, X…”

(Is ionann X agus scéal nach bhfuil fíor nó nach féidir a fhíorú, ach atá fíorshuimiúil.)

“Agus ar ndóigh níl focal ina thaobh sna gnáthmheáin.

Cladhairí!”

Léiríodh claonadh den sórt seo go minic roimh, le linn, agus tar éis triail an tseisir ar cuireadh príosúnú neamhdhleathach Joan Burton ina leith.

Gan dabht, bíonn gearáin agus gríosadh tuillte go minic ag na gnáthmheáin. Ach ní féidir teacht ar chomhthuiscint idir meáin a dhéanann a ndícheall gan bréaga a scaipeadh, agus na meáin shóisialta – áit a bhfuil cead a gcinn ag daoine mífhreagracha bréag a scaipeadh, agus meatacht na meán eile a cháineadh ag an am céanna.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTÉ Raidió a hAon

Fág freagra ar 'Ní féidir mórcheisteanna polaitíochta, póilíneachta ná agóide a réiteach sa gcúirt'

  • Gabriel Rosenstock

    “An mbreathnóidh daoine nó grúpaí áirithe ar thoradh an cháis seo mar carte blanche a thugann cead a gcinn dóibh polaiteoirí eile a thimpeallú, a scanrú agus a mhaslú?” arsa Cathal. Ach nach gcaithfimid meon an phobail a thuiscint i dtosach – cén fáth a mbeadh fonn ar éinne polaiteoir a thimpeallú, a scanrú agus a mhaslú? Cad a bhí ag dó na geirbe ag an lucht agóide? Agus smaoinímis air seo: más fíor, chualathas an polaiteoir scanraithe áirithe sin á rá léi fein, ‘Conas buntáiste polaitiúil a bhaint as an tsáinn ina bhfuilimid?’ I ndeireadh na dála, scaoileadh saor an lucht agóide, an giúiré ar aon fhocal. An ndéarfadh Cathal go rabhadar ciontach dá mbeadh seisean ar an ngiúiré?

  • Gabriel Rosenstock

    P.S.
    ” There’s a difference between frustration with the law and direct assaults upon our legal system.” Cé a dúirt? George Bush, 3 Bealtaine, 1992.
    An ceart óráidí George Bushe, síochánaí mór le rá, a aistriú go Gaeilge?

  • Conor Ó Briain

    “…meáin a dhéanann a ndícheall gan bréaga a scaipeadh..” Nach cuimhin leat WMD a Chathail