Níl aon Gharda óg le ghabháil go Conamara agus níl aon Gharda nua le ghabháil ann ach an oiread mura bhfuil Gaeilge líofa agus cuid mhaith taithí aici nó aige.
Cé gur maíodh cheana go raibh sé ag dul rite leis na húdaráis Gardaí a chur thar Coirib siar de bharr cheist na Gaeilge, cuireadh aguisín eile leis an scéal an tseachtain seo ag cruinniú de Choiste Póilíneachta Chontae na Gaillimhe, coiste a bhfuil ionadaithe air ó na Gardaí agus ón gComhairle Contae.
Dúirt an Príomh-Cheannfort, Tom Curley, leis an gcoiste nach bhfeileann sé go gcuirfí Gardaí óga chuig stáisiúin bheaga tuaithe. Thug Curley sampla de Gharda óg atá aistrithe as Caisleán an Bharraigh go Bóthar na Trá – agus é le tuiscint go raibh Gaeilge aige – nach mbeadh feiliúnach le ghabháil siar go Conamara. “Níl ach ceithre bliana seirbhíse aige sa bhfórsa,” a deir an Príomh-Cheannfort Curley. “Is fearr go mbeadh duine óg mar sin i measc comhghleacaithe sinsearacha.”
Creideann an Ceannfort Curley go dteastaíonn Garda a mbeadh neart taithí aige ar an saol agus ar obair na nGardaí sna stáisiúin bheaga mar go bhféadfadh cruóg a theacht uirthi nó air agus gan aon chomhghleacaí in éineacht léi nó leis ná gar dó nó di. “Ní chuirfidh mise Garda nach bhfuil feiliúnach don cheantar go Conamara,” a deir Tom Curley.
Ag cur lena dhearcadh ar chúrsaí teanga, dúirt an Ceannfort Curley nach mbeidh ball ar bith d’fhórsa an Gharda Síochána ag dul go dtí pobal Gaeltachta mura mbeadh sé nó sí in ann labhairt go líofa i nGaeilge le muintir na háite.
Ach, ó thaobh cúrsaí aoise agus taithí de, d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh corr-eisceacht ann, a deir Tom Curley.
Mhínigh an Príomh-Cheannfort gur féidir le bean nó fear ballraíocht a fháil sna Gardaí anois go dtí aois 37.
“Cuir i gcás, go rachadh duine a bheadh buailte ar an aois sin sna Gardaí agus neart taithí aige nó aici ar an saol ar bhealaí éagsúla, agus Gaeilge lena chois sin, b’fhéidir go mbeadh sé cóiriúil le ghabháil chuig stáisiún beag gan mórán moille.”
Ní raibh Dáithí Ó Cualáin, an Comhairleoir Contae de chuid Fhianna Fáil, sásta leis an bhfreagra seo – cé go ndeir sé gur thuig sé go raibh cúinsí áirithe le láimhsiú. “Tá 50% de laghdú ar an líon Gardaí ar an gCeathrú Rua,” a deir an Comhairleoir Ó Cualáin. “Cén uair?” a d’fhiafraigh sé “an mbeidh an líon Gardaí curtha ar ais mar a bhíodh sé?” Bhí seisear Gardaí agus Sáirsint ar an gCeathrú Rua sna blianta a caitheadh, a deir Dáithí Ó Cualáin; níl ann anois ach triúr Gardaí agus Sáirsint, a deir sé.
Dúirt an Ceannfort Curley go raibh cúis mhór amháin ann nach bhféadfaí tuilleadh Gardaí a chur chuig na gCeathrú Rua ag an tráth seo. “Níl fáil agam ar Ghardaí a bheadh feiliúnach le cur ann,” a deir sé.
Dúirt an Ceannfort Curley go raibh cuartú déanta aige anonn agus anall le súil agus go bhfaighfí baill den Fhórsa a bheadh cóiriúil le dhul go Gaeltacht Chonamara ach nach raibh mórán de thoradh ar an tóraíocht sin. “Tuigim go raibh caint ann go raibh duine i gCiarraí agus duine eile i gcontae na Mí ach níl aon scéal tagtha chugainne. Ní féidir liomsa iachall a chur ar Gharda ar bith aistriú go Gaeltacht Chonamara. Go deimhin, fiú agus dá bhféadfainn sin a dhéanamh, ní bheadh sé ceart,” a deir Tom Curley. “Mura mbeadh fonn aistrithe ar Gharda, ní fhéadfá a bheith ag súil go mbeadh a chroí san obair.”
Dúirt an Ceannfort Curley go raibh sé leagtha síos go mbeadh cúram limistéar Gardaí na Ceathrún Rua ar stáisiún Bhóthar na Trá dá mbeadh cruóg ann agus go gcinnteofaí go n-oibreodh an córas sin go maith. Ach bhí an Comhairleoir Daithí Ó Cualáin amhrasach faoi sin, go háirithe agus cosán rothaíochta á dhéanamh do chuid de bhóithre Bhóthar na Trá ón Márta ar aghaidh. D’fhiafraigh sé den Phríomh-Cheannfort ar cuireadh aon cheist ar na Gardaí faoin socrú seo faoin gcosán rothaíochta agus má cuireadh cén dearcadh a bhí aige féin ar an scéal. Tá an cúrsa rothaíochta seo ina ábhar conspóide i gceantar Bhóthar na Trá agus é ina imní go gcuirfidh sé as do ghnó agus go gcuirfidh sé moill ar thrácht ag dul go Gaeltacht Chonamara.
“Cuireadh ceist orainn”, a deir an Ceannfort Curley. “Bhí mé a cheapadh go gcuirfeadh athrú go treo amháin ar an trácht, agus athruithe ar shruth na tráchta moill ar thrácht na gcarranna agus feithiclí eile.”
Dúirt sé go raibh “bunús maith” le tuairim Dháithí Uí Chualáin faoin scéal.
Dúirt an Ceannfort Curley go raibh súil aige go n-éireodh leis an mbabhta earcaíochta nua níos mó Gardaí “feiliúnacha” do Chonamara agus don Cheathrú Rua a earcú. “Tá súil againn go dtiocfaidh roinnt Gardaí nua isteach de bharr na hearcaíochta atá ar bun faoi láthair.”
Bhí ceist eile ag an gComhairleoir Dáithí Ó Cualáin mar fhreagra ar an méid sin.
“Ach cén mhaith Gardaí nua fiú agus go mbeadh Gaeilge acu murar féidir iad a chur amach chuig stáisiúin bheaga Ghaeltachta?”
Joe quinn
Is e an firine nach bhfuill an iomirce gardaí le gaeilge sna Garda Siochana inniu, ar an phointe faoí gardaí le gaeilge ach nil Moran seirbhis aicí, cheapen nach bfhuil se fairailte ar NA gardaí Seoa chuir sa Gaeltacht mar gheall are an phointe seo, policing requires exposure to all aspects of life, the better gardaí iAd NA gardaí a raibh freastail le haighiadh cupla Blian isteach I busier stations