Nach minic a dúradh le blianta beaga anuas go bhfuil Éire ‘lán’. Cibé céard a chiallaíonn sé sin. Níor shroicheamar fós an uasmhéid daonra a bhí sa tír roimh an nGorta Mór – os cionn ocht milliún.
Níl aon amhras ach gur cuid an-suntasach de dhaonra na tíre anois iad na hinimircigh ó thíortha éagsúla ar fud an domhain, a tháinig anseo ag lorg oibre nó tearmainn.
Ní mar a chéile an toradh a bhíonn ag an inimirce i gceantair éagsúla ar fud na tíre. Tá níos mó ná cás amháin ann inar shábháil teacht na nÚcránach, scoileanna beaga i gceantair thuaithe. Agus is cinnte gur crann taca mór don tseirbhís sláinte iad na hinimircigh ó thíortha éagsúla atá ag obair ag gach leibhéal sa tseirbhís sin.
Luaitear an figiúr 20% anois mar mheánfhigiúr den líon daoine atá ina gcónaí in Éirinn ach a rugadh i dtír éigin eile. Ní hí an inimirce amháin is cúis leis an bhfadhb tithíochta ach is cinnte gur cuid mhór den scéal í – cá mbeidh cónaí ar na daoine ar fad a theastaíonn chun an eacnamaíocht a choinneáil ag treabhadh ar aghaidh?
Ach ní in Éirinn amháin atá fadhb dhéimeagrafaíochta agus fadhb tithíochta.
Roinnt blianta ó shin, nuair a bhí an cogadh sa tSiria ag brú na milliúin teifeach amach as an tír sin, tháinig cuid acu i dtír in Éirinn. Cuireadh fáilte rompu in áiteacha (mo bhaile dúchais Bealach a’ Doirín ar cheann acu sin) agus bhí áiteacha eile a bhí go mór in amhras faoi theacht na dteifeach.
Ceapadh ag an am go raibh Seansailéir na Gearmáine Angela Merkel an-mhisniúil agus fuinniúil faoin gceist nuair a d’fháiltigh sí roimh thart ar mhilliún díobh. Nach raibh fadhb dheimeagrafaíochta ag an nGearmáin ag an am, agus nach raibh daoine d’aois oibre de dhíth orthu, a dúradh.
Agus Angela Merkel imithe as an bpolaitíocht le blianta agus a dírbheathaisnéis scríofa aici, tá súil níos géire á caitheamh ar an méid a rinne sí maidir leis na ceisteanna móra – inimirce, cúrsaí fuinnimh, caidreamh leis an Rúis agus mar sin de. Níl daoine chomh ceanúil uirthi agus a bhí, is cosúil.
Níl gach rud i saol na bhfigiúirí déimeagrafaíochta an-soiléir.
Mar shampla, tá daonra mór anois ag an nGearmáin, shílfeá. Agus an milliún teifeach sin ag cur fúthu agus ag tógáil clainne ansin – nach bhfuil?
Agus céard faoin tSín – nach í an fhadhb a luaití léi siúd an iomarca daoine a bheith inti, nó b’in an rud ba mhinice a chuala muid faoin tír sin. Níl sé i bhfad ó bhí polasaí aon pháiste amháin á chur i bhfeidhm go docht daingean sa tSín. Nach bhfuil na céadta milliún Síneach ann?
Is cosúil nach ceist shimplí í an cheist ar fad a bhaineann le déimeagrafaíocht tíre – an cumas ‘athdhaonrú’ nó ‘athphórú’ an rud is tábhachtaí, b’fhéidir.
Agus staidéar á dhéanamh faoi láthair ar thíortha éagsúla a bhfuil fadhbanna acu, tagann rudaí áirithe chun solais. Mar shampla, ní raibh teacht na Siriach go dtí an Ghearmáin ina réiteach iomlán ar fhadhbanna daonra ansin. Fir ab ea 850,000 de na teifigh sin – rud nár chabhraigh leis an déimeagrafaíocht.
Tá an ráta breithe ag titim sa nGearmáin, ó athaontaíodh an tír i 1990. Tá dalladh airgid – suas le trilliún euro – caite ag an rialtas ar athchóiriú bonneagair in oirthear na Gearmáine, gan mórán tairbhe, is cosúil. Dar le scríbhneoir amháin, Peter Zeihan, Meiriceánach agus saineolaí ar an ngeopholaitíocht, tá laghdú d’aon trian tagtha ar an bhfórsa oibre sa nGearmáin le seacht nó ocht de bhlianta anuas. Dar leis an scríbhneoir sin, theastódh suas le dhá mhilliún inimirceach gach bliain chun rudaí ‘a choinneáil mar atá’ – de bharr go bhfuil an ráta athghiniúna chomh híseal sin.
Tá an fhadhb chéanna, ach é i bhfad níos measa, ag an tSín. Le mo linnse bhíodh go leor cainte ann faoin bpolasaí ‘aon pháiste amháin’ a chuir an réimeas Cumannach i bhfeidhm i 1980 sa tSín agus chomh crua is a bhí sé sin ar lánúin nuaphósta. Mhéadaigh ar líon na bhfear sa tír.
Anois, tá fadhb ollmhór ag an tSín. Le blianta anuas, tá daoine ag tarraingt ar na mórchathracha i gcomhair oibre. Cuireann sé sin brú ar thithíocht agus den chuid is mó ní maith le daoine páistí a thógáil ins na hárasáin bheaga. Agus dá bharr sin agus cúinsí eile tá fadhb mhór daonra á cruthú sa tSín.
Dar leis an scríbhneoir thuas, tá fadhb i bhfad níos measa ag an tSín thar mar atá sa nGearmáin. Dar leis, thóg sé 130 bliain ar an nGearmáin teacht go dtí an staid seo agus níor thóg sé ach 45 bliain ar na Sínigh.
‘Scrios Déimeagrafaíochta’ a thugann sé ar an tubaiste atá ag tarlú sa tSín. Dar leis theastódh suas le 30 milliún inimirceach sa mbliain chun cúrsaí a choinneáil mar atá sa tír sin. Ní dóigh leis go bhfuil an líon sin daoine ag dul ar imirce sa domhan trí chéile faoi láthair. Agus ní tír mhór inimirceach í an tSín.
Measann Zeihan go bhfuil an scrios sa tSín ar cheann de na fadhbanna a bheas romhainn ar fad san am atá le teacht. Níl sé ródheacair a shamhlú céard a tharlós do chúrsaí déantúsaíochta agus mar sin de sa todhchaí. Ar chaith tú súil ar lipéad do chuid éadaigh le gairid? Fiú amháin na cinn atá in ainm is a theacht ó thithe mórfhaisin na hEorpa, is minice ná a chéile go bhfeicfear lipéad ‘Déanta sa tSín’ orthu.
Nuair a thuigimid go bhfuil níos mó daoine os cionn caoga bliain d’aois ná mar atá faoi bhun caoga sa tSín, is ansin a thuigimid cén uair go mbeidh sé sin ina fhadhb ollmhór.
Ní fadhb thithíochta a bheas againn amach anseo ach fadhb de chineál eile ar fad. Agus is fadhb dhomhanda a bheas againn an uair sin.
Máirín
“Luaitear an figiúr 20% anois mar mheánfhigiúr den líon daoine atá ina gcónaí in Éirinn ach a rugadh i dtír éigin eile.” tá an figiúr sin míchruinn.
De réir staitisticí Eurostat in Eanáir 2023 ba 21.8% an sciar coibhneasta den daonra sa Stát seo a rugadh thar lear laistigh den daonra iomlán.
Sin beagnach dhá bhliain ó shin. Caithfidh go bhfuil an figiúr sin os cionn 22% faoin am seo.
https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Migration_and_migrant_population_statistics#:~:text=The%20relative%20share%20of%20foreign,and%20Austria%20(21.6%20%25).