‘Ní dóigh liom go bhfuil cultúr i measc na dTeachtaí Dála Gaeilge a labhairt’ – Gaeilgeoirí nua na Dála

Sa tsraith seo castar leis na Gaeilgeoirí a toghadh chuig an Dáil den chéad uair in olltoghchán na míosa seo. An geábh seo, tá Mairéad Farrell ó Shinn Féin linn

‘Ní dóigh liom go bhfuil cultúr i measc na dTeachtaí Dála Gaeilge a labhairt’ – Gaeilgeoirí nua na Dála

Mairéad Farrell, Sinn Féin, Teachta Dála do Ghaillimh Thiar

1) Inis dúinn fút féin agus an Ghaeilge?  

D’fhreastail mé ar Ghaelscoil agus ar mheánscoil Ghaeilge, Gaelscoil Dara agus Coláiste na Coiribe, i gcathair na Gaillimhe agus rinne mé Gaeilge sa chéad bhliain ar an ollscoil. Bhí grúpa cairde agam a labhair Gaeilge agus lean mé orm ag labhairt na Gaeilge. Théadh muid go Cill Chiaráin i gConamara gach samhradh agus mé óg. Is Gearmánach mo mháthair agus labhair muid Gearmáinis sa mbaile agus theastaigh ó mo bheirt tuismitheoirí go mbeadh muid in ann Gaeilge a fhoghlaim i gceart.

2) Cé chomh minic atá sé i gceist agat Gaeilge a labhairt sa Dáil?

Nuair a bhí mé ar an gComhairle d’úsáid mé Gaeilge an oiread agus ab fhéidir liom agus tá mé ag iarraidh a leithéid a dhéanamh sa Dáil. Ní dóigh go bhfuil cultúr sa Dáil i measc na dTeachtaí Dála an Ghaeilge a labhairt ach tá sé i gceist agam an teanga a úsáid an oiread agus is féidir. Tuigeann go leor de na Teachtaí Dála an Ghaeilge agus beidh mé go cinnte ag labhairt na Gaeilge sa Dáil. Ní hamháin go bhfuil suim agam sa Ghaeilge ach tá ceantar Gaeltachta i mo dháilcheantar, mar sin tá sé fíorthábhachtach go mbainfinn úsáid as an Ghaeilge sa Dáil.

3) Cad é ba mhaith leat a bhaint amach ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de agus tú mar Theachta Dála?

Beidh muid ag seasamh lenár bpolasaithe réamhthoghcháin. Ceann de na rudaí is tábhachtaí dom féin agus rud a cheapaim atá fíorthábhachtach do mhuintir na Gaeltachta go gcuirfí Aire Sinsearach i mbun cúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge agus go dtabharfaí ar ais an toghchán do Bhord an Údaráis. Níl an ceangal chomh láidir sin idir Bord an Údaráis agus pobal na Gaeltachta anois is a bhíodh. Cinneadh frithdhaonlathach a bhí ann deireadh a chur le toghchán Bhord an Údaráis, dar liom féin. Bíonn freagracht níos mó ar an mbord freastal ar an bpobal nuair a thoghtar iad. Sin é an fáth go mbíonn toghcháin ann do na comhairlí áitiúla agus don Dáil, ceist daonlathais atá ann. Is féidir le daoine a rá leis na hionadaithe tofa cad atá ag teastáil don cheantar nuair a thoghtar iad ach i gcás bord ainmnithe, ní hamhlaidh an cás.

Fág freagra ar '‘Ní dóigh liom go bhfuil cultúr i measc na dTeachtaí Dála Gaeilge a labhairt’ – Gaeilgeoirí nua na Dála'