Ní dóigh go ndéanfaidh na Muimhnigh aon bhotún agus iad i gcoinne na nDragons

Tá na cúigí ar fad ag cur chun páirce inniu i mBabhta 3 den URC agus buntáiste an bhaile ag trí cinn acu

Ní dóigh go ndéanfaidh na Muimhnigh aon bhotún agus iad i gcoinne na nDragons

Pictiúr: ©INPHO/Tom Maher

San RDS don dara seachtain as a chéile atá Cúige Laighean agus iadsan ag cur fáilte roimh Dhún Éideann, foireann atá ocht n-áit níos airde ar thábla an URC ná foireann an bhaile, agus dhá bhua acu as dhá iarracht go dtí seo.  Mar sin féin is fiú a mheabhrú gur i gcoinne na nDragons agus na Lions, foirne atá fós ar thóir bua agus atá sách lag, a d’imir Dún Éideann an dá chluiche sin.

An deireadh seachtaine seo caite agus iad i gcoinne na Sharks, cheartaigh foireann Chúige Laighean an fíor-lagiarracht a chonaic muid uathu i mBabhta 1.  Cláraigh siad bua cuimsitheach le cúig úd. Seans go mbeidh Leo Cullen ag súil le toradh den chineál céanna arís inniu.  Beidh an lucht tacaíochta ag súil leis ar aon chaoi!

Ní dóigh go ndéanfaidh na Muimhnigh aon bhotún agus iad i gcoinne na nDragons. Seans go n-íocfaidh na cuairteoirí go daor as a gcuairt ar Chorcaigh mar go mbeidh imreoirí na Mumhan ar thóir maithiúnais de bharr an iarracht fhíorlag a rinne siad thar seachtó nóiméad as baile i gcoinne Treviso i mBabhta 2. Dhúisigh na Muimhnigh sna deich nóiméad deiridh den chluiche sin, rud a chinntigh gur chríochnaigh na foirne cothrom agus nár náiríodh iad. Is cinnte go raibh an t-ádh dearg ar Chúige Mumhan ach tá a fhios acu gur imir siad gan plean, ná sprid ná patrún. Tá lá fada i ndán do na Dragons inniu déarfainn.

Seans gur sa gcéad chluiche idirchúige den séasúr seo, cluiche a bheas á imirt ar an mBóthar Beag a bheas an tsuim is mó an deireadh seachtaine seo. Imreoidh Cúige Chonnacht Cúige Uladh, foireann atá ar comhchéim leo sa dara háit ar thábla an URC, le naoi bpointe an taobh de bharr bua sa dá chéad chluiche a d’imir siad. Seans freisin gurb í seo an tástáil is mó go dtí seo ar an dá fhoireann.

Tá an t-ádh ar na Connachtaigh gur acu atá buntáiste an bhaile den tríú huair ó thosaigh an comórtas trí seachtaine ó shin agus is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh tógáil ar an mbua iontach a bhí acu ar Ghlaschú i mBabhta 2 sula dtéann siad chun bóthair i mBabhta 4.

Maidir le Cúige Uladh is cinnte go mbeidh díoltas ar intinnacu de bharr an bhua 15-10 a fuair Cúige Chonnacht orthu i mBéal Feirste i mbabhta ceathrú ceannais an chomórtais seo ag deireadh an tséasúir seo caite. Más leo an díoltas sin a chinntiú caithfidh siad imirt níos fearr agus níos snasta ná mar a rinne siad sa gcéad dhá bhabhta, in ainneoin gur bhuaigh siad.

Sár-cluiche eile romhainn ar an mBóthar Beag!

Fág freagra ar 'Ní dóigh go ndéanfaidh na Muimhnigh aon bhotún agus iad i gcoinne na nDragons'