‘Ní dhearna mé tada as bealach’ – beag athrú ar chur chuige Trump

Níl aon aiféala ar an gcéad Uachtarán atá ciontaithe in ionsaí gnéis agus an chéad Uachtarán a ndearnadh táinseamh air faoi dhó

‘Ní dhearna mé tada as bealach’ – beag athrú ar chur chuige Trump

‘Hanky panky in a dressing room’ – sin an breithiúnas a thug iarUachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump an tseachtain seo ar an eachtra as ar tháinig a chiontú i mí-úsáid ghnéis. Dhiúltaigh sé scun scan glacadh le haon chaint ar chiontaíl, aon chaint ar a dhearcadh déistineach i leith ban ná a iompar ina leith. Bhí sé sách dona, ar bhealach, nach raibh an fear seo a bhfuil cleachtadh againn ar an mbealach atá leis sásta glacadh le haon fhreagracht as a chuid iompair, ach is amhlaidh go raibh an slua a bhí i láthair ag an ócáid san oíche Dé Céadaoin ag liúraíl agus ag béiceach lena gcuid tacaíochta dó a léiriú.

An chéad Uachtarán atá ciontaithe in ionsaí gnéis agus an chéad Uachtarán a ndearnadh táinseamh air faoi dhó. Tá sraith fiosruithe eile ag leanúint ar aghaidh agus ceaptar go gcuirfear cúiseanna ina leith idir seo agus deireadh an tsamhraidh, go háirithe maidir le toradh an toghcháin in 2020. Dhiúltaigh sé glacadh leis agus é faoi agallamh ar CNN go ndearna sé tada as bealach nuair a lorg sé vótaí breise ar Ard-Aighne Stát Georgia. Dhiúltaigh sé freisin d’aon chaint go raibh cuid den mhilleán air féin faoi chíréibeacha Eanáir 6.

Ar feadh an ama, bhí an slua ag gleo agus ag béiceach. Bhí siad ag tacú go glórach leis. Daoine a bhfuil rún acu vótáil don iarrthóir Poblachtach in 2024 is mó a bhí sa lucht féachana a bhí roghnaithe. Ba léir go bhfuil siad ag tacú go fonnmhar le Trump. Seachas dochar a dhéanamh dó is amhlaidh a tháinig ardú ar a chuid tacaíochta tar éis an bhreithiúnais gur ionsaigh sé E Jane Carroll.

Is í an cheist mar sin céard is féidir le ceannaireacht na bpoblachtach a dhéanamh? Níor chualathas mórán uathu an tseachtain seo. Déanta na fírinne tá siad idir an bád agus an balla – is deacair a shamhlú go bhfuil aon ghean mór ag na pearsana is sinsearaí sa bpáirtí ar an iar-uachtarán.

Bíodh sin mar atá, tuigeann siad go bhfuil an pobal ag tacú leis – an pobal ar thaobh na bpoblachtach den speictream polaitiúil. An bhfuil siad in ann duine a aimsiú a gheobhaidh an ceann is fearr ar Trump sna réamhthoghcháin? Tá an chuma ar an scéal faoi láthair nach bhfuil. Go dtí go mbeidh, ní bheidh de rogha acu ach é a chur chun cinn mar iarrthóir. Gheobhaidh sé tacaíocht i gcónaí ón sciar sin den phobal atá dílis dó – beidh Daonlathaigh agus daoine eile sna Stát Aontaithe ag súil go mbeidh dóthain daoine sásta vóta a chaitheamh in 2024 le nach n-éireoidh leis.

Fág freagra ar '‘Ní dhearna mé tada as bealach’ – beag athrú ar chur chuige Trump'