Ní cóir ‘glacadh’ leis an easpa dul chun cinn maidir le hAcht Teanga don Tuaisceart – Martin

Geallann Gerry Adams go n-éireoidh leis an Aire Carál Ní Chuilín Acht a thabhairt ar an bhfód “sara i bhfad” agus géilleann Seán Crowe nach comhaontú "supercalifragilisticexpialidocious" a bhí i gComhaontú Stormont

Micheal Martin. Pictiúr: Photocall Ireland
Micheal Martin. Pictiúr: Photocall Ireland

Níor cheart go mbeadh sé “mar rogha” gan Acht Teanga a thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann le linn na gcainteanna faoi Chomhaontú Stormont roimh Nollaig, dar le Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil.

Dúirt Martin sa Dáil inné nach bhféadfaí “glacadh” leis an easpa dul chun cinn maidir le hAcht Teanga a thabhairt isteach ó thuaidh.

Dúirt sé go raibh an “dealramh” ar an scéal, i bhfianaise na teipe comhaontú a fháil faoin Acht le linn na gcainteanna, gur “fada” uainn an lá go dtabharfar an reachtaíocht teanga isteach chun cosaint a thabhairt do chearta teanga phobal na Gaeilge ó thuaidh.

“Is deacair é seo a thuiscint. Bhí ról faoi leith ag údarás na bProstastúnach i dtosach na haoise seo caite maidir le caomhnú agus le hathbheochan na Gaeilge. Is deacair é a thuiscint nach bhfuil an toil ann chun Acht Teanga a chur i bhfeidhm,” a dúirt ceannaire Fhianna Fáil agus ráitis á dtabhairt sa Dáil inné faoi Chomhaontú Stormont.

Mar fhreagra ar Martin gheall Gerry Adams, ceannaire Shinn Féin, go n-éireoidh le hAire Cultúir Thuaisceart Éireann Carál Ní Chuilín Acht a thabhairt ar an bhfód “sara i bhfad”.

Dúirt an Teachta Dála ó Shinn Féin Seán Crowe gurb iad an dá Rialtas ba chúis leis an dteip comhaontú a fháil idir na páirtithe faoin Acht Teanga, atá á éileamh le fada ag eagraíochtaí teanga.

“To quote “Mary Poppins”, I do not think it is a supercalifragilisticexpialidocious agreement but it is agreement and is moving things forward which is the most important thing. However, the agreement fell short of being comprehensive because the British Government, sadly with the support of the Irish Government, refused to meet its obligations to hold an inquiry into the killing of lawyer Pat Finucane, legislate for an Irish language Act or a bill of rights or address other outstanding commitments,” a dúirt Seán Crowe, Sinn Féin.

Fág freagra ar 'Ní cóir ‘glacadh’ leis an easpa dul chun cinn maidir le hAcht Teanga don Tuaisceart – Martin'

  • CríostóirOF

    An cheart glacadh leis an easpa dul chun cinn maidir le hacht teanga ó dheas?