Ní cluiche éasca atá i ndán do Chúige Mumhan ná Cúige Laighean anocht

Beidh cuma na maitheasa ar chúrsaí do Chúige Laighean agus Cúige Mumhan má éiríonn leo an beart a dhéanamh anocht sa URC

Ní cluiche éasca atá i ndán do Chúige Mumhan ná Cúige Laighean anocht

Simon Zebo. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Anocht cuirfidh na ceithre fhoireann atá idir an dara agus an cúigiú háit ar thábla an URC faoi láthair chun páirce i gcoinne a chéile.  San RDS, beidh Cúige Laighean, foireann atá sa cheathrú háit ar an tábla, le tríocha pointe tar éis ocht gcluiche a imirt, i gcoinne Dhún Éideann, dream atá sa dara háit agus ceithre phointe chun cinn ar na Laighnigh ach cluiche breise imeartha acu go dtí seo. Is fiú a mheabhrú nár bhuaigh ceachtar den dá fhoireann seo sa gcluiche deiridh a d’imir siad sa gcomórtas seo ag deireadh mhí Eanáir ach is as baile a d’imir siad na cluichí sin.

Bainfidh Leo Cullen chuile leas as buntáiste an bhaile chomh maith leis an slua mór lucht tacaíochta agus a fhoireann ar thóir bua baile eile, rud a d’fhágfadh iad pointe nó dhó taobh thiar de na hUltaigh, foireann atá ar bharr an tábla le 36 pointe tar éis deich gcluiche.

Ciallaíonn an cluiche breise atá fós le himirt ag na curaidh go bhfuil siad in áit mhaith agus muid ag druidim le pointe leath bealaigh an chomórtais. Mar sin féin ní mór dóibh a bheith cúramach anocht.  Níl ach dhá chluiche as naoi n-iarracht caillte ag Dún Éideann.  Tá an dara háit sin ar an tábla tuillte go maith acu.

As baile, i nGlaschú a bheas Cúige Mumhan, foireann atá sa gcúigiú háit agus 29 pointe acu tar éis naoi gcluiche agus iad ag tabhairt faoi fhoireann atá dhá áit agus dhá phointe chun cinn orthu faoi láthair. Ach an oiread le Dún Éideann, tá cluiche breise imeartha ag Glaschú i gcomparáid le Cúige Mumhan, rud a chiallaíonn gur orthusan atá an brú is mó anocht. Bhí dhá bhua éasca ag an dá fhoireann seo sna babhtaí deiridh a d’imir siad sa gcomórtas seo agus ba as baile a bhí siad ag imirt.

Ní cluiche éasca atá i ndán do na Muimhnigh anocht.  Cuimhnigh chomh snasta agus a bhí Glaschú agus an greadadh 42-20 a thug siadsan do Chúige Chonnacht ar an mBóthar Beag coicís ó shin. Mar sin féin, creidim gur féidir le Cúige Mumhan brú a chur orthu, fiú más as baile atá siad. Beidh gá le sár-imirt, áfach, agus iad d’uireasa a gcuid laochra idirnáisiúnta.

Fág freagra ar 'Ní cluiche éasca atá i ndán do Chúige Mumhan ná Cúige Laighean anocht'