Tá molta ag saineolaí ar an reachtaíocht teanga go bhféachfaí an athuair ar stádas na Gaeilge sa Bhunreacht toisc nach chun leas na teanga ná cearta phobal na Gaeilge a stádas mar phríomhtheanga oifigiúil.
San eagrán is déanaí den iris dlí an Irish Jurist deir Verona Ní Dhrisceoil, léachtóir le dlí in Ollscoil Sussex, gurb é aitheantas bunreachta na Gaeilge is cúis le cuid mhór de na deacrachtaí, na dúshláin agus an paradacsa a bhaineann le cur chuige casta an Stáit i leith na teanga.
Deir an Drisceolach gur mithid anois athbhreithniú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge in Alt 8 den Bhunreacht.
“D’fhéadfaí a rá gur reifreann is fearr a thabharfadh deis do mhuintir na hÉireann machnamh agus plé a dhéanamh ar an luach atá ag an náisiún Éireannach ar an teanga agus ar ról an Stáit i leith a cosanta,” a deir Ní Dhrisceoil.
Ba chóir, a deir sí, go mbeadh aon leasú ar stádas bunreachta na Gaeilge bunaithe ar chomhionannas, ar chomhchearta agus ar chomhstádas.
Beag beann ar thoradh an reifrinn, thabharfadh an díospóireacht mhacánta i dtaobh an ábhair soiléire dúinn maidir le cearta phobal na Gaeilge agus dualgas an Stáit na cearta sin a chur ar fáil, a deir Ní Dhrisceoil.
Caitear amhras san alt chomh maith ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil oibre san Aontas Eorpach.
“D’ainneoin feachtas crua Stádas agus an stádas siombalach atá ag an nGaeilge mar theanga oibre sa Aontas Eorpach, d’fhéadfaí a argóint a dhéanamh gur cheart d’Éirinn athmhachnamh a dhéanamh ar áit na Gaeilge sa AE. Toradh amháin a d’fhéadfadh a bheith ar athbhreithniú dá leithéid ná go gcuirfí an maoiniú a chaitear ar thraenáil dlítheangeolaithe Éireannacha ar fáil ar bhealach níos tairbhí chun seirbhísí teanga a sholáthar san earnáil phoiblí in Éirinn.”
Molann Ní Dhrisceoil chomh maith go síneodh Éire an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh (an ECRML).
“Ag féachaint dúinn ar an ECRML, d’fhéadfaí cás a dhéanamh go réiteodh an díospóireacht, faoi Alt 8 agus faoi stádas na Gaeilge san AE, an bealach chun athbhreithniú a dhéanamh ar chás na Gaeilge sa Chairt.
“Dá bhfógrófaí gur teanga mionlaigh nó teanga oifigiúil neamhfhorleathan í an Ghaeilge trí shíniú agus daingniú [na Cairte], gníomh forásach a bheadh ann ó thaobh staid na Gaeilge mar atá in Éirinn a aithint.”
Áitíonn Ní Dhrisceoil go ráineodh go gcuideodh síniú agus daingniú na Cairte le cur chuige níos cuimsithí agus níos réalaíche i leith na Gaeilge, ní hamháin i gcúrsaí riaracháin ach i gcúrsaí oideachais, cultúir agus sna meáin.
Deir Ní Dhrisceoil gur botún a bhí ann stádas mar phríomhtheanga oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge sa Bhunreacht an chéad lá agus go mbeadh an Ghaeilge níos fearr as ó thaobh dlí agus stádais de dá mbeadh aitheantas tugtha di sa chuid sin den Bhunreacht a bhaineann le cearta bunúsacha.
Maíonn údar an ailt san Irish Jurist go raibh stádas na Gaeilge sa Bhunreacht ina bhac ar fhorbairt chórais ceart éifeachtach chun cearta phobal na Gaeilge a sholáthar agus a chosaint.
Deir sí go mba thrua nár phléigh an Tionól Bunreachtúil, a bunaíodh in 2012, Alt 8 den Bhunreacht agus gur cailleadh an deis an uair sin athbhreithniú a dhéanamh ar chás na Gaeilge in Éirinn fad is a bhaineann sé le réimsí an dlí, an chultúir agus na teanga.
Dar le Ní Dhrisceoil go bhfuil an doicheall céanna an teanga a aithint mar cheart in Acht na dTeangacha Oifigiúla is atá sa Bhunreacht. Cáineann sí chomh maith córas na scéimeanna teanga a tugadh isteach faoin Acht agus an dréachtreachtaíocht leasaithe i dtaobh an Achta a foilsíodh anuraidh.
B’ionann an dréachtreachtaíocht sin agus iarracht ag an Stát a dhualgas i leith na teanga a laghdú, a deir Ní Dhrisceoil ina halt ‘Antipathy, Paradox and Disconnect in the Irish State’s Legal Relationship with the Irish Language’ atá foilsithe san eagrán is déanaí den iris an Irish Jurist, an iris dlí is sine sa tír.
Donncha Ó hÉallaithe
Is breá liom go bhfuil díospóireacht réadúil tosaithe ag Verona Ní Dhrisceoil leis an alt seo. Aontaím leis an méid atá molta aici faoi Alt 8 den Bhunreacht agus faoi aithbhreithniú ar stádas na Gaeilge san Eoraip. Feictear dom go bhfuil ciall leis an abairt seo:
“Toradh amháin a d’fhéadfadh a bheith ar athbhreithniú (ar stádas Eorpach) dá leithéid ná go gcuirfí an maoiniú a chaitear ar thraenáil dlítheangeolaithe Éireannacha ar fáil ar bhealach níos tairbhí chun seirbhísí teanga a sholáthar san earnáil phoiblí in Éirinn.”
Tuairimíocht
Is dócha gurb é an tIdirlíon, agus ní an Bunreacht, a thabharfaidh an Ghaeilge slán. Agus, maidir leis an Eoraip, ní dochar ar bith, ná airgead amú ar bith, é scata dlítheangeolaithe a bheith ann ar mór acu an Ghaeilge. Beidh siadsan in ann na litreacha chuig an Irish Times a scríobh nuair a bheidh muintir na Gaeltachta féin gafa ag baint mhóna.
Seán Ó Gallchobhair
Níl aon cheangal idir na cistí chun dlítheangeolaithe a chur faoi oiliúint san AE agus an caiteachas ar sheirbhísí poiblí in Éirinn, mar sin ní léir an dóigh a bheadh moltaí dá leithéid chun leas na teanga (thar am dúinn gan a bheith ag caint faoin ‘teanga’ ach faoi Ghaeilgeoirí, níl an chosaint ná an stádas ann ar mhaithe le rud teibí amhail teanga ach ar mhaithe leis na Gaeil a labhraíonn an teanga). Níl céatadán na gcánacha a chaitear ar sheirbhís poiblí in Éirinn ná ag an AE i dtaobh seirbhísí do phobal na hÉireann thuaidh ná theas i gcomhréir le líon na nGaeilgeoirí ar an oileán ná baol air, .i. bíonn Gaeilgeoirí ag fomhaoiniú seirbhísí Béarla seachas a mhalairt. Ní faoi Ghaeilgeoirí íoc as foghlaim na teanga sna bunscoileanna don phobal i gcoitinne, dualgas bunreachtúil na mBéarlóirí é sin faoi mar atá sé ina dhualgas bunreachtúil do Ghaeilgeoirí Béarla a bheith acu. Tá níos mó daoine sna Gaelscoileanna ná riamh, mar sin bheadh sé ina ghníomh dochreidte craiceáilte dá ndéanfadh Gaeilgeoirí moladh do Bhéarlóirí nár ceart stádas iomlán cothrom a bheith againn. Ní ábhar ‘díospóireachta’ é seo ach ionsaí follasach ar ár gcearta agus ar ár seasamh sa tsochaí in Éirinn agus san Eoraip. Ní fhéadfadh sé a bheith níos fearr stádas na teanga, ár stádas mar Ghaeilgeoirí, a laghdú ó theanga náisiúnta go stádas mionteanga neamhfhorleathan. Má cheapann éinne go bhfuil a leithéid ina dhea-smaoineamh; lig dóibh an ‘díospóireacht’ chéanna a thionscnamh go poiblí faoi stádas bunreachtúil nó cearta sibhialta eile i dtaobh ábhar ar bith eile lenar bhain streachailt ar son comhionannais, m.sh samhlaigh ‘díospóireacht’ faoin bhféidearthacht an t-airgead a chaitear ar chearta vótála na mban a atreorú chun tuilleadh maoinithe a thabhairt le haghaidh, abairimís, seirbhísí do theaghlaigh aon-tuismitheora nó chun rannpháirtíocht na mban sa lucht saothair a uasmhéadú, agus lig dóibh a áitiú go mbeadh sé níos fearr do mhná stádas a bheith acu sa Bhunreacht mar aicme speisialta seachas mar shaoránaigh, i bhfocail eile…’díospóireacht’ atá go hiomlán maslach, mí-réasúnta agus gearr-radharcach. Chonaic mé feachtas inné ar son Gaelscoile nach bhfuil ceadaithe go fóill agus lucht an fheachtais ag maíomh go bhfuil tacaíocht ó thuismitheoirí 733 páistí ann don scoil sin, cuir i gcomparáid go bhfaca mé suirbhé inné fosta i dtaobh ár ndeartháireacha gaelacha in Albain agus é mar sprioc acu líon na bpáistí ag tabhairt faoi oideachas lán-Ghaeilge a mhéadú ó 400 daltaí go 800 daltaí in aghaidh na bliana don tír ar fad….don tír ar fad, is mór an difear idir sin agus 733 daltaí in aon Gaelscoil amháin i mBÁC. Ná laghdaímis ár gcearta ná ár stádas féin!
Seán Ó Gallchobhair
…..Níl céatadán na gcánacha a chaitear ar sheirbhís poiblí trí Ghaeilge in Éirinn ná ag an AE i dtaobh seirbhísí trí Ghaeilge do phobal na hÉireann thuaidh ná theas i gcomhréir le líon na nGaeilgeoirí….
Colmán
Tá an an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh i bhfeidhm sa Tuaisceart agus in Albain, mas ea. Is ar éigin go bhfuil oideachas ar bith trí Gaidhlig ar bith i nGaeltacht na hAlban. Agus amharc an neamart atá á dhéanamh ar an teanga sa tuaisceart áit a shéan breitheamh ardcúirte gur gá an Chairt Eorpach a chur i bhfeidhm sa tuaisceart toisc nach raibh sí reáchtaithe ag rialtas Stormont. Má tá sibh ag iarraidh fáil amach cad é a tharlóidh don Ghaeilge gan stádas oifigiúil ní gá daoibh taisteal ró-fhada ón bhaile. Cad é a tharla do Ghaeltacht Ard Mhacha, Thír Eoghain, Dhoire, Reachlainne, Glinntí Aontroma? Cad é a tharla do na Gaeltachtaí móra ar mhórthír na hAlban? Cad chuige nach bhfuil ach dhá Ghaelscoil dara leibhéal ann sa tuaisceart? Cad chuige nach múintear na hábhair trí Ghaidhlig in Ard-Scoil Stornaway? I gcead do Verona Ní Dhrisceoil níl na fíricí ag teacht lena tuairim?
Ciarán Dunbar
Ní fiú faic an Chairt mar is léir ón Tuaisceart.
Artúr
Is é an t-alt 8 an bac is mó chun teanga a neartú. Tá sé thar am an t-alt 8 a scrios go deo nó é a leasú go mbeidh stádas cothrom idir teangacha na hÉireann. Bhí “right of the child” againn agus “marriage equality” againn, anois caithfear daoine cliste i measc pobal na nGael brú mór a chur ar an rialtas, nó Fianna Fáil nó Sinn Féin agus reifreann a chur os comhair saoránaigh na hÉireann dar teideal “referendum for language equality”. Ba cheart na habairtí san alt 8 a scrios go hiomlán agus an líne mar seo in áit.
Irish and English are the official languages of the state and have equal status.
Is iad Gaeilge agus Béarla teangacha oifigiúla na hÉireann agus tá stádas comhionann leo.
Sin an tús