Ní chuirfidh fógra Craughwell ‘isteach ná amach’ ar chinneadh Uí Chéidigh faoi rás an Árais

Tá an Seanadóir neamhspleách agus fiontraí as an Spidéal i nGaeltacht Chonamara Pádraig Ó Céidigh fós i mbun machnaimh faoi ainmniúchán a lorg do thoghchán na huachtaránachta

Ní chuirfidh fógra Craughwell ‘isteach ná amach’ ar chinneadh Uí Chéidigh faoi rás an Árais

Padraig O Ceidigh. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Beidh cúpla seachtain eile ann sula ndéanfaidh an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh a chinneadh faoina bheith ina iarrthóir do thoghchán na huachtaránachta.

Níl aon iarratas déanta go fóill ag an Seanadóir Ó Céidigh ar thacaíocht ó aon Chomhairle Contae maidir le hainmniúchán don toghchán agus deir sé gur chóir do na húdaráis áitiúla fanacht go dtí Meán Fómhair féachaint cé hiad na hiarrthóirí ar fad a bheidh ag lorg tacaíochta uathu.

Tá an chéad deis á tabhairt ag Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge d’iarrthóirí uachtaránachta cur i láthair a dhéanamh agus ainmniúchán á lorg don toghchán uachtaránachta ag cruinniú de chuid na Comhairle a bheidh ar siúl ar an 31 Iúil.

D’fhógair an Seanadóir neamhspleách Gerard Craughwell inné nach bhfuil sé ar intinn aige seasamh don toghchán.

Dúirt Pádraig Ó Céidigh nach gcuirfidh an fógra sin isteach ná amach ar a chinneadh féin. Mhol sé an Seanadóir Craughwell as tús a chur le “díospóireacht thábhachtach” faoi cé acu ar cheart nó nár cheart toghchán a bheith ann don uachtaránacht.

Tá an Seanadóir neamhspleách agus fiontraí as an Spidéal i nGaeltacht Chonamara ar dhuine de na daoine atá á lua leis an toghchán uachtaránachta. I measc

na ndaoine eile atá á lua leis an toghchán, tá an Seanadóir Joan Freeman, an t-ealaíontóir Kevin Sharkey, an fear gnó Gavin Duffy agus an tráchtaire Noel Whelan.

Tá Fianna Fáil agus Fine Gael araon ag tacú leis an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn a bhfuil an dara téarma ag teastáil uaidh, ach tá sé i gceist ag Sinn Féin iarrthóir a roghnú chun dúshlán an uachtaráin a thabhairt.

Tá polaiteoir Gaeltachta eile á lua le hainmniúchán Shinn Féin, an Feisire Eorpach as Gaeltacht Chorcaí, Liadh Ní Riada. Níl sé curtha as an áireamh ag Ní Riada go seasfadh sí sa toghchán.

Fág freagra ar 'Ní chuirfidh fógra Craughwell ‘isteach ná amach’ ar chinneadh Uí Chéidigh faoi rás an Árais'