Cuireadh chun cur i láthair tugtha ag Comhairle Phort Láirge d’aon duine a bhfuil spéis acu in ainmniúchán d’uachtaránacht na tíre

Comhairle Phort Láirge is túisce chun deis a thabhairt d’iarrthóirí ainmniúchán údaráis áitiúil a lorg do thoghchán na huachtaránachta

Cuireadh chun cur i láthair tugtha ag Comhairle Phort Láirge d’aon duine a bhfuil spéis acu in ainmniúchán d’uachtaránacht na tíre

Tá an chéad deis á tabhairt ag Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge d’iarrthóirí uachtaránachta cur i láthair a dhéanamh agus ainmniúchán á lorg don toghchán uachtaránachta ag cruinniú ar an 31 Iúil.

Fágann fógra na Comhairle go mbeidh eolas ar fáil go luath faoi cé hiad na daoine ar mhian leo seasamh sa toghchán le tacaíocht ó údarás áitiúil.

Chun ainmniúchán a fháil do thoghchán uachtaránachta is gá d’iarrthóir ainmniúchán a fháil ó cheithre chomhairle áitiúil ar a laghad, nó ó scór ball den Oireachtas.

Dúirt an Comhairleoir neamhspleách Joe Kelly, a mhol an rún go dtabharfaí deis d’iarrthóirí iad féin a chur chun cinn gur cheart “tacú leis an phróiseas daonlathach”.

“Ní bhíonn toghchán uachtaránachta againn ach gach seacht mbliana, ar a mhéid, agus creidim gurb é sin an rud ceart le déanamh,” a dúirt Kelly.

Dúirt an Comhairleoir de chuid Sinn Féin John Hearne, a thacaigh leis an rún, go raibh sé “de cheart” ag an phobal an deis a bheith acu vóta a chaitheamh don uachtarán.

Idir an dá linn, tá ráite ag Ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, go bhfuil machnamh fós á dhéanamh ag an pháirtí faoina rogha iarrthóra.

I measc na ndaoine atá á lua mar iarrthóir do Shinn Féin, tá an feisire Eorpach Gaeltachta Liadh Ní Riada agus an ball tionóil d’Fhear Manach agus Tír Eoghain Theas, Michelle Gildernew. 

Is é an 26 Iúil an dáta deiridh ar féidir iarratas a chur isteach chuig Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ar chur i láthair a dhéanamh ag an chruinniú ag deireadh na míosa seo.

Cur i láthair  30 nóiméad a bheidh le déanamh os comhair bhaill na Comhairle Cathrach agus Contae.

I bhfeachtas na huachtaránachta in 2011, thacaigh Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge le hiarratas an tSeanadóra David Norris ar ainmniúchán.

Fág freagra ar 'Cuireadh chun cur i láthair tugtha ag Comhairle Phort Láirge d’aon duine a bhfuil spéis acu in ainmniúchán d’uachtaránacht na tíre'